Caithfidh mé a admháil nach mbíonn saol an fhile i gcónaí éasca. Bíonn go leor crá croí ag baint leis ar uairibh, cosúil le saol duine ar bith, ach tá mé ag déanamh go bhfuil bealaí speisialta againne filí le muid féin a chiapadh. Cuireann Michael Hartnett an céasadh aigne in iúl sa dán ‘An Muince Dreoilíní’ le híomhá thar a bheith fisiciúil de na dreoilíní ag tuirlingt ar a ucht agus dá ghortú lena n-ingne: ‘is d’fhág a n-ingne forba orm/nár leigheasadh fós’. Bíonn meanma agus misneach ag teastáil ó fhilí agus is minic go dtagann seo ónar lucht tacaíochta. Sin mar a bhí agam féin le bliain anuas.

Ba mhór an phribhléid dom go raibh mé i measc an deichniúr filí a bhfuil dánta leo in Calling Cards, an duanaire dátheangach nua, i dteannta le Máirtín Coilféir, Proinsias Mac a’ Bhaird, Aifric Mac Aodha, Marcus Mac Conghail, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Doireann Ní Ghríofa, Caitlín Nic Íomhair, Simon Ó Faoláin agus Stiofán Ó hIfearnáin. Ba mhór an t-ardú croí dúinn ar fad an bailiúchán seo ina bhfuil dánta le deichníur de ghlúin nua filí Gaeilge chomh maith le haistriúcháin Bhéarla le cuid de mhórfhilí na hÉireann. Comhfhiontar idir The Gallery Press agus Éigse Éireann atá sa duanaire nua, a bhfuil Peter Fallon agus Aifric Mac Aodha ina n-eagarthóirí air. Colette Bryce, Ciaran Carson, Peter Fallon, Alan Gillis, Medbh McGuckian, Paul Muldoon, Eiléan Ní Chuilleanáin, Peter Sirr agus David Wheatley a d’aistrigh na dánta in Calling Cards. Ciallaíonn na haistriúcháin Bhéarla sa leabhar gur féidir ár saothar a chur i láthair lucht léite nua agus pobal léitheoireachta níos leithne. Seoladh Calling Cards i Mí na Samhna anuraidh in Éigse Éireann ar Chearnóg Pharnell agus b’ócáid an-suairc agus taitneamhach a bhí ann.

Calling Cards

Ina dhiaidh sin bhí bliain thar a bheith gnóthach agam ó thaobh na filíochta le léamha éagsúla. Bhí léamh speisialta agam ar Oíche Nollaig na mBan ar an 6 Eanáir in EPIC, iarsmalann imirce i gCearnóg Theach an Chustaim CHQ, le banscríbhneoirí nua eile cosúil le Emilie Pine agus Wendy Erskine. Ansin i mí an Mhárta bhí mé ag léamh ag an Fhéile Idirnáisiúnta Filíochta i gCorcaigh i dteannta an fhile Simon Uí Fhaoláin. I mí Bealtaine bhí mo thriail ar Ghlaschú don Fhéile Chultúrtha agus Litríochta Albanach Éireannach, Crossways. I mí an Mheithimh, thug mé léamh i gColáiste na Naomh Uile in éineacht le hEoghan Mac Giolla Bhríde agus Seán Ó Muireagáin agus ba mhór an pléisiúr a bhain leis an ócáid seo a d’eagraigh ár scríbhneoir cónaithe gradamúil Réaltán Ní Leannáin. I mí Iúil thug mé léamh in Acadamh Ríoga na hÉireann le hAilbhe Ní Ghearbhuigh agus Biddy Jenkinson. Ghlac mé le ról nua mar eagarthóir ar an mhír Ghaeilge de Poetry Ireland Review thar an samhradh fosta agus táim fós ag obair air sin.

I nDeireadh Fómhair bhí mé thar a bheith gnóthach le Féile Litríochta Imram. D’aistrigh mé dánta uilig an fhile Ghréagaigh ársa Sappho a rugadh thart ar 630 R.Ch. Déanann a cuid dánta is amhrán iniúchadh ar an ghrá, ar mhiangas, ar an phósadh, ar dheoraíocht, ar bheacha, ar sheanaois, ar imeacht an ama, agus ar an ghrá a bhí aici dá hiníon. Cuireadh mo chuid leaganacha ar scáileán i seó ilmheán sa Smock Alley agus iad á léamh agus á gcanadh ag Caitríona O’Leary le tionlacan cnaguirlisí ó Mel Mercier. Rinne Margaret Lonergan íomhánna de Sappho a theilgean, bunaithe ar shaothar de chuid Gustave Moreau, Felician Rops, Vanessa Bell agus ealaíontóirí eile a ndeachaigh Sappho i bhfeidhm orthu.

Léigh mé dánta fosta ag an oíche speisialta in ómós do Ghabriel Rosenstock sa Sugar Club agus oíche ar dóigh a bhí ann. Ag féachaint amach romham, beidh leabhar nua uaim le haistriúcháin ag teacht amach an bhliain seo chugainn le cuidiú Dé. Ba mhaith liom mo bhuíochas ó chroí a ghabháil le mo chomhghleacaithe agus le mo chairde uilig a thug tacaíocht dom thar an bhliain iomlán.

Rannpháirteach ag féilte IMRAM