‘Is seanmháthair thú!’ Sin an rud a dúirt mo dheartháir liom gach oíche nuair a bhí mé óg. An fáth a raibh an leasainm sin tugtha dom ná go raibh saghas gnáthaimh agam gach oíche. Tóg an tréimhse nuair a bhí mé ocht mbliana d’aois: gach oíche ag a naoi a chlog, chuaigh mé go dtí mo sheomra leapa beag, las mé an lampa, chuir mé an blaincéad ab fhearr liom timpeall orm agus thosaigh mé ag léamh. Thaitin leabhair de gach saghas liom ach tá rud éigin faoi leith faoin leabhar is fearr liom. Tá rud speisialta ann nach bhfuil aimsithe agam in aon leabhar eile. Is é sin na mothúcháin a bhaineann leis. Ní bhaineann na mothúcháin sin leis an scéal ná leis na carachtair, cé go bhfuil siad siúd an-tábhachtach. Nuair a smaoiním ar an leabhar, bím ag smaoineamh ar an atmaisféar a bhí istigh sa seomra beag sin.

Thóg na leabhair i sraith Harry Potter na mothúcháin dom agus d’fhan siad liom. Chruthaigh an chéad leabhar domhan éagsúil nach bhfaca mé riamh. Bhí mé gafa leis tar éis an chéad líne a léamh, gafa leis an mistéir a bhain leis. Mar aon leis an stíl scríbhneoireachta agus an domhan nua a chruthaigh J.K. Rowling, bhí compord éigin ceangailte leis an leabhar. Nuair a bhí mé á léamh, bhí suaimhneas ag baint leis. Bhí mé sábháilte leis an mblaincéad timpeall orm, mé ag taisteal go saol eile. Is minic a smaoiním ar an tréimhse sin nuair a bhíonn drochlá agam agus mé ag iarraidh éalú uaidh. Téim ar ais chuig Harry Potter leis na mothúcháin shuaimhneacha sin a fháil agus chun mo phaisean a spreagadh. Tuigim anois go raibh an taithí sin a bhí agam an-speisialta ar fad. Bhí an t-ádh orm go raibh mé in ann an t-atmaisféar sin a aimsiú i leabhar beag amháin agus spreag Harry Potter mé chun seans a thabhairt do leabhair éagsúla.