Thaitin sé go mór le Tarlach a bheith ina chónaí in aice leis an fharraige. Bhí an radharc ab áille ag a theach féin thar aon teach eile i Mín na gCorr, baile beag iargúlta ar chósta na hÉireann. Bhí aithne ag gach duine ar a chéile. Seans maith muna raibh tú ar an aifreann Dé Domhnaigh go mbeadh madaí an bhaile ag caint ort. Glac uaim é gurbh é an fear tí céanna ar leis an siopa an garáiste, an teach tábhairne agus siopa an bhúistéara. Ach áit a bhí ann a raibh Tarlach Ó Dónaill breá sásta ann an chuid is mó den am. Ar laethanta grianmhara thiocfadh leis dul ag snámh lena mháthair agus shantaigh sé i gcónaí a bheith ina sheoltóir mar bhí a chroí istigh san fharraige.

Ach bhí rud beag amháin nár thaitin leis faoi bheith ina chónaí ar cheann tíre Mhín na gCorr: bhí a theach cúpla slat ar shiúl ó Bhinn Chit Úna. Ní hé go raibh eagla air roimh airde ar chor ar bith. Bhí eagla air roimh Chit Úna. I ndáiríre, ní raibh máthair ná mac nach raibh eagla orthu roimpi i Mín na gCorr.

Achan tráthnóna, le clapsholas, théadh Cit Úna chuig an bhinn agus shiúladh sí uirthi, ag stánadh amach ar an fharraige. ‘Tá caill bheag uirthi, ná bac léi,’ a deireadh máthair Tharlaigh.

‘Is cinnte gur cailleach í,’ a deireadh na páistí eile ina rang. Chreid na seandaoine féin ar an bhaile gur bhean sí a bhí inti, a chuir a fear céile, Páid, faoi dhraíocht ionas go bpósfadh sé í.

Duine mór le rá a bhí ina fear céile, Páid, i Mín na gCorr. Fear a bhí an a chuirfeadh Fionn Mac Cumhaill i gcuimhne duit. Shíl na fir gurb é an t-iascaire ab fhearr a tháinig amach as an bhaile. Shíl na mná gurb é an fear ba dhathúla dá bhfaca said riamh. Ach cé gur mhín clár a éadain, is cinnte gurb é an máistir ba mheasa in Éirinn. Is minic a bhualadh spadhar gruama é agus is minic a chluintí gur caitheadh amach as Tábhairne Sheáin Óig é oíche Shathairn. Tugtha don deoch agus don drabhlás. Ní raibh rás capall ar siúl nach raibh geall curtha ar chapall aige. Ní hé sin le rá gur fear saibhir a bhí ann. Ní minic gur fhan a phócaí trom. Ach bhí muintir an bhaile den bharúil gur Cit Úna ba chúis leis seo.

‘Dhíol an chailleach sin a hanam leis an diabhal lena hóigeacht féin a choinneáilt,’ a deireadh máthair mhór Tharlaigh. ‘Ní féidir léi an teach a fhágáil roimh chlapsholas ionas nach ndófar a craiceann go dtí’n chnámh.’

Is fíor nár fhág sí an teach ach amháin le suí ar an bhinn, agus de réir lucht na cúlchainte, b’annamh a tharla sin. ’Sé an scéal a bhí ag muintir na háite ná gur tháinig Páid ’na bhaile léi lá amháin ina dhiaidh dó lá iascaireachta a dhéanamh. D’éirigh Tarlach fiosrach fúithi. Tráthnóna amháin agus é amuigh ag súgradh lena eitleog, tháinig séideán láidir gaoithe agus shéid a eitleog leis. Ar luas lasrach, rith Tarlach ina diaidh. Ní raibh a fhios aige cén treo a bhí sí ag rith. Bhí a ceann dírithe thuas sa spéir, cibé dóigh a raibh an ghaoth ag séideadh. Go tobann bheir rud inteacht greim daingean ar an eitleog bheag. D’amharc Tarlach aníos. Bhí Cit Úna ag coinneáilt greim uirthi agus í ina seasamh ar a binn mhantach. Bhí a cuid gruaige imithe i bhfiáin, ribí rua catacha ag seasamh amach ar a cloigeann ach ní raibh a haghaidh chomh gránna is a bhí Tarlach ag súil leis. An fhírinne lom, ní raibh a haghaidh gránna ar chor ar bith. Ba dheacair a chreidbheáil ach bean ghleoite, tharraingteach a bhí inti.

‘Déarfainn gur leatsa í seo,’ a dúirt Cit lena glór deas bog agus a súile glasa lonracha ag preabarnach. Chlaon Tarlach a cheann, bheir sé greim ar a eitleog agus d’imigh sé ina rith díreach ’na bhaile mar a bheadh gadaí san oíche ann.

Phlab sé doras an tí ina dhiaidh. ‘Cén deifir atá ortsa?’ a d’fhiafraigh máthair Tharlaigh de. Rinne Tarlach iarracht a anáil a fháil ar ais agus a chroí go fóill ag preabadh go trom. ‘Sh-sh-shéid m’eitleog ar shiú… bheir Cit Úna uirthi.’

Baineadh geit as a mháthair. ‘Fan ar shiúl uaithi,’ a d’ordaigh sí, ‘nó cuirfidh sí tusa faoi dhraíocht fosta!’

An tráthnóna dár gcionn, bhí spéir gheal ghlé ann, agus bhí an taoide ag líonadh. Bheadh lán mara an oíche sin. Bhí Tarlach ag críochnú a chuid obair bhaile nuair a chonaic sé radharc aisteach as fuinneog a sheomra. Den chéad uair riamh bhí Páid thíos ag an bhinn le Cit, ach ní raibh siad ag déanamh suntais de na radharcanna áille. Bhí Páid ag tarraingt lámh Chit go garbh i dtreo a dtí. Bhí an chuma air nach raibh sé ag iarraidh uirthi dul síos go dtí an bhinn ar chor ar bith. Is cinnte nach raibh an rabharta chomh dainséarach sin; ní raibh sé ach tosaithe ar líonadh.

‘Tá rud éigin aisteach ar siúl anseo,’ arsa Tarlach leis féin. Shocraigh sé a shúil a choinneáil ar an bheirt acu.

Chuaigh an tráthnóna thart agus go fóill ní raibh freagra na ceiste ag Tarlach. Ba dheacair dó codladh a fháil an oíche sin. Ní raibh ciall le rud ar bith. Pé scéal é, d’éirigh Tarlach an lá dár gcionn agus ceist Chit Úna fós ag dó na geirbe aige. Cén fáth nach raibh Páid ag iarraidh go rachadh sí isteach san fharraige? Ar ghortaigh sé í agus é á tarraingt?

Bhí sé ina lag trá. Níor fhag súile Tharlaigh an fharraige ar chor ar bith. I bhfaiteadh na súl, nocht Cit Úna. Í ina suí mar a bheadh banríon inti ar chloch mhór i lár na farraige. Ní raibh aon rud iontach ag tarlú go dtí gur líon an taoide ní ba ghaiste ná mar ba ghnách. Thug Tarlach faoi deara go raibh Cit Úna go fóill ina suí ar bharr na cloiche. Rith sé síos go béal na farraige agus ní thiocfadh leis an radharc a bhí roimhe a chreidbheáil. Cit Úna ina suí ar aon chloch amháin i measc na dtonnta. Ní cosa a bhí uirthi a thuilleadh ach eireaball mar a bheadh ag maighdeán mhara agus é caite san uisce aici. Ní raibh Páid le feiceáil. Ní raibh a fhios ag Tarlach cé acu ina luí nó ag brionglóidí a bhí sé. Chomh luath is a bhuail an clog a seacht a chlog, las an spéir le splanc thintrí agus chuala sé guth ag béicíl, “Tá mé saor!” Go tobann, léim sí leis na tonnta agus ní fhacthas Cit Úna ón lá sin amach.

Buaiteoir

Ficsean do léitheoirí fásta/Déaglitríocht