Dia duit! Dia duit! DIA DUIT!!! Tá mé thíos anseo! An bhfuil tú in ann mé a chloisint? Ní bhíonn sé ag éisteacht liom ar chor ar bith. Táim bréan de seo. Bím fágtha sa bhosca bróg an t-am ar fad. Ó, tá brón orm, níor chuir mé mé féin in aithne daoibh.

Is mise Barry Bróg. Is bróg reatha mé. Is le Conor de Brún mé. Níor caitheadh mé le bliain, trí mhí agus seacht lá. Breithlá Phádraig Mhic Liam a bhí ann. Is cuimhin liom an lá go soiléir. Tá mé anseo sa bhosca bróg ó shin i leith. An bhfuil rud éigin cearr liom? An bhfuil aon rud déanta agam air?

Anois ní chaitheann sé ach na brógaí is nua ón siopa Adidas. Níl a fhios agam cad a fheiceann sé iontu. Sea, tuigim go bhfuil siad glan, an dath bán le feiceáil i ngach áit, lógó mór orthu agus bíonn siad á gcaitheamh ag an réalt sacair Lionel Messi, ach fós ní thuigim é. Bhí mise mar an gcéanna leis na brógaí sin uair amháin. Mé féin agus mo chara Benny Bróg. Bhí muid ar na brógaí is mó a thaitin le Conor. Chuaigh muid gach áit le Conor.

An pháirc pheile, an t-ionad siopadóireachta agus fiú go dtí Disneyland sa Fhrainc. Níl Benny feicthe agam le fada an lá, ach tá plean agam chun é seo a athrú ag tosú inniu…