I mó dhá lámh a choinnigh mé thú.
Do chuid súile beaga gorma ag stánadh orm.
Do ghaosán beag cosúil le mo cheann féin.
Ní raibh cor asat.

Mo dheartháir óg—Pio Íosaf.
Dhá uair a chloig a chaith tú ar an saol.
B’shin an méid, a Stór.
Dhá uair a chloig a chaith muid le chéile.
Dhá uair nach ndéanfaidh mé dearmad orthu go deo.

Ba i nDeireadh Fómhair a chas muid ar a chéile,
ba ar an lá céanna a raibh mo bhreithlá ocht mbliana déag d’aois agus
cé a shílfeadh go mbeadh an breithlá céarna ag an bheirt againn.

Dhá uair a d’fhan tú leis an triúr againn,
do dheirfiúr, do mháthair agus d’athair
ach dhá uair nár mhair fada go leor.
Ar leath i ndiaidh a dó dhéag, dhruid tú do dhá shúil
agus chuaigh tú a chodladh go deo.

Cé nach bhfeicfidh muid thú riamh arís,
ní dhéanfaidh muid dearmad ort choíche.
Pio s’againne, ár n-aingeal beag.
Cuimhní cuí nach bhfágfaidh mo chroí
go deo na ndeor.
Oíche mhaith a pheata,
Do dheirfiúr Caoimhe.

Buaiteoir, 1ú Duais

Filíocht