Chonaic mé é ar thaobh an bhóthair. Bhí rud éigin mícheart leis. Bhí sé ag féachaint ar an talamh, ag casadh a mhéar. D’aithin mé ansin go raibh sé ag fanacht ar dhuine éigin. Bhí bláthanna ina lámh, crobhaing mhór tiúilipí. D’fhéach sé ar a uaireadóir arís agus arís. Bhí sé ag cur allais. Ansin, thosaigh a shúile ag lonrach le háthas. Chonaic mé ansin go raibh a sheanmháthair ansin le lámha oscailte ag fanacht ar bharróg!