Tar éis dom coicís a chaitheamh sa Ghailíl ag déanamh obair dheonach bhí m’aigne déanta suas agam go rabhas chun dul ar ais. Ní ar an nGailíl a bheadh mo thriall an darna babhta ach ar an mBruach Thiar. Bhíos ró-imníoch ar mo chéad chuairt chuig Iosrael dul i dtreo na Palaistíne. Trí uair go leith in aerfort Mhaidrid agus gardaí slándála aerlíne El Al do mo cheistiú, m’fhón póca coimeádta acu ar feadh ceithre huaire is fiche, mé féin agus cúigear eile coimeádta chuig an nóiméad deireanach sular ligeadar dúinn dul ar bord. Agus cé go rabhas míshocair ar feadh mo thréimhse san Iosrael de bharr m’aistir chuige bhí a fhios agam agus mé ag fágáil go rabhas chun filleadh.

Bhíos tar éis léamh faoi fheirm i seilbh chlann Phalaistíneach, clann Nassar, ar an mBruach Thiar. Ar thrí thaobh díobh bhí Iosraelaigh tar éis cur fúthu. Is feirm de chéad acra atá ann agus fásann siad torthaí ann agus tá roinnt ainmhithe acu chomh maith: gabhair, caoirigh agus dhá chapall. Bhíodh oibrithe deonacha ann ag amanna áirithe i rith na bliana chun cabhrú leo na barraí a bhaint. Bhí bheirt Ghearmánach agus cailín amháin ó Albain tar éis bliain iomlán a chaitheamh ann ag obair go deonach an bhliain go rabhas féin ann.

Gach Iúil, chuir an chlann seo campa samhraidh ar bun do dhaoine óga. B’as Beithil d’fhormhór na ndéagóirí a d’fhreastail ar an gcampa agus bhí cuid acu faoi bhun deich mbliana d’aois. Maidir linne, na hoibrithe deonacha, b’as an nGearmáin, an Ostair, an Eilbhéis, an Fhrainc, Sasana, Veiniséala agus an Bheilg na baill eile den ghrúpa agus ba mhic léinn ollscoile a bhformhór. Théimis chuig an mbac bóthair ar maidin chun na páistí a bhailiú ón mbus a thug ó Bheithil iad. Bhí sé deacair codladh sámh a fháil istoíche agus is annamh nach rabhamar go léir traochta. Bhíodh na páistí lán d’fhuinneamh i gcónaí, a bhuí, cheapas féin, leis an oiread milseán agus deochanna súilíneacha a bhí acu agus iad ag teacht chugainn.

Muintir an Bhruaigh Thiar

Bhí ‘rang’ ar leith ag gach beirt. Bhíos ag obair le Els, múinteoir meánscoile ón mBeilg. Gach tráthnóna dhéanaimis plean don rud a bheadh á dhéanamh againn an lá dár gcionn. Bhíodh ranganna comhrá, tascanna scríofa, drámaíocht agus spórt againn gach lá. Bhíodh na daltaí fuinniúil agus cainteach sna ranganna. Ag deireadh an lae, bhailíodh na grúpaí go léir le chéile agus d’iarradh Daoud, úinéir na feirme agus bainisteoir an champa samhraidh, ar dhaltaí éagsúla ó gach rang aiseolas a thabhairt faoina rang agus faoin rud a bhí ar bun acu an lá sin. Lá amháin sheas cailín ónár ngrúpa suas agus dúirt sí go raibh sí ag foghlaim faoi ‘smacht’ sa rang. D’fhéach mé féin agus Els ar a chéile le hiontas. Ní hé go rabhamar ag labhairt faoi chúrsaí smachta ach is dócha go raibh iarracht á déanamh againn smacht éigin a chur i bhfeidhm… is léir go raibh imprisean de shaghas éigin déanta againn pé scéal é.

Bhí na daoine óga an-éirimiúil, cumasach agus muiníneach. Ag brath ar cé a bhí ag labhairt leo chasaidís ón mBéarla go Gearmáinis go hAraibis. Chuir na páistí go léir iontas orm freisin le cé chomh tapaidh is a thuigeadar focail nua, an tsamhlaíocht agus an cumas ina gceapadóireacht scríofa agus an tallann a bhí acu ó thaobh ceoil agus amhránaíochta de.

Anois is arís thagadh cuairteoirí eile chuig an gcampa. Lá amháin tháinig grúpa bobairí Iodálacha chuig an bhfeirm. Ní raibh acu ach an Iodáilis agus ní raibh a dteanga ag na leanaí, ach fós féin, chuireadar taispeántas ar siúl agus bhain na leanaí sár-thaitneamh as. Lá eile bhí ceoltóirí i láthair agus bhí na páistí caillte sa cheol agus iad ag damhsa. Bhí ardmheas agam ar na leanaí go léir. Bhí saol dian acu ach fós neart, fuinneamh, misneach, fonn foghlama agus spéis acu i ndaoine eile agus in áiteanna eile. Théadh na páistí abhaile ag a haon agus bhímis go léir caite amach agus ciúin go ceann tamaill. Níos déanaí agus níos minice ná a mhalairt théimis i dtreo na Beithile. Théadh na hoibrithe deonacha fad-téarmacha linn. Bheadh orainn fanacht le chéile mar ghrúpa i gcónaí agus glaoch a chur sula bhfillimis i dtreo is go n-osclófaí an geata a bhíodh faoi ghlas mar chosaint.

An ghrian ag dul faoi

Istoíche tar éis dúinn ithe d’fhanaimis tamall ag caint. Thiteadh an dorchadas go tapaidh agus go luath. Ag leathuair tar éis a hocht is beag solas a bhí againn seachas píosa beag a leath amach ó fhuinneog na cistine. Bhíomar thuas ar thalamh ard agus is álainn an radharc a bhí againn ar an gceantar cóngarach dúinn agus i bhfad uainn. Is minic a bhíodh caimileon timpeall agus chaithimis roinnt ama ag iarraidh faire orthu ar a dturas suas an falla ag iarraidh gan iad a chailliúint. Is scil ar leith í! Théimis a luí ag a deich ach bhíodh sé te istigh inár bpuball agus bhíodh sé deacair codladh ceart a fháil. Is minic a smaoiníos ar dhul amach agus iarracht a dhéanamh codladh lasmuigh ach chualamar ó Benny, fear óg a bhí tar éis bliain a chaitheamh ann, go mbíodh scata madraí timpeall istoíche, deichniúr acu agus an ceathrar a bhí ag Daoud agus a chlann ar an bhfeirm.

Chríochnaigh an campa tar éis coicíse. Bhí taispeántas ceoil, dráma agus rince eagraithe againn do na tuismitheoirí ar an lá deireanach. Tháinig roinnt acu chugainn chun a mbuíochas a ghabháil linn. Ina dhiaidh sin scaramar óna chéile, ag fágáil slán leis na páistí, le clann Nassar, lena chéile mar ghrúpa agus leis an mBruach Thiar. Is áit ar leith é agus taithí ar leith é am a chaitheamh leis na daoine ann. Táim buíoch.

Buaiteoir

Scríbhneoireacht Taistil