Ag tús an tsamhraidh seo caite, bhuail splanc tuisceana mé go tobann. Nuair a d’amharc mé ar Instagram, Snapchat, Facebook agus Twitter, tháinig drochghiúmar orm agus ar dtús, níor thuig mé cén fáth.

An samhradh a bhí ann agus ní raibh brú ná strus orm agus bhí mé ag súil le go leor rudaí. Ní raibh tuiscint dá laghad agam maidir leis na mothúcháin a bhí agam ó thaobh m’aipeanna de.

Cuireann daoine na rudaí is fearr ar líne chun na híomhánna is fearr díobh féin a thaispeáint don domhan—smaoinigh ar an méid féiníní a ghlacann tú sula gcuireann tú ceann amháin ar do phróifíl: déanann gach duine é seo agus is dócha nach bhfuil na híomhánna áille a fheiceann tú ar Instagram díreach mar a dhealraíonn siad.

Mhothaigh mé nach raibh mo dhóthain ar siúl agam ag tús an tsamhraidh agus mé ag scrollú ar Instagram agus ar na haipeanna eile: cén fáth nach ndearna mé féin J1? Cén fáth nár smaoinigh mé ar obair dheonach a dhéanamh? Cén fáth nár thug siadsan cuireadh dom dul ansin? Rith na ceisteanna sin trí mo chloigeann agus is ansin a thuig mé go raibh na haipeanna seo ag dul i bhfeidhm ar mo chuid smaointe.

Táim cinnte go dtarlaíonn sé seo duitse uaireanta chomh maith, fiú má cheapann tú nach dtarlaíonn. Cé go bhfuil an chumarsáid chomh lárnach sa saol sa lá atá inniu ann, b’fhéidir go bhfuil an tuiscint atá againn ar an bhfocal ‘cumarsáid’ lochtach.

Táimid ag brath go hiomlán ar na haipeanna seo nuair atá leadrán orainn, nó nuair atá muid ag iarraidh eolas a fháil amach faoin rud atá ar siúl ag duine éigin. Cén fáth nach gcuirimid ceisteanna ar dhaoine faoina saol seachas a bheith díreach ag scrollú trína gcuid pictiúr chun eolas a fháil amach fúthu?

Shocraigh mé staonadh digiteach a dhéanamh, díreach le feiceáil an dtiocfadh feabhas ar an meon a bhí agam tar éis sos a ghlacadh ó na meáin shóisialta. Scrios mé Snapchat, Twitter, Instagram agus Facebook (seachas Facebook Messenger) ó m’fhón póca, agus ag an tús, caithfidh mé a rá go raibh sé deacair. Uaireanta, chliceáil mé ar an áit ina raibh aip éigin cheana, gan smaoineamh sular aithin mé go raibh an aip scriosta agam, is ansin a thuig mé go raibh andúil de chineál éigin agam sna haipeanna seo.

Tá sé ráite i staidéar foilsithe ag an tSochaí Ríoga don tSláinte Phoiblí gur andúil faoi leith é an iomarca úsáide a bhaint as aipeanna. Deir siad freisin go bhfuil baint ag na meáin shóisialta leis an dúlagar imní. D’aimsigh siad go raibh an tionchar is measa ag Instagram maidir leis an dúlagar imní ó thaobh corpíomhá agus ‘FOMO’ (imní faoina bheith ag cailleadh amach ar rudaí) de.

Má tá cuma dheas ar phictiúir dhuine éigin ar Instagram, ní chiallaíonn sé sin go bhfuil saol foirfe acu nó go bhfuil siad sona sásta an t-am ar fad, agus caithfimid é sin a chuimhneamh níos minice. Cruthaítear íomhánna faoi leith ar Instagram chun ‘likes’ a fháil, agus ní bhíonn na híomhánna sin fíor an chuid is mó den am, go háirithe na híomhánna atá ag daoine cáiliúla. Íocann comhlachtaí na mílte euro le ‘influencers’ as pictiúir tharraingteacha a chruthú chun a gcuid táirgí a chur chun cinn. Mar sin, cinnte, cruthaíonn siad íomhá atá ‘foirfe’—tá siad ag iarraidh airgead a thuilleadh agus táirgí a dhíol, níl an focal ‘réalaíoch’ bainteach leis an gcóras sin.

Ar dtús, d’airigh mé na haipeanna uaim agus mé ar an mbus nó ag fanacht ar rudaí, ach tar éis tamaill, thug mé faoi deara go raibh rudaí eile le déanamh agus thosaigh mé ag baint sult as a bheith ag breathnú amach ar an bhfuinneog nó ag éisteacht le podchraoltaí. Tar éis seachtaine, thug mé faoi deara gur mhothaigh mé níos fuinniúla agus níos beomhaire i ndiaidh dom sos a ghlacadh ón dúpholl sin, agus go raibh níos mó ama agam le caitheamh ar rudaí níos fearr agus bhí an-áthas orm an t-athrú sin a fheiceáil.

Caithfidh mé a rá, mar sin féin, go bhfuil sé níos éasca caint faoi staonadh digiteach ná é a dhéanamh. Tar éis tamaill, tá sé deacair cloí leis go hiomlán, ach cabhraíonn sé nuair a smaoiníonn tú go ndéanann sé maitheas do do shláinte nuair a ghlacann tú sos. Ar ndóigh, d’íoslódáil mé na haipeanna arís mí go leith níos déanaí, ach caithfidh mé a rá gurbh fhiú an sos toisc nach n-úsáidim mo chuntais ar na meáin shóisialta pioc chomh minic is a d’úsáidinn iad cheana.

Nílim ag rá go gcaithfidh tú do chuntais a scriosadh go deo agus go bhfuil na haipeanna seo go hiomlán dainséarach do do shláinte, ach táim ag rá gurbh fhiú sos beag a ghlacadh uaireanta. Má mhothaíonn tú go bhfuil tú sáinnithe maidir leis na meáin shóisialta, ná déan dearmad gur féidir leat éalú ó na haipeanna ar feadh tamaill gan fadhb ar bith agus go han-éasca chomh maith. Deir na mílte ‘influencers’ ar líne go bhfuil neamhord imní orthu, ach an bhfuil sé seo bainteach lena láithreacht ar líne? Is cinnte nach bhfuil sé éasca nuair atá daoine ag stánadh ort lá i ndiaidh lae agus tá tuairim éigin ag gach duine fút: caithfidh go dtéann sé sin i bhfeidhm ar dhaoine agus go gcothaíonn sé meon diúltach i dtaobh na meán sóisialta chomh maith.

Caithfimid go léir iarracht a dhéanamh taitneamh níos fearr a bhaint as an saol réalaíoch. D’aimsigh staidéar amháin le Brian Primack go gcuireann an brú chun a bheith cothrom le dáta ar na meáin shóisialta isteach ar dhaoine, agus go gcruthaíonn sé buairt agus dúlagar cionn is go bhfuil ár n-aird roinnte idir tascanna laethúla agus ár gcuid cuntas ar na meáin shóisialta. Mar sin, tá sé fíor-riachtanach aire a thabhairt dúinn féin agus a bheith ar an eolas maidir leis na dainséir atá timpeall orainn, fiú ar ár bhfón póca féin.

Buaiteoir, 1ú Duais

Iriseoireacht