Bhí mac tíre uair a bhí iontach deas ar fad. Tá sé sin saghas aisteach, nach bhfuil? Alfie an t-ainm a bhí air. Bhíodh na mic tíre eile sa phaca i gcónaí ag magadh faoi mar ní raibh sé scanrúil ar chor ar bith! Bhí sé ina staicín áiféise! Mhothaigh Alfie uafásach an t-am ar fad.

Lá amháin, bhí Alfie sa choill nuair a chonaic sé cailín óg ar an gcosán ag caitheamh clóca dearg agus ciseán ina lámh aici.

‘Dia duit!’ arsa Alfie. ‘Cá bhfuil tú ag dul ar lá breá mar seo?’

‘Tá mé ar an mbealach chuig teach mo Mhamó, a chara! Tá sí ina cónaí sa choill agus tá sí iontach tinn,’ arsa an cailín óg.

Smaoinigh Alfie air sin. A Mamó bhocht! Ina haonar sa teach agus í ag fulaingt. Go tobann, bhuail smaoineamh iontach é.

‘A Chochaillín, tá eolas agam faoi gach rud sa choill seo. Ná fan ar an gcosán, téigh tríd an gcoill agus beidh tú ag teach do Mhamó i bhfad níos gaiste!’ Bhí áthas ar Alfie. Ba dheas an rud é a bheith cabhrach!

‘Ó, go raibh maith agat—déanfaidh mé sin!’ arsa Cochaillín agus as go brách léi. Smaoinigh Alfie ar feadh tamaill eile. B’fhéidir go mbeadh sé deas cuairt a thabhairt ar Mhamó le bláthanna.

Ach nuair a shroich sé an teach, ní raibh Cochaillín Dearg le feiceáil in aon áit. (Bhí sí i ndiaidh sos a thógáil le císte a bhí sa chiseán a ithe!)

Bhuail Alfie cnag ar an doras. ‘Tar isteach!’ a ghlaoigh Mamó. Bhí Mamó sa leaba agus í ag casacht.

‘Haigh, a Mhamó! Is mise Alfie. Chuala mé go raibh tú tinn! An bhfuil tú ceart go leor? Ar mhaith leat cupán tae?’ a d’fhiafraigh Alfie le miongháire ar a bhéal.

Ansin rinne Mamó rud aisteach. Thosaigh sí ag gáire. ‘Háháhá! Féach air seo. Mac tíre deas i mo theach le bláthanna! Is díol trua tusa. Háháhá… is amadán ceart thú!’

Bhí náire ar Alfie. ‘Tá brón orm! Bhí mé ag iarraidh cabhrú leat,’ ar sé i nglór beag.

‘Ó, tá sé seo róghreannmhar! Níl tú scanrúil ar chor ar bith!’ Bhí Mamó ag gáire fós.

Bhí fearg ar Alfie anois. Bhíodh daoine ag magadh faoi gach lá. Ní raibh sé cothrom!

Ansin tharla rud uafásach. Phléasc Alfie… agus d’ith sé Mamó! Ba mhac tíre gránna é anois agus bhí ocras air!

Tháinig smaoineamh eile chuige.

Cad faoin gcailín? Stad Alfie ar feadh tamaill… sin é! Ghléas Alfie in éadaí Mhamó agus léim sé isteach sa leaba. Ní raibh le déanamh aige anois ach fanacht ar Chochaillín Dearg. Thosaigh sé ag gáire. Fan go n-inseodh sé an scéal seo do na mic tíre eile! Ní bheadh sé ina staicín áiféise níos mó!

Comhbhuaiteoir

Scéal nó dán do pháistí