Labhair Scríbhneoir Cónaithe 2020 DCU Ciara Ní É le Rónán Ó Dálaigh, príomhfheidhmeannach an chomhlachta Thriftify. Tá an comhlacht, a nascann siopaí carthanachta le custaiméir ar líne, ag dul ó neart go neart ó bhunaigh Rónán é in 2018 agus i mbliana fuair Thriftify infheistíocht €500,000 leis an ngnó a fhás go hidirnáisiúnta. Tá Rónán mar chathaoirleach ar Na Gaeil Óga freisin, agus tá baint nach beag aige le Extinction Rebellion. Rinne Rónán staidéar ar Ghnó agus Gaeilge le Fiontar & Scoil na Gaeilge DCU.

€500,000! Comhghairdeas leat, a Rónáin.

Míle buíochas! Táimid ar bís dul i mbun oibre. Tá sé an-deas nuair a roinneann daoine an fhís atá agat, ár mbuíochas leis na hinfheisteoirí.

Tá cos leat i ngort na timpeallachta agus an ceann eile i ngort na fiontraíochta. Go leor den am shílfeá go dtéann saol an ghnó i gcoinne na timpeallachta?

Is cinnte go dtéann. Mar shampla is iad na comhlachtaí móra atá lochtach as an gcliseadh aeráide atá ar siúl faoi láthair. Cur i gcás, na comhlachtaí móra ola Shell agus BP; bhí a fhios acu faoin dochar a bhí siad á dhéanamh sna seascaidí ach lean siad ar aghaidh toisc an brabús. Ach níl ansin ach samhail amháin den fhiontraíocht, agus samhail ar theip air go mór. Ar an lámh eile, tá fiontair ann a oibríonn. Na comharchumainn, na fiontair shóisialta, is go leor eile. Is féidir leis an ngnó dea-thionchar a imirt ar an domhan má chuirtear cearta aeráide agus oibrithe chun tosaigh, seachas brabús marfach. Tá spéis agamsa samhail ghnó mar sin a chur chun cinn - samhail atá go maith don domhan. Is bréag iomlán é gur gá dúinn ligean leis na corparáidí móra a rogha rud a dhéanamh agus gur iadsan na samplaí is fearr - a mhalairt atá fíor. Tá Amazon, Facebook, agus Apple ar na heagraíochtaí is measa dá bhfaca muid le fada an lá.

Ar imir do thréimhse in DCU tionchar ar dothuairimí ina thaobh sin?

Cinnte, bhí deis iontach agam san ollscoil an tuiscint a bhí agam ar an tsochaí, an eacnamaíocht, agus an fhiontraíocht a fheabhsú go mór. Bhí mé an-ghníomhach in aontas na mac léinn agus san fhiontraíocht shóisialta agus thuig mé den chéad uair go raibh sé indéanta an tsochaí agus an domhan a athrú go mór i mbealach dearfach. Eispéireas amháin a chuir go mór leis sin ná mo thaithí ar INTRA (INtegrated TRAining, clár intéirneachta DCU atá ar an bhfód le níos mó ná tríocha bliain anuas), agus mé ag obair i gcomhlacht mór idirnáisiúnta ar feadh bliana. Roimhe sin cheap mé gur ghá dul isteach sna corparáidí móra is iarracht a dhéanamh iad a fheabhsú is a athrú. Ach le linn mo thaithí ann ba léir dom gur chuma leo faoi rud ar bith seachas airgead a thuilleamh. Ní mar sin atá an saol, níl sé go maith don anam nó don tsochaí.

Cad é an rud is fearr a d’fhoghlaim tú ar an ollscoil?

Go raibh cead agam mo rogha rud a dhéanamh le mo shaol. Ar an meánscoil mhothaigh mé brú seafóideach dul ar an ollscoil, post maith a fháil, agus éirí as aon rud conspóideach. N’fheadar an mar sin atá i scoileanna eile, ach tá brú ann go forleathan go háirithe do dhaoine óga gan aon rud as an ngnáth a dhéanamh. Ar an ollscoil chonaic mé go raibh go leor daoine ag diúltú dó sin agus ag déanamh rudaí cruthaitheacha, fiontracha, agus gach saghas rud eile.

Cad é an rud is tábhachtaí atá foghlamtha agat ó d’fhág tú an ollscoil?

Ná déan aon rud i d’aonar. Thosaigh mé mo chéad ghnó tar éis na hollscoile agus tuigim anois gurb é an botún is mó a rinne mé ná é sin a dhéanamh gan foireann. I ngach réimse saoil tá tábhacht le foirne, agus is fíor é sin i saol an ghnó. Caithfidh tú brath ar dhaoine eile sa saol agus bhí sé de cheart agam é sin a dhéanamh ón tús, seachas fanacht chun foireann a chur le chéile i mo thograí éagsúla.

An bhfuil aon chúis ar leith gur thosaigh tú Thriftify?

Sea, is fuath liom mo chuid airgid a thabhairt d’eagraíochtaí nach dtaitníonn liom. Cinnte, is féidir liom dul ar líne agus aon rud gur mian liom a cheannach láithreach, beidh sé saor agus tiocfaidh sé chugam go sciobtha. Milltear an t-eispéireas sin dom, áfach, nuair a ritheann sé liom go bhfuil mé ag tacú le heagraíocht atá ag scriosadh an domhain, ag caitheamh go holc lena n-oibrithe, agus araile. Theastaigh uaim rogha a bheith agam siopadóireacht a dhéanamh ar líne le heagraíochtaí atá ag déanamh obair mhaith, a bhfuil earraí inmharthana acu, agus nach ndéanann léirscrios don timpeallacht. Mar sin, bhunaigh mé Thriftify, siopa carthanachta ar líne.

Cén fhís atá agat do thodhchaí Thriftify?

Siopaí carthanachta a cheangail le daoine ar cuma leo. Tá na billiúin earraí dara láimhe sna siopaí carthanachta agus is iad an fhoinse is mó den fhaisean inmharthana. An fhís atá againn ná go mbeidh Thriftify mar an phríomh-áis dóibh siúd atá ag lorg rogha eiticiúil, inmharthana, agus spraíúil.

Cad é an plean anois agus an infheistíocht mhór seo faighte agaibh?

Fás! Táimid ag earcú níos mó daoine don fhoireann agus ag dul isteach i margadh an Ríocht Aontaithe. Táimid ag labhairt freisin le heagraíochtaí i Meiriceá agus sa Ghearmáin. Idir seo agus deireadh na bliana seo chugainn táimid ag iarraidh a bheith deich n-oiread chomh mór is atá muid faoi láthair, agus muid ag scaipeadh an dea-scéil faoin mbealach inmharthana seo siopadóireacht a dhéanamh!

Thosaigh tú le DCU deich mbliana ó shin. Cén chuimhne is mó - maith nó olc - a sheasann amach duit ó shin?

Ag damhsa i m’árasán campais le slua iontach cairde ag cóisir tar éis na scrúduithe deireanacha. Níl an ollscoil éasca - idir scrúduithe, brú airgid, agus deacrachtaí dul in aibíocht, is am deacair é. Bhain mé an-chraic as an gcóisir sin toisc gur thuig mé go raibh an dúshlán sáraithe againn, le chéile!

Is léir go bhfuil tú paiseanta faoin timpeallacht. An féidir leis an ngnáthdhuine aon tionchar a imirt?

Is féidir, agus caithfidh siad! Ní dóigh liom go dtuigeann daoine cad atá os ár gcomhair mura nathrófar cúrsaí. Ceaptar nach dtarlóidh an cliseadh le linn ár saol, nó go gcumfaidh Bill Gates píosa teicneolaíochta go tobann a shábhálfaidh sinn. Raiméis, ar an drochuair. Tá an aeráid ag titim as a chéile mórthimpeall orainn cheana féin. Sna blianta amach romhainn, idir seo agus 2050 fiú, tá gach seans ann go mbeidh gorta ollmhór san Eoraip mar gheall ar theip leanúnach ar na príomhfhoinsí bia de dheasca drochaimsire. Anuraidh tháinig titim 30% ar an méid bia a rinneadh san Eoraip ach toisc go raibh go leor bia stóráilte againn ní raibh sé sa nuacht fiú. Má tharlaíonn sin cúpla bliain as a chéile, agus tarlóidh, beidh ganntanas mór bia ann. Nuair a thagann na sluaite móra le chéile titeann rialtais agus athraítear polasaithe. Tá an chumhacht againn é sin a bhaint amach. Caithfidh an gnáthdhuine tosú ar an stocaireacht agus feachtasaíocht anois beag!

Anois, cúpla ceist ghasta… Cé hé nó hí do laoch?

Karl Marx!

Cad é an mhaoin is ansa leat dá bhfuil agat?

An domhan seo ar a bhfuil seilbh bheag ghasta agam.

Cad é an gaisce is mó atá bainte amach agat i do shaol?

Tá mé sásta ó lá go lá! Nuair a bhí mé níos óige chuir mé béim ar dhuaiseanna agus aitheantas, ach is cuma faoi aon rud mar sin mura bhfuil tú ag baint craic as na laethanta agat atá ar an saol.

Cad é an tréith is fearr ionat?

Déanaim iarracht a bheith fírinneach... Is deacair an fhírinne a rá uaireanta ach is é an rud is fearr i gcónaí a bheith fírinneach, leat féin go háirithe.

Agus an tréith is measa?

Táim ceanndána. Nuair atá mé cinnte faoi rud éigin ní bhíonn mórán foighne agam éirí as.

Cad é do mhana saoil?

‘Cruthaíonn machnamh fios.’ Nuair nach bhfuil mé cinnte faoi rud ar bith déanaim iarracht dianmhachnamh a dhéanamh, agus leis sin tagann fios agus freagra.