Is cuimhin liom go maith é, an 31ú lá de mhí Dheireadh Fómhair a bhí ann agus bhí gach duine ar Ascaill Uí Ghríofa ag fáil réidh d’Oíche Shamhna. Bhí na tithe go léir ar an tsráid maisithe ó bhun go barr le puimcíní, cnámharlaigh agus rudaí eile a bhain leis an séasúr. Bhí na páistí uilig gléasta suas agus iad ag iarraidh eagla a chur ar a gcairde. Gach bliain ó bhí muid sé bliana d’aois, théinn féin agus mo chairde ó dhoras go doras ag ceol agus ag damhsa chun airgead agus milseáin a fháil. An bhliain seo, bhí muid uilig ar bís nuair a dúradh linn nach mbeadh ár dtuismitheoirí linn den chéad uair riamh. Dúradh linn na mílte uair sular imigh muid gan cnag a chur ar dhoras 232. Creideadh go forleathan sa cheantar go raibh taibhsí ina gcónaí ann. Chualathas fuaimeanna amhrasacha agus soilse aisteacha ag teacht ón teach ach ní raibh trácht ar dhuine ar bith sa teach le fiche bliain anuas.

Páistí ciallmhara a bhí ionainn i gcónaí, ach leis an neamhspleáchas úr seo, thug muid neamhaird ar chomhairle ár dtuismitheoirí agus shocraigh muid cuairt a thabhairt ar uimhir 232. Ag a hocht a chlog, chuaigh muid amach san oíche dhubh dhorcha ag dréim leis an eachtra a bhí romhainn. Shiúil muid díreach go dtí an teach agus sheas muid taobh amuigh den gheata.

‘Níl mé faoi Dhia ag dul isteach ansin,’ arsa Máire.

‘Ná bí leadránach!’ a scairt Liam agus é ag oscailt an gheata mhóir chruach. Bhí muid uilig ar crith le heagla. Bhrúigh Liam an doras go bog agus leath an doras ar oscailt láithreach mar bhí an ghaoth taobh thiar de. Nuair a shiúil muid isteach, dhruid an doras ar ár gcúl de phlab agus lig muid béic mhór asainn. D’amharc muid thart agus bhí an áit lán le troscán sean-aimseartha agus cúisíní. Bhí pictiúir crochta ar an bhalla agus dusta orthu. Bhí an áit ina phráiseach iomlán. Ansin, chonaic muid figiúr mór dubh ag barr an staighre.

‘Tá speabhraídí orainn,’ arsa Liam, ‘Ní hann do thaibhsí…’ Bhí muid uilig dóchasach gurb í seo an fhírinne ach bhí na mílte scéal cloiste againn faoin taibhse uafásach in uimhir 232. Ní raibh muid in ann an figiúr a dhéanamh amach i gceart go dtí gur las sé coinneal agus chonaic muid fear grinn ollmhór agus scian ina lámh aige ag féachaint anuas orainn. Rith muid amach as an teach ar nós na gaoithe agus níor stop muid den rith go dtí gur shroich muid stáisiún na nGardaí. Nuair a tháinig na Gardaí chun fiosrúchán a dhéanamh ní raibh tásc ná tuairisc ar an bhfear ach bábóg gléasta i gculaith fhir ghrinn.