D’fhág mé slán leat ar an ardán
“Feicfidh mé thú Dé Luain,” a dúirt tú le spraoi
Do shúile ag lonrú i dtaitneamh gréine
Is do ghruaig fhada ar crochadh sa ghaoth

Tá ráithe caite agam gan tusa
Íospartach uaigneach tíreolaíochta
Tá fonn orm bheith leat
ag siúl le chéile ag bruach an locha

Nuair atá an cogadh in aghaidh an ghalair ghránna seo thart,
Feicfidh mé thú arís, a chailín an iarthair