An bhfaca tú mo Shéamuisín?
Níl tuairim dá laghad agam faoi,
B’fhéidir go bhfuil síos an boithrín
Níl sé ach beagnach a naoi
An bhfaca tú mo Shéamuisín?
Tá a chuid dinnéir réidh,
Nuair a fheicfidh mé mo Shéamuisín
Maróidh mé é!
An bhfaca tú mo Shéamuisín?
Tá sé in am dó dul a luí.
Tá seans go bhfuil sé le hAoibhinn
Ag caitheamh a gheansaí bhuí.
An bhfaca tú mo Shéamuisín?
Táim iontach buartha faoi.
An mbeadh sé ag caitheamh toitín?
Ní bheadh! Níl sé ach beagnach a naoi.
An bhfaca tú mo Shéamuisín?
Chonaic mé é sa pháirc.
An bhfuil sé ag imirt le cailín?
Níl! Tá sé ansin le Marc!
Ó mo Shéamuisín.