I measc na chéad úrscéalta a léigh mé go neamhspleách agus mé ag fás aníos, bhí saothair le L.M. Montgomery, Laura Ingalls Wilder, Louisa May Alcott, Richmal Crompton agus Enid Blyton—saothair a thaitin go mór liom agus a bhain le tíortha agus réanna éagsúla nár bhain le mo shaol féin ar chor ar bith. Is maith is cuimhin liom an lúcháir a bhí orm nuair a tháinig mé ar scéalta a bhí suite in Éirinn le Siobhán Parkinson i leabharlann na scoile agus níos moille nuair a bhí Under the Hawthorne Tree mar úrscéal ranga againn, scéal a bhí bunaithe ar stair na hÉireann. Tá an dá chineál léitheoireachta seo tábhachtach don aos óg: is féidir leis an litríocht feidhmiú mar scáthán ar shaol an léitheora, ag léiriú gnéithe den tsaol atá inaitheanta ag an léitheoir, ach feidhmíonn sí mar fhuinneog chomh maith, ag léiriú taithí saoil agus cultúir nach bhfuil cur amach ag an léitheoir orthu.

Is ábhar bróid domh é a bheith páirteach i bpainéal Leabhair Pháistí Éireann (Children’s Books Ireland) a thugann aitheantas do scríbhneoirí agus maisitheoirí Éireannacha, cé, ar ndóigh, nach suíonn siad ar fad a gcuid scéalta in Éirinn nó in amanna i dtír ar bith atá inaitheanta ag na léitheoirí! Bíonn deichniúr ar an phainéal seo gach bliain, idir dhíoltóirí leabhar, leabharlannaithe, údair, mhaisitheoirí, lucht acadúil, agus léitheoir óg amháin. Roghnaíonn muid Leabhar na Bliana gach bliain, ach chomh maith leis sin, tá gradaim ag dul do roinnt catagóirí eile. Tá aitheantas faoi leith ag dul do na léaráidí agus don scríbhneoireacht faoi seach, d’údar ag scríobh den chéad uair le gradam Eilís Dillon, agus tá duais ar leith ag na moltóirí a bhronnann siad ar shaothar a sheasann amach ar bhealach faoi leith. Nuair atá an gearrliosta roghnaithe againn mar phainéal, bíonn scoileanna páirteach i roghnú na duaise deireanaí: léann na daltaí na saothair ar an ghearrliosta agus is iad siúd a bhronnann Rogha na Léitheoirí ar an leabhar is fearr leo.

Léann gach éinne ar an phainéal idir 80 agus 100 leabhar taobh istigh de chúig mhí agus tagann muid le chéile uair sa mhí leis na saothair a phlé agus an chéad bheart eile leabhar a bhailiú. Bíonn gach saghas leabhar i gceist: pictiúrleabhair do bhaibíní, úrscéalta téagartha do dhéagóirí, filíocht, úrscéalta grafacha, athinsintí ar scéalta traidisiúnta, leabhair eolais, ábhar i mBéarla agus i nGaeilge.

Ceann de na dúshláin is mó atá againn mar phainéal ná na leabhair éagsúla seo a chur i gcomparáid le chéile le Leabhar na Bliana a roghnú agus tagann ceisteanna spéisiúla chun cinn i gcónaí sa phlé sin. An ceann is tábhachtaí, b’fhéidir, ná cad is leabhar ar fheabhas do pháistí ann? Tchí muid tréithe áirithe a thagann chun cinn go minic: leabhair a chuireann muid ag gol nó ag gáire nó ag machnamh, leabhair nach ndéanann uasal le híseal agus a ghlacann le saol agus mothúcháin an duine óig go dáiríre, agus leabhair a bhfuil téamaí fiúntacha ag baint leo agus a láimhseálann na téamaí sin go tuisceanach tomhaiste.

Fuair mé an chéad bheart leabhar le léamh ag deireadh mhí Lúnasa i mbliana, agus ba chomhartha é domh go raibh an fómhar ag teacht agus go mbeinn ag caitheamh na n-oícheanta dorcha ag léamh, ag tumadh isteach i saol an scéil, ag aimsiú domhain úrnua agus ag dul ar thuras intinne ó mo chathaoir uilleach cois tine.

Tháinig mé ar údair agus ar shaothair a chuaigh i bhfeidhm go mór orm sna gearrliostaí a raibh mé páirteach iontu cheana féin (i 2016 agus 2017): Tangleweed and Brine le Deirdre Sullivan a bhuaigh Leabhar na Bliana i 2017 ar na hathinsintí fileata a rinne sí ar shíscéalta clasaiceacha; The Call le Peadar Ó Guillín, scéal scanrúil faoin lucht sí ag fuadach déagóirí na hÉireann a chuir creathán uafáis tríom, agus Star by Star, úrscéal stairiúil le Sheena Wilkinson suite i gCúige Uladh i 1918. Bhí na cinn áirithe sin dírithe ar dhéagóirí, ach bhuaigh pictiúrleabhar álainn Leabhar na Bliana in 2016, Goodnight Everyone le Chris Haughton, a chuir muid uilig faoi dhraíocht leis na léaráidí áille. Chuaigh mé i dtaithí ar na húrscealta véarsaíochta chomh maith le Moonrise le Sarah Crossan (Laureate na nÓg 2018–20) agus The Space Between le Meg Grehan, seánra a thaitníonn go mór liom. Téann na téamaí tromchúiseacha sna leabhair seo go mór i bhfeidhm ar an léitheoir trí bheaichte agus gontacht na filíochta. Leabhar an-éagsúil ar fad a bhí in Historopedia le Fatti agus John Burke, pictiúrleabhar eolais i bhformáid mhór a chuireann ealaín an leabhair i láthair go héifeachtach agus a mhíníonn stair na hÉireann ar bhealach an-phléisiúrtha agus sothuigthe.

Bhí saothair Ghaeilge ar na gearrliostaí sin chomh maith: Óró na Circíní le Gabriel Rosenstock, athinsintí bríomhara ar ábhar béaloidis ón Afraic agus Bliain na nAmhrán le Tadhg Mac Dhonnagáin, a bhuaigh Duais na Moltóirí mar gheall ar an ealaín, an ceol agus an fhilíocht a bhí fite fuaite sa tsaothar iontach úd.

Cá bhfios cé a ghnóthóidh na gradaim i mbliana. Tá 40 leabhar léite agam go dtí seo, agus tá roinnt acu a sheas amach domh ar bhealaí éagsúla. Is léir cheana féin go mbeidh comórtas gear ann do na duaiseanna éagsúla agus plé bríomhar fónta ar na saothair mar a bhíonn i gcónaí!