CNAG CNAG
Cé atá ann?
Smaointe scanrúla i mo cheann
CNAG CNAG
Tá mo chroí i mo bhéal
An é go bhfuil mé ag deireadh mo shaoil?
CNAG CNAG
An bhfuil púca ansin?
Tá eagla orm, mothaím tinn.
Siúlaim chuig an doras, féachaim amach
Cé atá ann ach an cat!