Is í mo chara is fearr
Tá sí cosúil liom ach gan rud ar bith sa lár
Ní féidir í a mhothú
Ach is féidir ár gcaidreamh a chothú.  

Tugann sí barróga is grá dom
Ach uaireanta measaim go bhfuil sí lom.
Déanann muid gach rud le chéile
Measaim go bhfuil sé ait nár ith sí riamh béile.