Paca de cheithre mhac tíre a bhí ionainn tráth
Mé féin, mo leannán, mo ghrá
Dhá choileán áille a bhí againn
Agus muid inár gcónaí i suaimhneas na coille.  

Lasracha móra dearga a dhúisigh muid ónár gcodladh sámh
Fuaimeanna garbha ag tochailt agus is ag gearradh
Is ansin a chonaic mé lámh a rug uirthi
is mo dhá choileán, is ghearr tú a gcorp le do scian.  

Is saol céasta, ciaptha, cráite é
’S mé gan dóchas anois—
gan dídean, gan chlann, gan bhia ar bith
Ní thuigtear an dochar agus ní léirítear trua ar bith
Is ansin a chas mé ort, a Chochaillín Beag
is tú ag titim chun feola
Ó, tá fonn ite orm.

Buaiteoir, 2ú Duais

Filíocht