Tugaim sciuird rialta ar Ard Mhacha, ar oíche splancléitheoireachta dhátheangaí a tharlaíonn ansin gach dhá nó trí mhí ann. I mbliana, seo é an dóigh ar chuir Réamonn Ó Ciaráin (fear a’ tí) mé in iúl don lucht éisteachta:

‘Agus anois, a chairde, seo í Réaltán Ní Leannáin, Scríbhneoir Cónaithe Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Níl a fhios aici go beacht caidé atá i gceist leis an teideal sin. Má tá duine ar bith amuigh ansin anocht a d’fhéadfadh cabhrú léi leis an sainmhíniú, bhéarfaidh sí éisteacht dó nó di.’

Agus mé tagtha go deireadh mo thréimhse anseo, is mar sin atá go fóill. Níl aon sainmhíniú docht ann. Ach is ansin atá an bua ag an phost seo. Tugann gach scríbhneoir a líonann an post a gcuid taithí saoil leo, agus líonann siad spás ar leith nach ionann é agus an dóigh ar líon an scríbhneoir a d’imigh rompu an spás céanna.

I mo chás féin, bhí blianta fada caite agam ag plé le déagóirí agus iarchéimithe sular thosaigh mé ag scríobh go cruthaitheach. Mar sin, nuair a thug mé faoi cheardlanna scríbhneoireachta le scoileanna dara leibhéal ní rud as an ghnáth a bhí ann. Nuair a bhí bearna le líonadh ar an chlár ama ollscoile bhí mé in ann ag an dúshlán sin. Nuair a thaifead an scríbhneoir/aisteoir den scoth, Myra Zepf, agus aisteoirí óga dráma a scríobh mé do Raidió na Life agus bhí treoir ó na haisteoirí óga, bhí mé in ann cuidiú leo.

Buaicphointí eile don bhliain seo? Na léamha a d’eagraigh mé, cinnte. Ní mhaireann scríbhneoirí amuigh ar an uaigneas, mar a cheapann go leor daoine. Tá an chuid is mó againn beo i ndlúthphobal beag a thuigeann gur ar scáth a chéile a mhaireann muid, mar sin ní mór a bheith tacúil lena chéile!

Póstaer: Litríocht am lóin

Tháinig an scríbhneoir Freaslannach Janneke Spoelstra anall le léamh linn i Leabharlann Uí Chriagáin i rith an tsamhraidh, i gcuideachta Áine Ní Ghlinn ó Bhaile Átha Cliath agus Dáire Ní Chanáin as Doire.

Tháinig Eoghan Mac Giolla Bhríde as Gaoth Dobhair agus Seán Ó Muireagáin as Béal Feirste do léamh sna Seomraí Boird ar Champas na Naomh Uile in éineacht le Caitríona Ní Chléirchín ó Fiontar & Scoil na Gaeilge.

Tháinig móruaisle na scríbhneoireachta chun slán a fhágáil ag na foilsitheoirí, Cois Life, níos moille anonn sa bhliain. Bhí an-chruinniú de scríbhneoirí agus de lucht foilsitheoireachta ann. B’oiriúnach an mhaise é a bheith ar siúl san ollscoil nó ba dhuine d’fhondúirí Cois Life í Caoilfhionn Nic Pháidín, Léachtóir agus Ceann Scoile ar Fiontar, tráth.

Agus pleananna don bhliain seo chugainn? Bhal, tá gearrscéal san eagrán seo de Scáthán a scríobh mé d’IMRAM 2019. Tá mé ag obair ar eachtraí eile de chuid Ailbhe—an príomhcharachtar—i láthair na huaire. Beidh Ailbhe ar camchuairt thart ar ionaid éagsúla i mBaile Átha Cliath, Campas na Naomh Uile ina measc. Nach í Ailbhe atá dalba, dána…

Tuilleadh eolais ar turasailse.blogspot.com.