Tá púca istigh sa chófra
Tá púca amuigh faoin spéir
Tá púca faoi mo leaba
A sciob mo bhraillín aréir!  

Tá púca istigh sa chistin
A itheann na brioscaí.
Tá púca i mo mhála
A thóg mo pheann luaidhe!  

Tá púca amuigh sa gharáiste
Tá púca os comhair an tí.
Tá púca ag barr na sráide
A thiteann ina luí!  

Tá púca in aice liomsa
Is muidne inár suí,
Táimid amuigh sa ghairdín
Nach breá an oíche í?