Bhí deis agam anuraidh bheith mar Reachtaire ar cheann de na cumainn is mó sa choláiste, an Cumann Gaelach. Thángamar isteach le plean láidir ag tús na bliana. Bhí imeacht againn beagnach gach lá den chéad choicís chun go mbeimis le feiceáil go soiléir ag an líon is mó mac léinn agus ab fhéidir. Bhí imeachtaí ar nós Pizza & Plé, Pop-Up Gaeltacht agus turas go Shite Nite i NuBar eagraithe againn. Ag laethanta na gcumann, is léir gur éirigh leis an bplean toisc go bhfuaireamar os cionn 350 ball, an líon is mó ball a bhí ag an gCumann riamh! Tháinig roinnt buaicphointí ina dhiaidh sin i rith na bliana.

Go seachtainiúil sa Chumann, bhí dhá imeacht againn a thug deis do na baill freastal ar imeachtaí go rialta chun a scíth a ligean agus a gcuid den teanga a úsáid. Bhí Tae & Plé ar siúl sa Seomra Caidrimh ar Champas Phádraig gach Máirt ag a haon agus bhí Club Comhrá againn sa Seomra LanguaCulture ar Champas Ghlas Naíon gach Déardaoin ag an am céanna.

Bhí tae, caife, brioscaí agus (uaireanta!) pizza ar fáil ag na himeachtaí seo, rud a chruthaigh atmaisféar réchuiseach dúinn le foclóir a bhailiú, leis an modh coinníollach a dhaingniú agus lenár muinín in úsáid na teanga a fhorbairt. Bíonn siad go fóill ar siúl, le Club Comhrá aistrithe go baile nua sa U, ionad na mac léinn ar an gCéadaoin ag a haon a chlog.

I Mí na Samhna, is go Cill Airne, Co. Chiarraí a chuamar leis an bhféile is mó den bhliain a cheiliúradh, Oireachtas na Samhna. Ní chaillimid an tOireachtas riamh agus bhí 40 againn ar an mbus ar fad ar bís don turas, go háirithe iad siúd a d’fhreastail ar an bhféile roimhe seo agus a thuig an scléip a bhí ag fanacht leo i gContae na Ríochta. Oíche Dé hAoine, bhí chuile dhuine gléasta suas agus ullmhaithe do Chóisir na Mac Léinn. De réir an chomhrá a bhí le cloisteáil, cheapfá nach raibh duine ar bith ach Kneecap ag seinm ann!

I mbliana ag an Oireachtas, ní rabhamar ann le bheith ag cóisireacht amháin, áfach; bhí foireann díospóireachta ó DCU i gcraobh tríú leibhéal Gael Linn den chéad uair riamh. Ar an bhfoireann bhí Catherine Ní Cheallaigh, Ionadaí Céad Bhliana, agus Caoimhe Ní Chonghaile, Gnáthbhall, agus thug siad go fíochmhar faoin gcomórtas maidin Dé Sathairn. Bhí siad tar éis teacht trí réamhbhabhta agus tháinig slua ó DCU le tacú leo. In iomaíocht leo i mBálsheomra Óstán Gleneagle bhí Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Bhí an lucht féachana ar a mbos ag an mbeirt acu, idir Catherine ag roinnt a hainm Snapchat dóibh siúd ag lorg rince léi ag Club na Féile agus Caoimhe a bhí lán-ábalta na pointí eolais ar theastaigh uaithi glacadh leo (nó GAN glacadh leo) a roghnú! D’éirigh leo an dara háit a bhaint amach, éacht don choláiste, leis an gcorn ag dul siar go hOllscoil na hÉireann, Gaillimh.

Ceann de bhuaicphointí na bliana gan amhras ná Gradaim Ghlór na nGael. Mar a mhínigh Alswyn Ní Aonghusa-Ní Dhúill (Comhordaitheoir Tríú Leibhéal i gConradh na Gaeilge ag an am) dom, is é seo na “Oscars” do mhic léinn. Agus ní raibh bréag ar bith sa ráiteas sin. Is próiseas é atá fada. Le cur isteach air, tá foirm le líonadh amach le cúpla míle focal ann. Labhraíonn tú faoi imeachtaí agus gnó uile an chumainn le bliain anuas; na daoine atá ar an gcoiste, na himeachtaí rialta agus na mór-imeachtaí eile a tharla.

Is ceist mhór í an dul chun cinn ón mbliain roimhe sin. Bíonn 40% de na marcanna ag gabháil dó sin. Ansin i ndiaidh duit an fhoirm a líonadh, bíonn agallamh agat le beirt ó Ghlór na nGael agus téann sibh tríd an bhfoirm. Bíonn leabhar gearrthóg le hullmhú agat bunaithe ar an bhfoirm agus bronnann tú ar na moltóirí é san agallamh. Ar deireadh thiar thall, tháinig an bronnadh i Mí Feabhra. Bhí áthas an domhain orainn gur thángamar sa dara háit go náisiúnta le duais €2000.

I measc na n-imeachtaí eile a tharla i rith na bliana bhí Pop-Up Gaeltachtaí, Oíche Scannáin, Cóisir Nollag, Gaeilge 24, Céilithe le mic léinn idirnáisiúnta, Bál na Gaeilge agus Painéal na nGael le Niamh Ní Chróinín, Ciara Ní É & Aoife Ní Dhéisigh!