Tá daoine ar an saol seo de gach uile shaghas. Is deacair uaireanta ionbhá a bheith agat le daoine eile, go háirithe nuair atá a gcuid mianta an-difriúil le do mhianta féin. Is féidir le roinnt daoine maireachtáil gan a bheith ag smaoineamh mórán faoi thuairimí dhaoine eile, agus do dhaoine eile déanann siad a gcinntí ar fad bunaithe ar an tslí a mbreathnaíonn daoine eile ar a gcuid gníomhartha. Baineann sé seo le déagóirí agus daoine óga go ginearálta, go háirithe agus iad ag baint úsáide as na meáin shóisialta. Tá a fhios agam go raibh mise sa chás céanna ar feadh na mblianta. Ní bhím ag cuartú an méid céanna sásaimh ó dhaoine eile a thuilleadh, ach tá giota de fós ann. Mar sin féin, ba mhaith liom cúpla pointe comhairle a chur ar dhaoine maidir le húsáid na meán sóisialta sa dóigh is nach mbraitheann siad ar thuairimí dhaoine eile an oiread céanna:

  1. Ar dtús is féidir cabhair an-mhór a thabhairt duit féin trí do leathanaigh ar na meáin shóisialta a ‘ghlanadh’ beagán. An rud a rinne mé féin ná go bhfuair mé réidh le cuid mhór de na ‘cairde’ a bhí agam ar Snapchat. Bhí mé ag caitheamh an iomarca ama ag féachaint ar scéalta dhaoine eile nach raibh ag cur ar chor ar bith le mo shaol. Bhí mé buartha ar dtús go mbeadh na daoine sin ag smaoineamh an iomarca faoi, ach tar éis tréimhse caite, tar éis roinnt acu a fheiceáil taobh amuigh de na meáin shóisialta, ba léir nár chaith siad mórán ama ag smaoineamh air!
  2. Úsáid na meáin shóisialta mar liosta teagmhálaithe go pointe. Smaoinigh ar na daoine a bhfuil d’uimhir fóin acu nó a mhalairt. Daoine lena mbíonn tú ag labhairt go rialta, nó daoine gur féidir leat labhairt leo ar líne go tobann gan iad a bheith ag smaoineamh cén fáth. An gá duit fós bheith i do ‘chara’ leis an duine sin a raibh tú ag cóisir leo blianta ó shin, gan aon teagmháil idir an dá linn? An bhfuil tú ag súil le labhairt leis/léi go luath? Déarfainn nach gá duit iad á leanúint ar achan suíomh. Coimeád an cainéal ar oscailt leo ar Facebook má tá tú ag iarraidh, agus faigh réidh leo ar na suíomhanna eile. Coimeád do chuntas ar Snapchat agus Instagram an-bheag. Is féidir cuntas nua a dhéanamh fiú, ansin nuair atá tú ag glacadh le cairde beidh a fhios agat cé ba chóir a bheith ann.
  3. Chomh maith leis sin, ní gá duit an aip Facebook a bheith agat ar d’fhón. Is cur amú spáis é agus caithfidh tú níos lú ama air nuair a chaithfidh tú dul ar bhrabhsálaí nó ar do ríomhaire. Má tá aon rud práinneach ann, rachaidh duine i dteagmháil leat ar Messenger, aip a choimeádfainn.
  4. Píosa eile comhairle atá cumhachtach: ní gá iarratas cairdis a chur chuig achan duine atá ina ‘chara molta’. Tuigfidh tú an easpa tábhachta a bhaineann leis na suíomhanna seo nuair atá aithne agat ar dhuine, duine lena labhraíonn tú go minic sa choláiste, san ionad oibre nó i gclub/foireann éigin gan a bheith mar chara leo ar Facebook nó á leanúint ar Instagram. Is gníomh thar a bheith cumhachtach duit féin é, mar tuigfidh tú nach coinníoll cairdis é an cairdeas ar líne. Níl mé ag rá gan aon iarratas a sheoladh chuig éinne, ach díreach smaoineamh ar an gcúis a bhfuil tú á sheoladh sula seolann tú é.
  5. Rud beag eile, ná bí ag lorg an ama is deireanaí a bhí duine ar leith ar líne. Is féidir dul ar ‘Ghost mode’ ar Snapchat agus an t-am is deireanaí a bhí tú ar líne a chur i bhfolach. Nuair a rinne mé féin sin, chaith mé níos lú ama ag cuartú an eolais sin maidir le daoine eile. Cuir do mhuinín i ndaoine go bhfuil cúis ann nach bhfuair tú freagra go fóill; b’fhéidir nach bhfaca siad é nó go bhfuil siad thar a bheith gnóthach. Má smaoiníonn tú faoin gcás is measa i gcónaí tá tú ag cruthú frustrachais duit féin gan chúis. Beidh sé deacair é a dhéanamh ag an tús ach, mar a deirtear, “cleachtadh a dhéanann máistreacht”.

Bhí an t-ádh dearg liom go raibh cairde iontacha agam i rith na tréimhse sin i mo shaol nuair a bhí mé ag brath go mór ar na meáin shóisialta: ní raibh mé ag streachailt, ach ní raibh mé sásta leis an tslí a raibh mé ag smaoineamh. D’éirigh liom teacht ar mo chuid tuairimí féin mar gheall ar na meáin shóisialta de réir a chéile, toisc go raibh mé in ann díriú ar na daoine a smaoinigh orm taobh amuigh de na haipeanna. Seo an rud is tábhachtaí duitse atá fós ag léamh agus ag cuartú freagra. Seas siar ar feadh soicind agus smaoinigh ar na daoine a bhíonn i dteagmháil leat go rialta, na daoine a chuirfeadh am ar leataobh duit i gcás éigeandála pé scéal é. Do dhuine ar bith nach bhfuil sa ghrúpa seo, ar ndóigh, is féidir glacadh leo ar na meáin shóisialta, ach ná déan an iomarca iarrachta iad a shásamh.

Pé scéal é, is tábhachtach meas a bheith agat ort féin agus do thuairimí. Mar sin má tá tú ag iarraidh rud éigin a dhéanamh, fad is nach bhfuil tú ag sárú dlí nó ag cothú fulaingthe, déan é agus ná bac le tuairimí dhaoine eile, seachas daoine a gcuirfeá do mhuinín iontu. Bí rud beag leithleasach ó am go ham agus tabhair aire duit féin.

Buaiteoir, 2ú Duais

Iriseoireacht