Fiontraí sóisialta, fear gnó, agus duine de bhunaitheoirí Na Gaeil Óga—bhí mórán idir lámha ag Daithí de Buitléir mar mhac léinn in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus tá neart bainte amach aige ó shin.

Bhí mé i mo shuí sa seomra ríomhairí timpeall 4.40 agus an plean gnó a bhí mar ábhar tráchtais le bheith istigh agam roimh a 5 nuair a bhuail m’fhón. Bhí bean ag glaoch orm ó Chiste Arthur Guinness le cur in iúl dom go raibh duais €50,000 buaite ag an bhfiontar sóisialta ar a raibh mé ag obair. Níor mhair an glaoch rófhada mar go raibh orm an sprioc-am a chomhlíonadh: mhínigh mé mo chás don bhean, a thosnaigh ag gáire, agus gheall mé di go nglaofainn ar ais uirthi.

Tamall i ndiaidh a 5, chuaigh mé le glaoch ar ais orthu ach bhí fadhb agam: ní raibh aon chreidmheas fágtha ar m’fhón! Ag an am sin, bhíodh tú in ann ‘call-me’ a chur chuig daoine—téacs saor in aisce ag iarraidh ar dhuine glaoch ort a bhí ann. An sórt téacs a chuirfeá chuig do mháthair ar mhaithe le hiasacht airgid leis an mbus a fháil abhaile ag an deireadh seachtaine. Cibé ar bith, cheap an bhean ó Diageo go raibh sé an-ghreannmhar agus níor dhein an ‘call-me’ a chuir mé chuici aon dochar dár gcaidreamh gnó.

Níl ansin ach scéal beag amháin ó na ceithre bliana eachtrúla a chaith mé mar mhac léinn in OCBÁC. Thosnaigh mé i 2008, dáiríre ní raibh cliú agam céard a bhí mé ag iarraidh a dhéanamh. Fuair mé pointí san Ardteist a bhí maith a dhotháin go raibh mé in ann aon chúrsa sa tír a roghnú. Bhí an-suim agam i dteangacha ag an am sin ach ní raibh mórán suime agam iontu mar ábhair iontu féin. Mar dhuine a dhein a chuid oideachais trí Bhéarla ar scoil, bhí dúshlán i gcéim Ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge a bhí mealltach dom.

Bhí stíl foghlama neamhspleách go maith agam i gcónaí. Is dócha, ag breathnú siar, go raibh Fiontar an-fheiliúnach do mo stíl foghlama. Bhí na ranganna beag, bhí cúlra tionsclaíoch ag an gcuid is mó de na léachtóirí agus bhí siad breá sásta dioscúrsa a spreagadh sa rang in áit díreach ‘bás trí Powerpoint’. Bhí solúbthacht ann freisin maidir le measúnachtaí—thuig mé ó dhaoine ag déanamh cúrsaí eile gur dúradh leo teideal aiste a roghnú ó liosta. Inár gcás féin, is minic a dúradh linn ábhar aiste a bhain leis an gcúrsa a roghnú agus aiste a scríobh air—in amanna, bheinn scaoilte go maith leis seo. Nuair a bhí daoine eile ag scríobh aistí do Staidéar Eagraíochtaí faoi Google agus Apple, bhí mise ag scríobh faoi La Cosa Nostra. Nuair a bhí daoine eile i mbun taighde ar Acht na gComhlachtaí in Éirinn mar chuid de Rialachas Corparáideach, bheinn féin ag breathnú ar na himpleachtaí a bhí ag an gcumannachas ar luath-rialachas sa Rúis. Thaitin seo go mór liom, tugadh an tsaoirse duit aire a thabhairt do d’fhoghlaim féin; rud a d’fheil go mór dom agus a sheas go mór liom.

Daithí de Buitléir, Paul Gillick agus Kevin Bolger
Daithí de Buitléir, Paul Gillick agus Kevin Bolger tar éis gradam agus seic 50,000 euro a bhaint ó Chiste Arthur Guinness. Bhí sé seo ar an scéim is mó d’fhiontraithe sóisialta in Éirinn ag an am.

In ainneoin an churaclaim acadúil chuimsithigh a cuireadh ar fáil, is lasmuigh den seomra ranga is mó a d’fhorbair mé mar dhuine agus mé ar an gcoláiste. Ar nós go leor daoine, chaith mé an chéad bhliain ar an drabhlás. Bhí mé amuigh cúpla uair sa tseachtain ar a laghad agus bhí sé go maith anonn sa dara bliain faoin am gur oibrigh mé amach cá raibh an leabharlann. Bhí go leor taitnimh le baint as an bhfiántas seo ach is dócha go raibh níos mó uaim ó eispéireas na hollscoile.

Nuair a bhí mé sa dara bliain bhí mé páirteach sa Chumann Gaelach san ollscoil. An uair sin ní raibh an Cumann róghníomhach agus ní raibh mórán de chreatlach forbartha ann. Chuir scata againn go leor fuinnimh leis agus d’éirigh linn turais a eagrú in Éirinn agus thar lear, chuir muid drámaí ar siúl agus d’fhoilsíomar irisleabhar i measc go leor eile. Ní hé gur éirigh go rómhaith le gach rud. Is cuimhin liom gur tháinig cúigear chuig an dráma agus níor mhaith liom an t-irisleabhar a fheiscint anois—ag an am bhíomar an-bhródúil as, ach ní fheadar cén cruth a bheadh ar an dearadh i gcomparáid leis na rudaí snasta atá ann na laethanta seo.

Ceann de na rudaí is spleodraí a d’eagraíomar an t-am sin ná rud darbh ainm Gaelbreak. Tá an múnla seo i ndiaidh fás in Éirinn le tamall de bhlianta ach an t-am sin ba muid an chéad dream in Éirinn lena mhacasamhail a leanúint. Go bunúsach, is comórtas a bhí ann ina raibh ar dhaoine taisteal chuig an oiread contaetha agus ab fhéidir leo laistigh de 24 uair a chloig gan aon airgead a chaitheamh agus gan aon iompar pearsanta a úsáid.

Slua ag rith
Ag glacadh páirte i Rith 2010.

Is cuimhin liom go bhfuair mé féin agus mo chara Jeff bus saor in aisce isteach go lár na cathrach buíochas le Dublin Bus. Chuamar síos chuig Staisiún Uí Chonghaile agus muid ag iarraidh ticéid saor in aisce a fháil ar thraein éigin go haon áit trí Ghaeilge. Níor thuig foireann na dticéad sinn in aon chor agus thóg siad an bainisteoir amach le labhairt linn ach ní raibh tuiscint rómhaith aige siúd ar an nGaeilge ach an oiread. Ar deireadh bhí glantóir ag siúl tharainn a bhí tar éis a bheith i nGaelscoil agus í níos óige. D’fheidhmigh sí mar ateangaire eadrainn agus d’éirigh linn dhá thicéad aonbhealaigh a fháil saor in aisce go Béal Feirste.

Mar dhuine a d’fhás aníos i gCill Chainnigh ní raibh mórán de chur amach agam ar an saol ó thuaidh agus ba é sin mo chéad uair sna sé chontae. Is cuimhin liom agus muid ag tarraingt amach ón stáisiún gur chas mé chuig Jeff ag fiafraí an raibh a phas leis. Ní raibh ceachtar againn cinnte an bhfaigheadh muid thar an teorainn gan phas!

Ar an traein chéanna chualamar beirt eile ag labhairt Gaeilge. Chuamar ag labhairt leo agus mar a tharla sé, bhí siad beirt ag dul suas go seoladh Rith 2010, féile phobail nua a bhí bunaithe ar an Korrika i dTír na mBascach. An rud a bhí i gceist le Rith ná rás sealadaíoch 1,600km timpeall na tíre ag spreagadh na Gaeilge. Thug siad cuireadh dúinn freastal ar an seoladh i Halla na Cathrach. Bhí muid den tuairim go mbeadh daoine ann a bheadh ag dul go contaetha eile agus go mbeadh sin ina thúspointe maith don chuid eile dár nGaelbreak.

Ag deireadh an tseolta, d’iarr na heagraithe orainn fanacht leo ag cabhrú ar feadh lae amháin, agus tar éis an lae, d’iarr siad orainn an mbeadh suim againn fanacht don chúrsa iomlán. Ní raibh Jeff in ann fanacht ach tar éis glaoch ar chúpla léachtóir le síneadh ama a fháil ar roinnt measúnachtaí, d’fhan mé féin don chúrsa iomlán. Chríochnaíomar ar Inis Mór ar Lá Fhéile Pádraig, rud atá mar eispéireas ann féin d’éinne.

Ar an turas sin, bhuail mé le go leor daoine spreagúla agus suimiúla ach nuair a tháinig mé abhaile bhraith mé go raibh folús i mo shaol ó thaobh cúrsaí teanga. In ainneoin go raibh mé ag déanamh céim trí Ghaeilge agus go raibh mé ag plé le Cumainn Ghaelacha srl. is go fíorannamh a labhair mé Gaeilge mar theanga nádúrtha shóisialta le mo phiar-ghrúpa féin. Chonaic mé le Rith 2010 na tréan-iarrachtaí a bhí ar siúl ag daoine leis an nGaeilge a spreagadh timpeall na tíre. Faraor, bhraith mé go raibh easnamh mór ann. B’shin nach raibh aon áit ann do dhaoine óga Gaeilge a úsáid lasmuigh den chóras oideachais.

Ag deireadh 2010, tháinig grúpa beag againn le chéile agus muid ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar an dúshlán áirithe sin. Is as an gcruinniú sin a d’eascair Na Gaeil Óga CLG, club CLG lán-Ghaeilge i mBÁC agus ceapadh mise mar Chathaoirleach Bunaithe ar an gCumann. Chuamar chun páirce den chéad uair i 2010, le cnámh droma láidir de mhic léinn OCBÁC inár measc. Tá fás ollmhór tagtha ar an gCumann ó shin. Anois tá 25 foireann againn le breis is 500 ball imeartha. Tá a mhacasamhail de chlubanna cruthaithe in áiteanna cosúil leis an nGaillimh agus Béal Feirste agus bláth ag teacht ar ghluaiseacht na nGaelchlubanna dá réir.

Is dócha gur seo an chéad aistear fiontraíochta ar a raibh mé agus bhí go leor le foghlaim uaidh maidir le conas daoine a ghríosadh le díriú ar fhís, conas daoine a eagrú agus conas fuinneamh a mhúscailt i ndaoine. An rud is mó a d’fhoghlaim mé ná an méid is féidir le grúpa beag daoine a bhaint amach.

Rang Washington Ireland Program 2011
Rang Washington Ireland Program 2011 ag seasamh ar chéimeanna Capitol Hill.

Bunaithe ar an obair sheach-churaclaim ar fad a bhí idir lámha agam, roghnaíodh mé don Washington Ireland Program i samhradh 2011. Seo scéim scoláireachta trasteorann ina dtugtar daoine ó chúlraí difriúla go Washington DC agus cuirtear iad trí dhianscéim cinnireachta. Bhí tionchar mór ag an samhradh sin orm. Bhuail mé le grúpa daoine a bhí spreagtha lena gcuid smaointí agus sásta fuinneamh a úsáid chun an domhan mórthimpeall orainn a fheabhsú.

Díreach sular imigh mé go Meiriceá, bhí fear eile ó Fiontar darb ainm Rónán Ó Dálaigh agus mé féin ag caitheamh roinnt smaointe le chéile ar conas a d’fhéadfaimis saol na hollscoile a fheabhsú dár bpiarghrúpa. Bhraith muid beirt nach raibh rudaí seach-churaclaim mealltach go leor don ghnáth-mhac léinn agus bhí an taighde ann ag an am sin a léirigh nár ghlac ceathrar as gach cúigear páirt in aon rud seach-churaclaim riamh agus iad ar an gcoláiste.

Nuair a tháinig mé ar ais ó Mheiriceá lán le smaointí agus spleodar, thosnaíomar ag obair ar ghluaiseacht úr darbh ainm DCU RAG. Bhí muid ag iarraidh beocht na mac léinn a mhúscailt le díriú ar fhadhbanna sa tsochaí mórthimpeall orainn ach bhíomar ag iarraidh é a dhéanamh ar bhealaí a bheadh spraíúil. Bhí an dearcadh ann gurbh ionann obair charthanachta agus díolacháin cístí. Bhí muid ag iarraidh a chruthú nach sin a bhí ann.

Ar chúis éigin, d’éirigh thar cionn leis. Bhí cíocras ollmhór ar mhic léinn tuilleadh brí a bhaint amach as a n-eispéireas ollscoile. Taobh istigh de chúpla mí ba muid an cumann ollscoile is mó ar champas agus ag eagrú na n-imeachtaí is mó den bhliain. Bhí na céadta mac léinn ag déanamh obair dheonach linn sa phobal áitiúil. Bhí daoine eile ag cur a gcuid smaointe nuálacha féin i bhfeidhm agus ag cruthú tograí éagsúla, mar shampla, ceann a mhúin stair do dhaltaí i mBaile Munna trí rapcheol, agus ag iompar an éitis leo gur chóir go mbeadh obair phobail spraíúil do gach éinne.

RAG in DCU
Scéim amháin de chuid RAG a bhí i mBus Banter a chuaigh i ngleic le huaigneas cathrach.

Luath tar éis na Nollag thosnaigh muid ag fáil iarratas ó mhic léinn i gColáistí eile a bhí ag iarraidh a mhacasamhail a chruthú ina gcoláistí féin. Thart faoin am seo, thosnaíomar ag smaoineamh ar na bealaí go mbeadh muid in ann an cur chuige seo a scaipeadh mórthimpeall na tíre.

Chuir muid isteach ar chomórtas maoinithe agus trí chomhtharlúint aisteach bhuail mé le billiúnaí aitheanta ar an mbealach amach as leithreas poiblí lá amháin. Bhailíomar ciste maoinithe le chéile agus sheolamar RAG Ireland leis an obair a leathnú mórthimpeall na tíre. Dhírigh mé féin agus duine eile de na bunaitheoirí ar DCU RAG, Paul Gillick, ar an bhforbairt seo go lán-aimseartha ar feadh dhá bhliain tar éis dúinn an coláiste a chríochnú. Níor theastaigh uainn riamh a bheith mar óg-charthanacht chaighdeánach agus tar éis cúpla bliain, bhraith muid go raibh muid ag labhairt faoi airgead níos minice ná an tionchar a bhíomar ag imirt ar an bpobal agus bheartaíomar siúl ón togra. Thar tréimhse trí bliana d’éirigh linn fuinneamh 10,000 mac léinn ar 12 champas a mhúscailt agus tá go leor den obair mhaith sin fós ag dul ar aghaidh.

In ainneoin go raibh go leor foghlamtha agam ó mo thaithí ollscoile agus fiontraíochta, bhraith mé ag an bpointe sin go raibh an ollchumarsáid mar laige de mo chuid agus theastaigh uaim na sainscileanna margaíochta a fhoghlaim ó chuid de na comhlachtaí is mó ar domhan. Chuaigh mé isteach ansin ag obair le comhlacht margaíochta agus fógraíochta darbh ainm Thinkhouse. Bhí spórt mar sainábhar agam agus d’oibrigh mé ar urraíochtaí spóirt do chomhlachtaí móra ar nós Unilever, Heineken agus Three Mobile i gcomhpháirtíocht leis an UEFA Champions League, Formula One, GAA, Rugby World Cup, Olympics srl. D’fhoghlaim mé go leor faoi na meáin shóisialta, fógraíocht, caidreamh poiblí, urraíocht srl. le linn an ama seo. Faraor, theastaigh uaim i gcónaí filleadh ar an bhfiontraíocht arís.

Seoladh The Raggies
Ag seoladh The Raggies, scéim aitheantais do mhic léinn a chuaigh i bhfeidhm ar a bpobal áitiúil.

Tríd an obair bhuail mé le fear darb ainm Garret Flower a bhí ar tí comhlacht úr a thosnú agus bheartaigh mé léim isteach sa bhád leis. Sheolamar Parkpnp in Aibreán 2017 mar mhargadh ar líne ina raibh daoine in ann a gcuid spásanna páirceála príobháideacha a chur ar cíos dá chéile. Tháinig fás spleodrach orainn agus breis is 70,000 úsáideoir anois againn timpeall na hEorpa.

B’fhéidir bliain isteach san aistear, d’aithníomar go raibh deis i bhfad níos mó ann san earnáil pháirceála. I gcomhar gach 1,000 troigh chearnach de spás oifigí, tá 900 troigh chearnach de pháirceáil oifige. Faraor, tá úsáid an-mhí-éifeachtach á baint as an spás sin faoi láthair. Luíonn spásanna folamh ar feadh tréimhsí fada nuair atá daoine ag obair as baile nó ar saoire. Ag an am céanna tá daoine nó comhlachtaí ag íoc as tuilleadh spásanna. Chruthaíomar teicneolaíocht darb ainm ParkOffice a bhainistíonn páirceáil do chomhlachtaí. Méadaíonn sé líon na ndaoine gur féidir leo páirceáil ag an oifig tuairim is 40%, rud a shábhálann na céadta mílte ar na comhlachtaí in aghaidh na bliana.

Gradaim Nuálaíochta an Irish Times
Ag Gradaim Nuálaíochta an Irish Times i 2018, áit ar bronnadh an chéad duais ar ParkOffice sa rannóg inmharthanachta.

Tá ParkOffice ag fás go rábach ó thús na bliana seo. An rud is fearr faoi bhogearraí ná gur féidir le héinne, aon áit ar domhan iad a úsáid. Tá custaiméirí móra againn ar 4 mhór-roinn cheana féin! Táim lán le dóchas don todhchaí, tá ár gcathracha ag méadú i gcónaí agus teastaíonn freagraí nuálacha le cinntiú gur spásanna uirbeacha inmharthana a bheidh iontu. I ngach cathair fhorbartha ar domhan tá tuairim is 4 spás páirceála i gcomhair gach cairr agus ní féidir le daoine páirceáil a aimsiú. Más féidir linn cabhrú le daoine spás a úsáid ar bhealach níos éifeachtaí agus má chiallaíonn sin gur féidir linn roinnt den spás eile a chur ar fáil do thithíocht nó áiseanna pobail, is saibhre a bheas ár sochaí dá bharr.

Cibé rud a tharlaíonn, tá scileanna forbartha agam i mo luathghairm a sheasfaidh liom go deo. An tábhacht le meon oscailte agus an méid is féidir a bhaint amach nuair a dhíríonn tú d’intinn air. Táim buíoch i gcónaí de leithéidí Chiaráin Mhic an Bhaird, Mairéad Nic Giolla Mhícíl, Emer Ní Bhrádaigh agus Cathal Furey a chabhraigh liom ar an aistear seo. Is iomaí uair a leaindeáil mise isteach chuig a n-oifigí le mo smaoineamh is déanaí a phlé leo agus bhí siad i gcónaí foighneach agus comhairleach. Ach is cuma cén coláiste chuig a dtéann tú nó mura dtéann tú chuig coláiste ar bith, mholfainn do dhaoine a luathfhichidí a chaitheamh ag dul amach ag déanamh rudaí, ag eagrú rudaí, ag bualadh le daoine le smaointe úra. Foghlaimíonn tú i bhfad níos mó fút féin an bealach seo ná mar a fhoghlaimeoidh tú riamh i seomra ranga.