An Bailiúchán

Sa bhliain 1984 cheannaigh Leabharlann An Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, páipéir Sheáin Uí Ríordáin, a léiríonn a shaothar mar fhile, scríbhneoir agus iriseoir, agus bhí baint láidir ag an Ollamh Breandán Ó Buachalla, nach maireann, lena gceannach. Is i 49 cóipleabhar nó comhad atá na dialanna a choimeád Seán Ó Ríordáin go rialta ó 1940 go dtí 1977 le fáil anois, i mbailiúchán na sainchnuasach i Leabharlann James Joyce.

Bhraitheas féin, agus Cló Iar-Chonnacht, a bhfuil an cóipcheart acu, go raibh sé ríthábhachtach an t-ábhar seo a fhoilsiú ina iomláine, le go bhfaigheadh pobal na Gaeilge tuiscint cheart ar an saothar mórthaibhseach seo. Is de bharr a chuid filíochta a sheasann cáil Uí Ríordáin, gan amhras, ach faightear sna dialanna léas nach beag ar a chumas próis leis.

Is é atá sna dialanna ná ceann de na samplaí is faide den scríbhneoireacht rialta, leanúnach dá bhfuil againn in Éirinn na fichiú haoise, i mBéarla nó i nGaeilge. Scríbhneoireacht fheasach dhírbheathaisnéiseach atá i ndialanna Uí Ríordáin tríd amach. Seachas cuntas scáinte laethúil ar cad atá déanta nó feicthe aige, bíonn machnamh an duine aonair, agus ní mór a cheart a thabhairt dó mar iarracht chuthaigh ar an bhféinscríbhneoireacht, agus ar mhionscagadh a intleachta i dtreo na féintuisceana.

Imleabhar I

Tá Imleabhar I réitithe agam don chló, ina bhfuil an chéad dá dhialann trascríofa agus curtha in eagar agam. Ón 1 Eanáir 1940 go dtí an 25 Bealtaine 1940 a chuimsíonn an dá dhialann seo; tá an chéad dialann níos téagartha, agus fad 351 leathanach lámhscríofa atá inti. Ón gcéad leathanach, feicimid deisbhéalacht Uí Ríordáin agus fear atá ar a shuaimhneas i mbun pinn sa Ghaeilge. Díol suntais a shaoráideacht teanga agus é ag plé tuairimí agus coincheap casta go leor mar ógfhear atá fós sna fichidí. Don té a bhfuil cur amach aige ar shaothar Uí Ríordáin, níorbh aon iontas dó an méid a phléitear in Imleabhar I. Bíonn an litríocht, an stair, an pholaitíocht chomhaimseartha, cúrsaí sláinte, drámaíocht áitiúil, an Ghaeilge, an Béarla, a ghaolta, Baile Bhuirne agus a cheantar nua faoi chaibidil. Is ríléir an meas atá aige ar chineálacha éagsúla léinn trí chéile. Tá ardmheas aige ar an ealaín, leis, agus cleachtann sé sceitseanna, atá le feiscint in an-chuid de na dialanna. Tá raidhse tagairtí ag Ó Ríordáin do chúrsaí reatha a ré. Tugann sé uaidh go minic cinnlínte an lae as Sgéala Éireann (teideal Gaeilge an Irish Press) ar chúrsaí náisiúnta agus idirnáisiúnta. Ní haon iontas, mar sin, sa bhliain 1940, go bhfuil an-spéis aige in imeachtaí na hEorpa, agus an Dara Cogadh Domhanda ar siúl san am.

Mír as ceann de dhialanna an Ríordánaigh

Tá greann, grá, crá croí, is dar ndóigh, an eitinn tríd amach aige. Fear óg a bhí ann an tráth sin, agus gan saol fada fé bhráca na breoiteachta fulaingthe go fóill aige. Mar sin féin, tá sleachta ann atá fíorbhrónach, agus a ghoillfeadh ar éinne a léifeadh iad. Tá tagairt aige dá bhreoiteacht láithreach, ar an gcéad leathanach féin, go neamhleithscéalach:

1/1/40 (B’fhéidir nár mhiste a rá anso nach duine sláintiúil an scríbhneoir mar go bhfuil an eitinn agam le dhá bhliain anois). Dob’ éigean dom cabhair a fháil chun an bheatha do chimeád ionam.

Pléitear staid na Gaeilge sa tír go mion is go minic sna dialanna. Údar suime é go raibh Ó Ríordáin ag cíoradh cheist an dátheangachais agus chumhacht an Bhéarla mar fhear óg, i bhfad sular tháinig dánta Brosna amach, gan trácht ar Eireaball Spideoige:

3/4/40 …Más féidir liom buachtaint ar an eitinn agus mo shláinte d’fháil thar n-ais is féidir liom buachtaint ar an mBéarla—eitinn na Gaelainne—agus an Ghaelainn do shlánú arís!

Is léir ón tús, áfach, nach raibh drochmheas ag Ó Ríordáin ar an mBéarla, ach a mhalairt; ba thábhachtaí go mór dó an Ghaeilge áfach.

Láthair na scríbhneoireachta

Tá cur amach fada fairsing ar an dán ‘Cúl an Tí’, ar a láthair breoiteachta agus cruthaitheachta, agus tá anseo, go bhfios dom, a chéad chuntas aige féin ar a sheomra beag féin, láthair na hinspioráide dó:

23/1/40 Ar chúl an tí atá an seomra beag codlata so agamsa (ní cur síos ná insint scéil ar mo sheomrasa ‘seomra codlata’ a thabhairt air, mar tá sé ’na oifig agus ’na leabharlann agus ’na sheomra bídh chomh maith agus fós ’na sanatorium).

Ní hamháin seo, ach caoineann sé an léargas cúng atá aige ar an saol amuigh de bharr gur sáinnithe ag cúl an tí atá sé, agus a bheidh feasta:

30/1/40 Tá an méid seo de leithscéal agam ná féadfainn cuntas mo shaoil a bhreacadh anso mar níl saol ar bith agam. Nílim ach ag féachaint ar an saol tré chaolfhuinneoig mo phríosúin sa bhfásach.

Conclúid

Tá sé i gceist agam na dialanna go léir a thrascríobh, a chur in eagar, agus a chur i gcló de réir a chéile. Beidh Imleabhar I i gcló in 2020 agus beidh Imleabhar II (ó dhialann a 3 ar aghaidh) réitithe agam don chló faoi Eanáir 2020. Mo thuairim láidir ná go gcuirfidh na dialanna seo leis an meas atá ar Sheán Ó Ríordáin mar scríbhneoir agus mar smaointeoir leathanaigeanta, scóipiúil.


Íomhánna arna fhoilsiú le caoinchead Shainchnuasaigh Leabharlann James Joyce, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.