Phléigh Scríbhneoir Cónaithe Gaeilge DCU 2019, Réaltán Ní Leannáin, féilte, cúrsaí oibre agus na meáin chumarsáide le Caoimhe Ní Chathail, ar céimí de chuid Fiontar & Scoil na Gaeilge í, ar na mallaibh.

RNL: A Chaoimhe, cén bhunchéim a bhain tú amach anseo in DCU? Agus cén bhliain?

CNC: Bhí mise mar mhac léinn Gaeilge agus Iriseoireachta idir 2013 agus 2016. Chinn mé gur sin an cúrsa domsa agus mé sa chúigiú bliain ar an scoil agus bhí an ceart agam. Bhain mé an oiread suilt agus tairbhe as!

RNL: Tá go leor taithí agat ó shin, nach bhfuil? Cad iad na trí phost is fearr a bhí agat ó d’fhag tú an ollscoil—seachas an ceann atá agat anois?

CNC: Is cinnte go bhfuil neart taithí faighte agam. Sin i ndáiríre an rud is tábhachtaí agus tú ag obair sna meáin. Oibrím go lán-aimseartha don chomhlacht léiriúcháin Below the Radar i mBéal Feirste. Cuirim físeáin le chéile do Meon Eile agus bím ag léiriú ábhar do chláir theilifíse s'againn, go príomha ar an BBC. Taobh amuigh de sin, seo blaiseadh de chuid den taithí is fearr atá faighte agam go dtí seo sna meáin…

Brisfidh mé na rialacha ar dtús chun labhairt faoi phost a bhí agam agus mé go fóill ar an ollscoil, sé sin láithreoir teilifíse ar an chlár do pháistí WAC ar TG4. Post a bhí uaim ó bhí mé i mo ghirseach óg ná post láithreoireachta agus b'shin an samhradh is spraíúla de mo shaol go cinnte. Bíonn sé ar TG4 go fóill agus is iontach na cuimhní atá agam nuair a amharcaim air.

D'oibrigh mé i ndiaidh na hollscoile le Raidió na Gaeltachta. D'oibrigh mé ar chlár Bhláthnaid Ní Chofaigh le linn na hollscoile agus d'fhan mé leo don samhradh ansin sular bhog mé go Béal Feirste. Rinne mé achan rud ó thuairisciú go taighde go léiriú agus láithriú. Chuir mé Údar Cainte i láthair faoi dhó an samhradh sin. Níl a dhath níos fearr i mo bharúil féin ná clár raidió beo a chur i láthair agus b'iontach an t-eispéireas é.

Post a bhí dúshlánach ach a thug sásamh iontach dom ná an post mar thuairisceoir nuachta le RTÉ agus TG4. Tá mé i mo thuairisceoir ar phainéal dóibh agus tá neart scéalta clúdaithe agam timpeall na tíre le cúpla bliain anuas. Baineann brú mór leis an phost mar gheall ar an dualgas a bhíonn ort an scéal a chur ar an nuacht in am ach bhuail mé le daoine iontacha ar an bhealach agus d'éirigh liom scéalta suimiúla a chur faoi bhráid an phobail.

RNL: Agus tá tú bainteach le Liú Lúnasa i mBéal Feirste. Inis dúinn faoin fhéile sin agus faoin bhaint atá agat féin leis?

CNC: Tá mé i ndiaidh cuidiú le reáchtáil na féile Liú Lúnasa anseo i mBéal Feirste le trí bliana anuas. Rinne muid ceiliúradh ar chúig bliana den fhéile i mbliana. Is féile imeall-chultúir í a thugann ardán dóibh siúd ar an imeall. Bíonn clár imeachtaí leathan agus éagsúil againn achan bhliain agus ní haon eisceacht í féile na bliana seo le slamfhilíocht, ceolchoirm cheiliúrtha, dianchúrsa Gaeilge, caint ar an ghéarchéim thithíochta agus oíche airneáil i measc imeachtaí na bliana seo.

RNL: Bíonn tú ag taisteal thart ar na féilte i rith an tsamhraidh leis an obair atá agat, nach mbíonn. Obair chrua… cén fhéile is fearr leat agus cad chuige?

CNC: D'fhreastail mé ar fhéile beagnach achan deireadh seachtaine an samhradh seo. Bhí mé ag taifeadadh do Meon Eile ag an fhéile Knockanstockan i mbliana den chéad uair agus thaitin sé go mór liom—bhí sé ar nós Body and Soul beag! Tá rudaí ar leith a thaitníonn liom faoi achan fhéile ach seans gurb é Féile na Gealaí an ceann is mó a thaitníonn liom. Thiocfadh a rá go bhfuil mé claonta mar gheall go bhfuil mé ar an choiste eagrúcháin ach is ceann de bhuaicphointí an tsamhraidh é achan bhliain. Na Gaeil, ceol beo iontach agus go minic aimsir den scoth—ní féidir é a shárú!!

RNL: Tá cor nua sa saol agat anois leis an BBC, nach bhfuil? Post nua a thosaigh tú ar an mallaibh?

CNC: Tá bliain caite anois agam mar láithreoir ar BBC Blas oíche Dhéardaoin ar BBC Raidió Uladh. Is mór an phribhléid é clár dírithe ar dhaoine óga lán siamsaíochta, ceoil agus scéalta daonna a chur i láthair. Bím ag buzzáil achan seachtain agus mé ag dul isteach chuig an BBC agus sílim go mbíonn an sult a bhainim as an chlár a chur i láthair le cloisteáil ar an aer!

RNL: I gceann deich mbliana... cén áit ar mhaith leat a bheith i do shaol gairmiúil?

CNC: Ba bhreá liom a bheith ag déanamh neart cur i láthair go fóill ar an raidió. Ba mhaith liom a bheith ag cruthú ábhair don teilifís fosta; ag insint scéalta daonna agus scéalta tábhachtacha. Ba bhreá liom a bheith i mo láithreoir teilifíse arís. Tá súil agam go mbeidh an oiread éagsúlachta le mo shaol gairmiúil i gceann 10 mbliana agus atá anois!