Tá taighde ar siúl agam ar mhion-logainmneacha in dhá bharúnacht darb ainm Uíbh Fhailí Thoir agus Uíbh Fhailí Thiar. In ainneoin an méid atá sna hainmneacha sin, tá an dá bharúntacht seo in iarthar Chontae Chill Dara, ar an teorainn le Contae Uíbh Fhailí agus Contae Laoise. Dúiche stairiúil ab ea Uíbh Fhailí, a chlúdaigh cuid mhaith de Chontae Uíbh Fhailí mar atá inniu, cuid de Chontae Laoise agus an dá bharúntacht seo i gContae Chill Dara, agus is é an dúiche stairiúil sin a thug an t-ainm sin dóibh. Aonaid stairiúla riaracháin a bhí sna barúntachtaí seo nach bhfuil mórán feidhme bainte astu sa lá atá inniu ann, ach úsáidtear iad go minic i dtaighde ar logainmneacha chun an ceantar taighde a theorannú. Clúdaíonn an ceantar atá i gceist anseo ceantar réasúnta mór suite mór-thimpeall ar Bhaile Chill Dara, ar an gCurrach, ar Mhainistir Eimhín agus ar Rath Iomgháin.

Is éard atá i gceist le mion-logainmneacha, ná logainmneacha nach bhfuil aitheantas oifigiúil acu de réir chóras riaracháin an stáit. Samplaí de na cineálacha gnéithe a bhíonn i gceist leo ná ainmneacha páirceanna, toibreacha, crosbhóithre, sruthán, portach agus cnoc. Toisc an stádas atá ag ainmneacha oifigiúla (ainmneacha cosúil le bailte fearainn, bailte agus contaetha, cuir i gcás), bíonn siad in úsáid mar sheoltaí agus iad ar eolas ag formhór na ndaoine. Dá réir sin, cuirtear na hainmneacha sin ar aghaidh ó ghlúin go glúin. I gcás mionainmneacha, áfach, is minic nach mbíonn siad ar eolas ach ag dornán beag daoine sa cheantar áitiúil.

Ní fíor é sin i gcónaí ámh. Baineann ceann de na mionlogainmneacha atá idir lámha agamsa le háit cháiliúil ar an gCurrach, a bhfuil ainm na háite ar eolas ag daoine go forleathan, sa cheantar áitiúil agus timpeall na tíre ar fad. Is log é an áit seo, atá mar a bheadh amfaitéatar nádúrtha ann. Mar gheall ar an gcruth seo a bheith ar an áit, reáchtáladh troideanna dornálaíochta ann sa 18ú agus sa 19ú haois. Bhíodh na sluaite ag bailiú le chéile ann ó cheann ceann na tíre le haghaidh na n-ócáidí sin. Throid an dornálaí cáiliúil as Baile Átha Cliath, Dan Donnelly, ar an láthair cúpla uair ag tús an 18ú haois. Bhí bua iomráiteach aige ar an Sasanach Tom Hall ar an 14 Meán Fómhair 1814, agus faoin am go raibh an dara troid aige san áit i gcoinne Sasanach eile, George Cooper, troid a bhuaigh an Baile Átha Cliathach, ba é Donnelly’s Hollow an t-ainm a bhí ar an áit i measc an phobail, agus is ea ó shin i leith. Ar an suíomh anois tá leac in ómós do Donnelly agus tá an lorg a d’fhág a chosa agus é ag siúl i dtreo láthair an troda (mar dhea!) le feiceáil go soiléir ann.

San ainm Donnelly’s Hollow thuas, tugtar léargas spéisiúil dúinn ar imeacht stairiúil a tharla breis agus 200 bliain ó shin, agus nuair a chloistear an t-ainm tugtar ar ais go dtí an t-am sin muid, go pointe áirithe. Is fíor é sin i gcás gach logainm, ach in amanna is beag eolas atá againn faoin stair sin taobh amuigh den ainm, agus go deimhin, is minic gurb é an t-ainm féin an t-aon rian atá fágtha den imeacht stairiúil, duine, gné, nó cibé rud eile a thug ainm don áit.

Mír as Bailiúchán na Scol
Bailiúchán na Scol: Imleabhar 0778, Leathanach 081

Tá sé seo soiléir ó ainmneacha na bpáirceanna Shanrelig (An tSeanreilig) agus Religeens (An Reiligín) atá suite ar an mbóthar idir Ráth Iomgháin agus Mainistir Eimhín. Dá bhfeicfeadh duine na páirceanna sin anois, ní bheadh a dhath le tabhairt faoi deara fúthu le hais na bpáirceanna eile atá timpeall orthu. Páirc eile lán cruithneachta, gan rian de reilig nó eaglais nó a leithéidí sin anois, ach léiríonn na hainmneacha seo gurbh ann dóibh fadó. I gcás na Seanreilige, tá tagairtí don áit i gcáipéisí stairiúla ag dul siar chomh fada leis an 17ú haois, agus léirítear i mBailiúchán na Scol, foinse béaloidis ó na 1930idí, go raibh an áit in úsáid mar ‘chillín’, áit a gcuirfí leanaí gan baiste, agus tá cuimhne ag muintir na háite go fóill ar an nós seo, nós a chuaigh ar aghaidh go dtí an 1950idí, nó níos deireanaí ná sin fiú. I gcás An Reiligín, ámh, is cosúil gurb é an t-ainm seo an t-aon rian atá fágtha de cibé láthair eaglasta a bhí san áit fadó, agus is eolas fíorluachmhar é sin.

Ní léirítear thuas ach cuid bheag de na rudaí ar féidir tuiscint agus léargas a fháil orthu ach taighde a dhéanamh ar mhionlogainmneacha. Thar rud ar bith eile tugann na hainmneacha seo eolas dúinn faoin gcaoi ar chaith gnáthdhaoine a saol san am atá thart, faoin teanga a labhair siad, agus faoin gcaidreamh a bhí acu leis an tírdhreach mórthimpeall orthu. Tá eolas ar na rudaí seo réasúnta gann i bhfoinsí stairiúla, agus mar sin, is fiú go mór taighde den chineál seo a dhéanamh, agus, ós rud é nach maireann cuid de na hainmneacha seo ach i mbéal an phobail amháin, tá práinn ar leith ag baint leis na hainmneacha seo a bhailiú sula ligfear i ndearmad iad.