D’oscail mé mo shúile, ach fós ní raibh mé in ann aon rud a fheiceáil. Chaith an ghaoth mo chuid gruaige siar. Nuair a mhothaigh mé an ghaoth, thug mé faoi deara cé chomh fuar is a bhí mé. Ní raibh mé fuar toisc go raibh an t-aer fuar, bhí mé fuar toisc go raibh an ghaoth ag séideadh ar mo chraiceann fliuch. Bhí saghas feanntachta sa ghaoth. Shíl mé i dtús báire gur báisteach a bhí ann, ach mhothaigh m’aghaidh saghas salach. Nuair a d’oscail mé mo bhéal, bhlais mé an salann agus thug mé faoi deara gur cois farraige a bhí mé.

Chuir mé mo lámh i mo phóca agus d’aimsigh mé lastóir. Chas mé ar siúl é. Go mall, chuaigh mo shúile i gcleachtadh ar an dorchadas agus píosa ar phíosa, bhí mé in ann cruthanna aite a fheiceáil timpeall orm. Tar éis tamaill, thug mé faoi deara gur leaca uaighe a bhí iontu.

Chuir mé solas mo lastóra i dtreo ceann do na leaca.

“Darragh O’Keeffe
1998-2019
Ar dheis lámh Dé go raibh a anam”

Lig mé béic asam. D’fhéach mé ar an leac uaighe ar mo thaobh clé agus dúirt sé an rud díreach céanna, chomh maith leis an gceann ar dheis. Thóg mé coiscéim amháin chun tosaigh ach chomh luath is a d’ardaigh mé mo chos, tháinig na céadta, mílte francach ag rith amach as m’uaigh. Thosaigh mé ag rith ach tar éis cúig chéim, thit mé isteach in uaigh fholamh. Thosaigh an uaigh ag líonadh go tapaigh le francaigh. Ní raibh mé ábalta fiú iarracht a dhéanamh dreapadh amach – bhí an iomarca de na diabhal creimirí. Sula raibh a fhios agam, bhí an uaigh lán. Agus go tobann, cosúil le draíocht, bhí an reilig ciúin agus dorcha arís. Gach leac ag rá an rud ceannann céanna, seachas an ceann deireanach:

“Darragh O’Keeffe
1998-2020
Ar dheis lámh Dé go raibh a anam”