Shlog Ailbhe siar an deoir dheireanach den ghloine—an dara gloine d’fhíon breá dúdhearg a bhí aici i gcuideachta a lóin. Fíon dorcha Ribera del Duero, in onóir ghrúpa an tráthnóna sin a bheadh istigh chucu ar ball san obair, grúpa ó Ollscoil León na Spáinne. Chuartaigh sí píosa guma ina mála agus chaith sí isteach ina béal é.

Bhí an Stiúrthóir ag fanacht roimpi nuair a d’oscail Ailbhe an doras dearg Seoirseach. Shiúil Ailbhe go cúramach thar na tíleanna chuig an oifig thosaigh, ag tachtadh na hosna a d’éirigh ina sceadamán.

‘Tá tú mall.’

Níor dhúirt Ailbhe tada.

Thairg an Stiúrthóir bosca ionsuirthi.

‘Seo dhuit,’ ar sí, ‘tabhair aire mhaith daofa seo, is í seo an teicneolaíocht is úrnua dá bhfuil amuigh, agus beimid ag baint úsáide astu seo tráthnóna.’

‘Caidé seo?’

D’oscail Ailbhe an bosca. Bhí sé lán cluasán, iad uilig go léir ina luí i líne néata istigh ann mar a bheadh uibheacha beaga bána iontu.

‘Ní fheicim sreangán ar bith ann,’ ar sí, ag tógáil ceann de na huibheachíní amach agus á scrúdú.

‘Ní gá sreangán. Aistritheoirí uathoibríocha atá iontu. Tá siad ar iasacht againn ó Ollscoil na Cathrach, chun triail a bhaint astu.’

‘Aistritheoirí uath-…?’

‘Cuireann na cuairteoirí na cluasáin bheaga seo isteach ina gcluais. Má fheiceann tú an solas glas, tá sé lasta agus an cadhnra ag feidhmiú. 

Tógann tusa nó mise an maidhc…’ Thóg an Stiúrthóir sreangán mín tanaí amach as an bhosca, ‘…agus ceanglaíonn tú taobh le do bhéal é. Deir na taighdeoirí liom go bhfuil siad thar a bheith cumhachtach—piocann siad suas gach rud a deir tú féin agus gach rud a deir aon duine atá gar duit.’

Cheangail Ailbhe an ghiuirléid thart ar a cloigeann. Luigh an maidhc ar a leiceann, taobh lena béal. Bhí sé fíoréadrom.

‘Aistreoidh sé achan fhocal a deir tú go Spáinnis,’ arsa an Stiúrthóir, agus chrom sí síos le cnaipe beag ar thaobh an mhaidhc a bhrú. Las solas beag glas ar an mhaidhc féin. ‘Sin ansin thú.’

Sheas an Stiúrthóir siar le hAilbhe a scrúdú.

‘Ar ndóigh,’ ar sí, ‘ní bheidh maidhc ar bith de dhíth ormsa mar go bhfuil Spáinnis líofa agam féin.’

Shiúil sí suas an staighre chuig an tseomra in airde an staighre, áit a raibh an grúpa ón Spáinn ag fanacht orthu.

‘Bhal? Nach bhfuil tú ag teacht?’

Bhrostaigh Ailbhe ina diaidh.

Mná agus fir mheánaosta, gléasta go foirmeálta. Ach ina dhiaidh sin, bhí an teach seo iontach foirmeálta. Bhí a fhios ag Ailbhe go raibh an t-ádh léi go bhfuair sí intéirneacht samhraidh ansin trína hathair san ollscoil, go gcuirfeadh sé go mór lena CV. Ach bhí laethe ann gur bhraith sí gur mó suilt a bhainfeadh sí as a bheith ag obair in Supervalu sa bhaile—agus cúpla pingin a ghnóthú chomh maith.

Estimados señores—y señoras—bienvenidos a la Sociedad Real de Antiquarios de Irlanda…’

Lean an Stiúrthóir léi ar feadh tamaill. Sheas Ailbhe taobh thiar di, ag fanacht ar a seal. Níor thuig sí focal.

Sa deireadh, chríochnaigh an Stiúrthóir cibé rud a bhí sí a rá leis na Spáinnigh seo.

Y ahora, mí ayudante, Ailbhe…’

Sheas Ailbhe agus labhair sí go mall neirbhíseach.

‘Má leanann sibh mé síos an staighre beimid in ann spléachadh a thabhairt ar an chnuasach atá amuigh ar na seilfeanna againn…’

Bhal, ar a laghad bhí siad ag sméideadh a gcloigne léi, na soilse beaga glasa ag glinneadh is ag glioscarnach le gach gluaiseacht dá gcloigne.

Thug sí thart ar an leabharlann iad go scioptha, ag caint go mall isteach sa mhaidhc a bhí cuachta isteach ar a leiceann. Ba chosúil go raibh an yoke ag obair i gceart. Bhí na Spáinnigh ag cromadh is ag croitheadh a gcloigne le hómós do na Memorials of the Dead, South East Wexford, agus West Wexford, agus South Dublin, leis. Bhí gach cuma orthu go raibh siad ag cur suime sa Calendar of Papal Registers 1513–1521 fosta.

Tháinig an Stiúrthóir isteach sa seomra—gan aon mhaidhc—agus ar aghaidh léi ina rabharta Spáinnise.

Y ahora, si quieren venir conmigo al archivo…’

D’imigh sí féin agus an scata ollúna amach chuig an aircív. Ní raibh cead ag Ailbhe dul isteach ansin—a thuilleadh.

Ní raibh cead ag Ailbhe aon rud suimiúil a dhéanamh le tamall anuas, ar nós baint leis an aircív i gcúl an tí. Choinnigh siad súil uirthi agus í ag ullmhú tae, in ainm Dé. Ach níor bhris Ailbhe an seanlóchrann sa tseomra beag faoin staighre d’aonturas.

Ní ligfeadh an Stiúrthóir di dearmad a dhéanamh faoi sin. Ó, no. Ní raibh le rá aici siúd ó shin ach, ‘nár bhris Ailbhe ceann de na seanlóchrainn ghloine ón naoú haois déag, an tseachtain seo a chuaigh thart, a choinnigh siad faoi ghlas agus i dtaisce faoin staighre? Nár thuig sí an dochar a bhí déanta aici, an scríos a rinne sí, déantán stairiúil, nach mbeadh a leithéid arís ann, nár thuig sí nach mbeadh sí in ann rudaí a chur ina cheart?’

Ba chuma sa tsioc le hAilbhe faoin am seo tráthnóna Dé hAoine. Ach bhí an Stiúrthóir ag freagairt ceisteanna ina cuid Spáinnise líofa thiar san aircív anois féin. Bhí Ailbhe saor anois go ceann píosa. Seans go bhféadfadh sí fag a lasadh go fóill sa ghairdín cúil. Chuaigh sí amach chuig an halla ach mhothaigh sí siorradh fionnuar ar a muineál. Ise arís.

Bhí an tseanbhean bheag ina seasamh ag doras na haircíve, ag barr staighre a thug síos chuig an chistin thú. Ar ais arís, a dhá láimh neadaithe thart ar thaephota mór millteach. Mar a ba nós léi. Ag amharc anonn ar Ailbhe, cuma chantalach uirthi. Mar a ba nós léi le seachtain anuas.

Íosa-Críost-in-a-cart. Fiú na taibhsí san áit seo, bhí siad míshásta léi.

Bhí Ailbhe tinn, tuirseach den tseanbhean chéanna. Ní fhaca duine ar bith eile san oifig í, agus bhí sé de nós aici í féin a nochtadh i gcónaí ag na hamanna is mí-oiriúnaí, í féin is a taephota mór.

‘Imigh leat!’ a bhéic Ailbhe leis an scáil.

Cloigeann níor chrom ná níor chroith an tseanbhean, focal níor dhúirt. D’fhan sí ansin, ina seasamh.

Tháinig an Stiúrthóir amach as an aircív. Dhearc sí thar a spéaclaí anonn ar Ailbhe, a cloigeann ag brú amach trí mhuineál na seanmhná, díreach faoi smig na scáile.

‘Ar chuala mé raic amuigh anseo?’ ar sí.

Níor chuir an tseanbhean aon suntas i gcloigeann an Stiúrthóra, cloigeann a bhí ag gobadh trína brollach.

‘S-sea. Bhí… bhí duine gan dídean ag an doras, ag iarraidh í féin a shocrú… ar chairtchláir, ar na céimeanna amuigh.’ ‘Agus chuir tú an ruaig uirthi. Maith thú, a Ailbhe.’

Thiontaigh an tseanbhean chun amharc ar an Stiúrthóir agus í ag pilleadh isteach chuig muintir León. Ansin, bhí sí féin imithe, gan a dhath le feiceáil ag barr an staighre ach solas an lae ghil agus cúpla frídín deannaigh ag glioscarnach san aer. Agus siorradh fionnuar fá chloigeann Ailbhe. Mar is gnáth.

Bhain Ailbhe searradh as a guaillí agus chroith sí í féin ó bhun go barrr, mar a dhéanann madadh. Bhí fuath aici ar na háiméir seo go bhfaca sí an tseanbhean. Shiúil sí isteach sa leabharlann. Bhí sé níos teo ansin.

Thug sí a mála amach as tarraiceán sa deasc. Ransaigh sí istigh ann go dtí gur lig sí ‘a-há!’ aisti féin. Thóg sí amach mála beag plaisteach i láimh amháin agus a cárta bainc sa láimh eile. D’amharc sí thart uirthi. Bhí bosca de na sleamhnáin ghloine ón naoú haois déag—den lóchrann briste—ar an tábla mór i lár an tseomra. Sciob sí ceann amháin ón bhosca.

Bhí an chearnóg bheag ghloine daite go néata níos mó ná céad bliain ó shin. Páirc an Fhionnuisce agus Sléibhte Bhaile Átha Cliath sa Chúlra.

D’oscail Ailbhe an mála plaisteach agus dhoirt sí roinnt bheag púdair bháin amach go cúramach ar an tsleamhnán. Chóirigh sí an púdar bán an bealach seo is an bealach siúd leis an chárta bainc, go dtí go raibh dhá líne thanaí réidh aici ar an tsleamhnán. Chlaon sí a ceann síos chuig an tsleamhnán, an bealach seo agus ansin an bealach siúd, agus shúigh sí an púdar isteach ina dhá phollaire de chúpla seitreach ghasta. Díreach ansin, chling a fón. D’amharc sí ar an scáileán.

Dara.

‘A stór!’

Shuigh Ailbhe síos ar sheanchathaoir. Rinne siad rudaí go maith na laethe sin, a shíl Ailbhe, agus a tóinín ag clúdach an chomhartha Chair used in Parliament of Kilkenny 1641.

‘…léifidh tú píosa amach dom?’ a chuala sí ó Dhara ar an taobh eile den líne.

Bhí tuin plásaíochta sa ghlór sin. B’shin an spion a bhí ar Dhara, mar sin. Thug sí spléachadh ar na seilfeanna.

‘…cé acu arbh fhearr leat inniu, Annála na gCeithre MáistríAnnála Uladh?’

D’fhan sí ar an fhreagra, agus thóg sí Annála na gCeithre Máistrí Imleabhar a hAon anuas ón tseilf. Leag sí ar philiúr é sa dóigh is nach mbrisfeadh sí droim an chlúdaigh agus lig sí don leabhar oscailt amach dá dheoin féin.

Bhí Dara ar an taobh eile den líne fóin, ag fanacht. Anáil ag dul i dtréine.

‘…Aois domhain an tan tainig Parthalon i nÉirinn…’

Chuala sí an osna ar an taobh eile den líne. Lean sí léi.

‘—Slainge, Laighlinne agus Rudhraidhe… Dealccnat, Nerbha, Ciocbha agus Cerbnad a ccetheora mna…’

Bhí an osnaíl ar an taobh eile den líne níos láidre. Lean Ailbhe go sollúnta. Thaitin sollúntacht le Dara.

‘—Aois domhain, dá míle cuicc céd triocha.’

D’éist sí a fhad is a bhí sí ag léamh. Chuala sí an osnaíl is an geonaíl dheiridh. Sa deireadh, chuala sí an comhartha ar an taobh eile den líne le stopadh.

‘Ó. A. Dhia!’

Stop sí.

‘Réidh, a stór?’ ar sí, go mioscaiseach.

D’aontaigh Dara go raibh Dara réidh, agus thar a bheith réidh.

‘Mise anois,’ arsa Ailbhe.

Shuigh sí siar i gcathaoir Chill Chainnigh. Chuala sí an guth íseal séimh ar an taobh eile den fhón, neadaithe isteach ina cluais, na focail ag sileadh thar a corp mar a bheadh sí ina luí i dtanalacht farraige i bhfad ar shiúl ón chearnóg cathrach seo agus i bhfad ar shiúl ón jab suarach seo, an samhradh tirim seo.

‘Óóóó, sin é, a thaisce, sin é, coinnigh leat.’

D’éist sí agus dhruid sí a súile. Rinne sí mar a d’ordaigh an crónán réidh, roscach di. Chaith sí lámh amháin amach agus bhuail sí The Great Book of Irish Genealogies*—imleabhar a trí, a ceathair agus a cúig—go talamh. Bhí Dara ag treorú an láimh eile aici go fóill. Dhaingnigh a greim thar an *Correspondence of Emily, Duchess of Leinster, Imleabhar 3 agus chuimil sí a raibh le cuimilt aici.

Lig sí cnead le Proceedings, Royal Irish Academy, Imleabhair 67–70.

Lean Dara dá liodán treoracha.

Lámh, anseo. Leabhar, ansiúd.

Bhí an fag sin de dhíth go géar ar Ailbhe anois.

D’fhág sí slán agus beannacht agus buíochas le Dara de smeacharnach shásta.

Amach léi lena mála le fag a lasadh sa gháirdín. Ach sula bhfuair sí amach an doras cúil, d’oscail doras na haircíve.

Bueno, ya estamos para hoy…

Taobh thiar den Stiúrthóir, stán ollúna León uirthi. Roinnt acu, bhí aoibh orthu. Roinnt eile, alltacht. I ngach cluas acu bhí solas beag glas ag scairteadh go discréideach. Rómhall, chuimhnigh sí. Chuaigh a lámh suas chuig a leiceann, áit ar neadaigh an maidhc taobh lena béal, an solas glas lasta go fóill.


Cumadh an scéal seo ar choimisiún do IMRAM, don Fhéile Idirnáisiúnta Litríochta, Baile Átha Cliath 2019 i gcomhar le Cumann Ríoga Ársaíochta na hÉireann.