Gealach lán, i ndorchadas na hoíche
Mac Tíre uaigneach
Ag fógairt a ocrais trína uaill
Mí na bhFaoilleach, é stiúgtha leis an ocras

Cochaillín Dearg, cailín beag soineanta
Leicne dearga feolacha, bolg ataithe lán
Ag dul ar cuairt chuig Mamó thinn
Le bascaed mór lán le sólaistí aoibhne

Maidhceo Mac Tíre, nach bhfuil rómhaith ag seilg
Ach ina chleasaí cliste le bolg iontach folamh
Feiceann sé Cochaillín Dearg ag siúl tríd an choill
Áhá—tá smaoineamh maith aige!

Buaiteoir, 2ú Duais

Filíocht