D’éirigh an ghrian os cionn na gcnoc agus bhí an ghrian ag scaladh trí na crainn. Bhain ceol na néan macalla as na coillte. Mhothaigh Bláithín teas na gréine ar a haghaidh. Chuimil sí an codladh as a súile. Shín sí í féin, bhí cor ina muineál nuair a dhúisigh sí. Bhí leaba de shaghas éigin déanta aici as duilleoga tite ar thalamh na foraoise.

“A leithéid de chur amú ama!” a dúirt sí léi féin faoina hanáil. “Ní fhaca mé tada!”.

Sheas sí suas agus scuab sí na duilleoga dá cóta lena lámh.

“Tá sé in am agam dul abhaile,” ar sise de chogar.

Phioc sí suas an leabhar ársa lena leathanaigh bhuí. Bhí díoma an domhain uirthi. Lig sí osna dhomhain aisti.

“Caithfidh sé nár thuig mé an scéal i gceart…” arsa Bláithín trína fiacla agus chaith sí uaithi an leabhar. Díreach ansin, chuala sí torann.

“Ouch!” arsa glór beag. Rinneadh staic de Bhláithín. Níor bhog sí ar feadh tamaill.

“Cé atá ann?” a bhéic sí faoi dheireadh i dtreo an ghlóir.

Ach ní bhfuair sí freagra ar bith. Ní raibh ach ciúnas iomlán ann. Bhí a fhios aici go raibh duine éigin i bhfolach sna sceacha. Mhothaigh sí ina cnámha é. Phioc sí suas cloch agus chaith sí í, sa treo céanna a chaith sí an leabhar. Chuala sí rud éigin, bhí sí cinnte. Phioc sí tuilleadh cloch suas agus chaith siad iad arís agus arís eile.

“As ucht Dé, éirigh as!” arsa an guth, le teann feirge.

“Tar amach agus stopfaidh mé!” a d’fhreagair sí go bagrach. Bhí cloch eile ina lámh aici.

“Nach ndúirt éinne leat go bhfuil sé drochbhéasach cloch a chaitheamh?!”

Leath an dá shúil uirthi. Níor chreid sí an rud a bhí roimpi. Chuimil sí a súile le díchreideamh. Sheas Bláithín ag stanadh air le hiontas agus a béal oscailte.

“Agus nach ndúirt éinne leat go bhfuil sé drochbhéasach a bheith ag stánadh freisin?” ar sé, a dhá lámh trasna ar a chéile aige.

Ní raibh sí in ann é a chreidiúint. Ní raibh bréag sa leabhar – fíorscéal a bhí ann. Díreach os a comhair, ag labhairt léi, bhí greimlin bheag.