Chonaic mé buachaill, bhí cuma chaillte air,
Ní raibh cliú ag an bhfear óg agus é ag breathnú ar an spéir.
Chuir mé deireadh lena sheans, ach chráigh sé mo chroí,
Go mbeadh air dul abhaile agus míniú dá thuistí.

Fiú le taithí na mblianta, ní éiríonn sé níos fusa,
Tá gortú i mo cheann, mo chorp is mo chosa.
Ach fós táim réidh, le mo chlaíomh i mo lámh,
Le dul i mbun troda, gan trua, gan dáimh.

Is cuma leo siúd atá i mo choinne,
Braithim gurb é sin gach duine! Mhínigh mé dóibh nach mar sin atá,
Is trua an scéal é más gá é a rá.

Ní ormsa an locht, a dúirt mé liom féin,
Ní dhearna sé iarracht ach ní scéal duine amháin é
Easpa iarrachta gan dabht, iad ag forbairt mínóis
Níl ann ach an tús, tá níos mó le dul fós!

Bhí iarrachtaí cróga déanta ag idir mhná agus fhir,
Bhíos ag faire go géar, le súile iolair.
Tháinig feabhas cinnte ar mo dhaltaí,
ní fhéadfainn é sin a shéanadh.

Ag deireadh an lae fhada,
stopaim den chuardach,
Tá an cogadh ar athló, leanfar leis amárach.
Suím síos agus glanaim na deora seo,
deora an mhúinteora.