Ar chuala tú trácht ar Bhríd Ní Dhanachair i Sráid na nIascairí? Nó b’fhéidir ar Mháire Ní Chonsaidín as dúiche Aillte an Mhothair? Níor chuala? A thiarcais! Bhuel, coinnigh ort ag léamh agus roinnfidh mé a scéal leat.

Thug an bailitheoir béaloidis, Seán Mac Mathúna (1876–1949), cuairt orthu go rialta agus é ag tiomsú scéalta ina cheantar dúchais sna tríochaidí agus sna daichidí. Níl a gcuid ainmneacha ar eolas ag aon duine anois. Ní thiocfaidh tú ar ghrianghraif díobh i measc na bhfaisnéiseoirí eile as Co. an Chláir ar www.dúchas.ie. Seanmhná agus sárGhaeilgeoirí ab ea na mná seo. Chuaigh Mac Mathúna chucu chomh minic sin mar thuig sé go raibh stór saibhir eolais acu maidir le béaloideas agus nósanna an cheantair. Bhailigh sé réimse leathan seanchais uathu idir amhráin agus scéalta de gach saghas, seanchas áitiúil agus paidreacha. Ligeadh i ndearmad iad cosúil le go leor ban eile i stair na hÉireann.

Oibrí feirme ab ea Mac Mathúna féin agus chónaigh sé ar imeall an Atlantaigh sa Luach Thuaidh, Dúlainn, gar do na haillte is cáiliúla in Éirinn, Aillte an Mhothair. Ba idir na blianta 1935 agus 1947 a d’oibrigh Mac Mathúna (1876–1949) mar bhailitheoir béaloidis páirtaimseartha ag Coimisiún Béaloideasa Éireann in iarthuaisceart an Chláir. Bhí seanchas áitiúil á thiomsú aige ar bhonn deonach ó casadh Séamus Ó Duilearga, Stiúrthóir Choimisiún Béaloideasa Éireann, air sa bhliain 1929 chomh maith. Cuimsíonn cnuasach Mhic Mhathúna níos mó ná 11,000 leathanach san iomlán. Is dialann beagnach 4,000 acu agus tá 200 litir san áireamh. Thaistil sé ar fud na dúiche ag bailiú béaloidis ó fhir agus ó mhná. Níl aon rud scríofa go dtí seo faoin gcineál seanchais a bailíodh ó na mná seo.

Líníocht de Pheig Sayers
Peig Sayers (An Bailiúchán Grianghraf, M001.18.00697)

Rinneadh neamhaird go rómhinic ar an seanchas a bhí de ghlanmheabhair ag mná. Ba scéalaí iomráiteach é Stiofán Ó hEalaoire ón gceantar céanna sa Chlár agus is ceart go bhfuil sé i mbéal an phobail fós, ach d’fhoghlaim sé go leor scéalta ina óige óna mháthair, Cáit Ní Dhanachair. Seanchaí ab ea Cáit í féin ach níl clú agus cáil uirthi cé gur mhúscail sí suim sa scéalaíocht ina mac.

Fágadh ceist na hinscne ar lár go rímhinic i réimse an bhéaloidis agus is beag an tuiscint atá ag scoláirí ar an inscne sa bhéaloideas dá bharr. Tá borradh faoin taighde seo in Éirinn le roinnt blianta anuas, áfach. Is iomaí díolaim scéalta ó mhná atá curtha i gcló anois, leithéidí Cáit ‘An Bhab’ Feiritéar, Mairéad Ní Mhionacháin agus Peig Sayers ina measc. Rinne taighdeoirí cosúil leis an Oll. Lillis Ó Laoire agus leis an Dr Ailbhe Nic Giolla Chomhaill iarrachtaí le déanaí chun an t-eolas faoi mhná agus ó mhná sa seanchas a thuiscint i gceart. Is é sin an cuspóir atá romham i mo chuid taighde féin. Ba mhaith liom aird a tharraingt ar bhanscéalaithe an Chláir agus iad a ainmniú. B’fhiú tuilleadh plé a dhéanamh orthu agus is cinnte go bhfuil aitheantas tuillte acu as a ról i gcaomhnú an dúchais sa chontae sin.

Cáit Feiritéar
Cáit Feiritéar (An Bailiúchán Grianghraf, M001.18.00242)

Scrúdóidh mé an meon a bhí ag muintir an Chláir i leith iompar agus ról (traidisiúnta) na mban i lámhscríbhinní Mhic Mhathúna. Fiosróidh mé an bhanúlacht ‘idéalach’ mar a rinneadh cur síos uirthi sa chnuasach agus tabharfaidh mé léargas ar shaol na mban sa tréimhse sin ó scríbhinní Mhic Mhathúna agus ó na scéalta féin. Cuirfidh mé roinnt scéalta agus samplaí eile de bhéaloideas na mban in eagar sa tráchtas chomh maith chun éagsúlacht an ábhair a léiriú. Foilseofar bailiúchán Mhic Mhathúna ar www.dúchas.ie ag deireadh mo chéim dhochtúireachta freisin sa chaoi go mbeidh fáil air ó gach cearn den domhan. Creidim go spreagfaidh an tionscadal seo taighdeoirí eile nár thuig éagsúlacht agus fíorluach na scéalta a d’inis banscéalaithe na tíre seo.