Ó, an pháirc pheile,
Braithim uaim í.
Mo chairde go léir,
‘S muid ag ciceáil thart.

An t-aon áit ar domhan,
Nach mbíonn cíos, cás ná cathú orm.
Áit ina bhfuil mé in ann éalú
Ó strus agus brú an tsaoil.

Craic agus spraoi,
Le mo chairde uilig.
Ag traenáil chuile sheachtain,
Ag ullmhú don chraobh.

An oilithreacht sheachtainiúil,
Chuig an bpáirc ag ceann an bhealaigh.
Bróga peile, cosaint fiacla agus lámhainní
Sa mhála liom.

“An Talamh Naofa” a ghlaoitear uirthi,
Agus cúis mhaith leis sin.
Ó, an pháirc pheile,
Tá sí i mo chroí.