Tá lúcháir orm fáiltiú roimh eagrán 2019 d’iris Ghaeilge na mac léinn, Scáthán. Mar is eol do dhuine ar bith a bhíonn ag plé le hiris a fhoilsiú, baineann dua agus iarracht lena dheimhniú go dtiocfaidh sí ar an fhód go tráthrialta agus go mbeidh sí ar ardchaighdeán. Mórúdar sástachta dom féin agus d’fhoireann Fiontar & Scoil na Gaeilge go bhfuil mic léinn reatha na Scoile chomh sásta agus a bhí a gcomhghleacaithe rompu dul i bpáirt le baill foirne agus leis an Scríbhneoir Cónaithe chun Scáthán a thabhairt ar an saol. Is comhartha maith é go bhfuil rannpháirtíocht na mac léinn agus na foirne san obair chomh sláintiúil agus a bhí riamh, agus spreagann a leithéid de chomhfhiontar an dá thaobh a bheith ag comhoibriú lena chéile agus ag foghlaim óna chéile.

Ceapadh Réaltán Ní Leannáin mar Scríbhneoir Cónaithe DCU i dtreo dheireadh Nollaig 2018 agus thosaigh sí sa ról i mí Eanáir 2019. Fáiltíodh go croíúil roimh Réaltán nó is scríbhneoir agus file aitheanta í a bhfuil an t-uafás déanta aici i rith a saoil ar son chur chun cinn na litríochta Gaeilge. Tá an-taithí go deo aici ar bheith ag plé le mic léinn sa chóras ardoideachais agus tá a rian sin le feiceáil ar Scáthán 2019. Tá glór na mac léinn taighde le brath ar leathanaigh na hirise—daoine atá i mbun an chéim PhD a bhaint amach ar ghnéithe éagsúla de léann na Gaeilge—agus beidh mic léinn fochéime in ann léargas a fháil ar ilchineálacht an taighde a mbíonn mic léinn dochtúireachta na Scoile ina bhun. Dhá phíosa eile a chuaigh i bhfeidhm go mór orm is ea alt Ruairí Egan faoi imeachtaí an Chumainn Ghaelaigh agus aiste Dhaithí de Buitléir faoina thaithí ollscoile. Is trí ailt den sórt sin a cheaptar eolas san iris faoi shaol na mac léinn reatha do na glúine atá le teacht. Is breá liom iarrachtaí scríbhneoireachta na mac léinn a léamh agus tá réimse breá díobh ann arís i mbliana, rud a léiríonn go bhfuil féith na cruthaitheachta agus fonn chun pinn beo folláin i measc ár gcuid mac léinn agus go bhfuil ag éirí linn mar fhoireann sciar acu a spreagadh chun triail a bhaint as an scríbhneoireacht agus fóram a chur ar fáil dóibh a gcuid scileanna a chleachtadh.

Is cuidiú mór leis an scéal é, ar ndóigh, go bhfuil an oiread sin daoine ag obair ar fhoireann acadúil na Scoile a bhfuil suim acu i scríbhneoireacht chruthaitheach na Gaeilge. Slí an-mhaith go deo é sin chun dea-shampla a léiriú do na mic léinn agus iad a mhealladh i dtreo na cumadóireachta. Is léiriú iontach ar an dea-shampla sin na píosaí éagsúla atá scríofa ag léachtóirí Fiontar & Scoil na Gaeilge i mbliana. Ina cuid píosaí siúd san iris, pléann Réaltán Ní Leannáin a suim sa scríbhneoireacht agus an spreagadh a fuair sí mar scríbhneoir linn i mbliana. Ag trácht ar chomórtas liteartha atá Caoimhe Nic Lochlainn ina halt siúd sa leagan ar líne den iris, agus léiríonn an t-eolas ann beocht na scríbhneoireachta sna réimsí éagsúla atá idir camáin aici. Cur síos ar a leabhar nua féin a dhéanann Pádraig Ó Liatháin san aiste a scríobh seisean agus is lón machnaimh an méid atá le rá aige faoin saothar.

Féasta léitheoireachta atá in ábhar Scáthán 2019 agus is mór an chreidiúint do gach uile dhuine a bhí rannpháirteach san obair go bhfuil iris chomh snasta sin curtha le chéile acu arís i mbliana. Gabhaim buíochas ó chroí libh go léir agus guím gach rath ar an iris.