Nach mór dhá bhliain ó shin, thaistil mé chuig Reykjavik chun mí a chaitheamh ag obair i nGarraithe na Lus ansin. Fuaireas an deis trí VSI (Voluntary Service International), eagraíocht a bhfuil oifig acu i mBaile Átha Cliath. Go hidirnáisiúnta, glaotar SCI (Service Civil International) orthu. Bunaíodh é tar éis deireadh an chéad chogaidh dhomhanda agus an aidhm a bhí leis ná daoine ó thíortha éagsúla a thabhairt le chéile agus go mbeadh deis cainte acu agus iad i mbun oibre de shaghas éigin a bheadh cabhrach do phobal na háite.

Sa lá atá inniu ann, bíonn tionscadail éagsúla ar siúl i rith na bliana a dhíríonn ar chearta daonna agus ar an timpeallacht, chomh maith le hobair le daoine óga, seanóirí nó daoine atá faoi mhíbhuntáiste. Sa tír seo bíonn tionscadail acu i bPáirc Náisiúnta Chill Áirne.  

Oibríonn siad le heagraíochta eile sna tíortha ina mbíonn tionscadail, san Íoslainn bhíomar ag obair leis an eagraíocht Seeds. Is iad siúd a rinne na socruithe le bainisteoirí an Ghairdín agus is Seeds a d'eagraigh ár lóistín, bia agus turasanna. D'fhanamar i dteach a tógadh i 1920 agus a bhí trí nóiméad ón ngairdín. Bhí crainn mórthimpeall orainn, suíomh fíorálainn ach fós ní raibh sé ach cúig nóiméad déag ó lár na cathrach ar an mbus. Bhí seisear againn ag obair ann i mí Íúil, agus ionadaí ó Seeds, Maria, linn chomh maith. Ba as Meicsiceo do Lud, as an tSibéir do Yuir, as Stáit Aontaithe Mheiriceá do Kristin, as Tír na mBascach do Itxaro, as an Indinéis do Mai agus as an bhFrainc do Maria.

Gairdín

Thosaigh ár lá oibre ag a hocht ar maidin. Chuaigh mé an chéad lá gléasta in éadaí don bháisteach, mar a bhí molta sa bhileog eolais, ach thuigeas nach sin a rinne na daoine áitiúla a bhí ag obair ann. D’éiríodar fliuch agus thriomaigh siad, ba chuma leo faoin mbáisteach! Bhíomar ag obair leis an bhfoireann bhreise don samhradh den chuid is mó. Ba scoláirí iad Gunny agus Raquel a bhí díreach críochnaithe sa mheánscoil chomh maith le hEmil a bhí ag déanamh staidéir ar an bhFisic san ollscoil agus Lud a bhí i gcoláiste ealaíne sa Danmhairg.

D'oibríomar freisin le Svavar, fear áitiúil, caillithe mar gharraíodóir ach a bhí tar éis filleadh ar an mheánscoil mar nár chríochnaigh sé a scolaíocht roimhe sin. Ba dhream cairdiúil, bríomhar, spéisiúil, greannmhar iad. Trí bheith ag labhairt leo gach lá fuaireamar amach an-chuid faoina dtír nach mbeadh ar eolas againn murach iad.

Maidir lenár ndualgaisí, den chuid is mó is ag baint fiailí a bhíomar, agus bhíodh go leor le baint i gcónaí! Bhíodh orainn tochailt, iad a chur sa bhuicéad, an buicéad a fholmhú isteach sa bhara rotha, an bara rotha a thabhairt go dtí an áit ina ndéantaí múirín, filleadh agus tosú arís. Roinnt laethanta bhíos ag cur plandaí, ag bailiú féar a bhí gearrtha nó ag cur péint ar shuíocháin. Bhí aimsir thirim againn den chuid is mó seachas dhá lá nuair a lean sé ag stealladh báistí uair i ndiaidh uaire.

Lá amháin de na laethanta sin an post a bhí agamsa agus Kristin ná obair le Svavar ag dul trí chré lenár lámha, ag baint amach píosaí móna a bhí ann agus cinneadh a dhéanamh an móin mhaith a bhí ann nó an ceart fáil réidh leis. Murach Svavar ag caint faoi stair na Danmhairge, deartháir leis a bhí ina mhainicín agus deartháir eile a chónaigh sa Danmhairg agus a thiomáin thar an teorainn go rialta chun ceapairí Subway a cheannach, bheadh an lá dúshlánach. Bhaineas taitneamh as bheith ag obair le Svavar i gcónaí mar d'fhéadfadh sé labhairt faoi rud ar bith agus níor thaitin ciúnas leis.

Ba mhúinteoir í Kristin i meánscoil, mo dhála féin, agus réitíomar go maith le chéile. Bhí na daoine eile sa ghrúpa i bhfad níos óige ná mé ach ba chuma sin, bhí gaol iontach eadrainn go léir. Thagadh go leor cuairteoirí chuig an ngairdín, áit chiúin shuaimhneach a bhí ann, agus ní raibh táille iontrála le híoc, rud neamhghnách san Íoslainn.

Gach tráthóna chuamar go dtí Laugardalslaug, áit a raibh linnte snámha ina raibh uisce 36, 38 nó 40 céim. Bhí sé amuigh faoin aer agus mar sin d'fhéadfá a bheith i do shuí in uisce 40 céim agus báisteach ag titim ort. Bhí sé de nós ag roinnt mhaith de mhuintir na cathrach dul ann ar a slí abhaile óna gcuid oibre.

D'eagraigh Seeds turas dúinn chuig an gCiorcal Órga mar a ghlaotar air, chonaiceamar géasair agus eas Gullfoss, chomh maith leis an Pháirc Náisiúnta, Þingvellir, áit a mbuaileann plátaí teicteonacha Meiriceá agus Eoráiseach le chéile. D'fhágamar Reykjavik ag a ceathair ach i rith an tsamhraidh ní bhíonn aon dorchadas ann agus mar sin nuair a d'fhilleamar ag a leathuair tar éis a deich san oíche bhí sé fós geal. Fiú ag a dó ar maidin ní bheadh sé ródhorcha, beagainín níos dorcha ná lár an lae, amhail is go raibh ceath báistí le teacht, ach fós geal go leor chun dul amach.

Eas

Tá an tírdhreach fíorálainn. Is minic a cheapas go raibh an-chosúlacht idir áiteanna ar an gcósta leis an tír seo ach tá an Íoslainn oscailte, tá na bóithre gan chlaí, na tithe faoin tuath scartha amach óna chéile agus ina lán slite bhí cuma sceirdiúil ar an-chuid di. Bhí cumhacht an nádúir le feiscint sna heasanna, sna hoighearshruthanna, agus sna bolcáin a bhíonn míshuaimhneasach minic go leor.

Is ón nádúr mar sin a thagann an baol, ach is beag dainséar a bhraitheann daoine i Reykjavik ó dhaoine eile ón méid a thugas faoi deara. Bhíodh an-chuid daoine, cuid dár ngrúpa ina measc, sásta dul ar an ordóg chun síob a fháil. Bhuail mé le daoine a chaith a gcuid ama ag lorg síobanna mar seo agus ag taisteal ar fud na tíre ar an modh seo. Níor thriail mé féin riamh é, ní bheadh an mhuinín sin agam.

Is tír an-chostasach í, taisteal, cíos agus fiú bia agus deoch. Bheadh tuairim is fiche euro ar cheapaire agus deoch. Sula i bhfad chuamar i dtaithí ar bhia a thógaint linn dá mbeimis ag dul go lár na cathrach—múineann gá seift!

Dhá Dhomhnach as a chéile chuaigh mé ar thuras treoraithe timpeall na cathrach. Ba scoláirí ollscoile a threoraigh na turais seo. Bhíodar fíorspéisiúil agus greannmhar. Dúradar go raibh Príomh Aire na tíre ina léachtóir staire san ollscoil sular ceapadh é ina Phríomh Aire agus go raibh uimhir ghutháin acu dó dá mba rud é go rabhamar ag iarraidh labhairt leis. Chuamar go dtí an chuid is sine den chathair agus nuair a luaigh daoine na dathanna geala ar an tithe, d'inis siad dúinn nach mbíonn ach ceithre huaire de sholas acu go laethúil sa gheimhreadh. Dúirt siad nach bhfuil aon teorainn leis na soilse a chuireann na hÍoslannaigh suas don Nollaig, go mbíonn sé cosúil le Las Vegas toisc go mbíonn siad bréan den dorchadas. Nuair a dúirt mé leo gur as Éirinn dom, ghabh siad leithscéal as na Lochlannaigh agus dúirt ansin gurb as an Iorua do na Lochlannaigh ba mheasa!

Spré uisce

Sin rud eile a d'fhoghlaim mé, bíonn daoine san Íoslainn ag magadh faoi dhaoine ón Iorua, ag rá go labhraíonn siad amhail is go bhfuil práta ina scórnach. Bhí saghas bá ach fós dímheas acu ar an Danmhairg. Bhíodh an Danmhairg i gceannas ar an Íoslainn ar feadh na gcéadta bliain. Foghlaimíonn siad go léir an Danmhairgis ar scoil fós.

Deirtear go bhfuil go leor nascanna géiniteacha idir sinne agus muintir na hÍoslainne. Cinnte ó thaobh cuma de, is beag difríocht atá eadrainn. Uair amháin d'fhreastail mé féin agus na hoibrithe deonacha eile ar cheolchoirm inar chan ár gcara Emil sa chóir. Seachas ár ngrúpa, ní raibh aon turasóirí eile i láthair agus ag féachaint ar an slua ag bailiú agus ag beannú dá chéile bhí sé cosúil le bheith sa bhaile! Ó mo thaithí féin ní hamháin ón taobh géiniteach atá na cosúlachtaí, tá meon láidir, neamhspleáchas, feith an ghrinn, spéis i ndaoine eile agus dúil sa cheol agus sa chultúr i measc na gcosúlachtaí. Chuala mé é ráite go bhfuil trí chéad focal mar an gcéanna ag an nGaeilge agus an Íoslainnis. Cinn a d’aithin mé ná ‘skrifa’ do scríobh, ‘stormur’ do stoirm agus can faoi ‘blautur’ do ‘fliuch’… fliuch báite?!