7.05 *BLÍP* *BLÍP* *BLÍÍÍÍÍP* *BLÍÍÍÍÍÍÍÍÍÍP*

Ghearr torann an aláraim isteach i mo chloigeann. Ugh! Luan eile. D’oscail mé mo shúile troma. Ní raibh an ghrian ag taitneamh go fóill fiú! Chuala mé mo thuistí thíos staighre ag útamáil timpeall na cistine chun bricfeasta a réiteach. Chaith mé na braillíní uaim.

8.05 Bhí an bus déanach arís. Bíonn laethanta ann nach dtagann sé fiú. Ghuigh mé ó mo chroí amach go dtiocfadh an bus sular shroich Sandy an stad. Ní raibh an t-ádh liom. ‘Haigh, a Stiofáin,’ a dúirt sí, ‘Conas a bhí do mhaidin?’ Mhothaigh mé bolg tinn ag teacht orm.

9.05 Faoi dheireadh! Thuirling an bus taobh amuigh den scoil. ‘Slán!’ Bhrúigh mé thar Sandy (a bhí ina suí in aice liom) chomh gasta agus ab fhéidir. Rith mé ón mbus.

Fan! Stop mé i lár an chosáin. Bhí rud éigin mícheart. Sea. Cinnte go raibh. Chuala mé bean ag screadaíl. A leithéid de ghuth. Iníon Ní Cheallaigh a bhí ann. Bhí cuimhne agam uirthi ón am a bhí mé i Rang a Trí.

Chas mé an cúinne agus is ansin a fuair mé é. An boladh. Lofa. Dochreidte lofa. Amhail is gur phléasc bó ina cac féin.

Chonaic mé Iníon Ní Cheallaigh ansin, ar a glúine ag caoineadh. “An leithreas!” a scread sí. “Phléasc an leithreas!”

10.05 Ááá! Shín mé amach ar an tolg, an teilifís os mo chomhair. Cé a chreidfeadh é? Leithreas ag pléascadh! An seomra ranga ina phraiseach! An scoil dúnta ar feadh seachtaine ar a laghad. Ní bheidh a leithéid ann arís.


Dhúisigh Siobhán go tobann. Bhí sé dubh dorcha sa seomra. Meán oíche a bhí ann. D’éist sí go ciúin leis an oíche. Tost. Bhí gach duine fós ina chodladh… seachas í féin.

‘Siobhán.’ D’fhéach sí ar an dorchadas arís. Cé a dúirt sin? ‘Siobhán.’ Ón bhfuinneog a tháinig sé.

Dhreap sí suas ar leac na fuinneoige. ‘Cé atá ann?’ Ní raibh ach cogarnaíl ina guth.

‘Siobhán.’ Mheall an guth arís í.

Amach an fhuinneog léi. ‘Cá bhfuil tú?’ a d’fhiafraigh sí den oíche.

‘Sa choill, a Shiobhán, sa choill.’ Is ansin a chuala sí an mhír cheoil ealaíonta. Shiúil sí cosnochta tríd an bhféar fliuch—thar an mballa agus tríd an bpáirc go dtí Coill na bhFiann.

Dúirt a hintinn léi dul ar ais chuig a leaba. Nár thug a Mamaí rabhadh di faoin muintir aisteach a chónaigh sa choill? Ach bhí rud éigin á mealladh—fiosracht? Draíocht? Ba chuma.

Lean sí an ceol trí na crainn. Bhog a cosa astu féin. Anois is arís, bhuail faitíos í ach d’ardaigh an ceol a croí láithreach agus lean sí ar aghaidh.

Faoi dheireadh, tháinig sí ar bhriseadh sna crainn. Phléasc a cluasa leis an gceol álainn meidhreach. Bhí sióga beaga ag luascadh agus ag rince isteach is amach i solas na gealaí, a gcuid éadaí ag glioscarnach faoi na réaltaí.

‘A Shiobhán,’ a mheall an guth arís. ‘Bí ag damhsa linn.’ Léim sí isteach ag síneadh a géaga agus ag luascadh agus ag luascadh. Tháinig meadhrán uirthi ach ba chuma léi. D’ith sí agus d’ól sí agus bhí sí ag damhsa ar feadh na hoíche.

Is ansin, a luigh sí siar ar an bhféar in aice leis an tsióg leis an ngúna gorm, agus d’iarr sí uirthi fanacht leo—‘Beidh spraoi againn, a ghrá, gach uile oíche!’

Ní thiocfadh léi smaoineamh ar fháth gan glacadh leis an gcuireadh. An raibh domhan eile taobh amuigh den choill nó an brionglóid a bhí sa saol eile sin?

Dhúisigh Siobhán go tobann, deora ina súile. D’inis siad bréag di. Ní raibh damhsa ann ach dorchadas. Ní raibh bia ann ach ocras. Ach ní raibh cuimhne aici ar aon saol eile. An raibh domhan taobh amuigh den phluais nó an brionglóid a bhí ann?

Comhbhuaiteoir

Scéal nó dán do pháistí