Is minic a shamhlaítear ceird an aistriúcháin mar phróiseas meicniúil ina ndéantar teanga amháin a mhapáil ar theanga eile agus nach bhfuil le sárú ach fadhbanna teangeolaíochta amháin, ach ní mar sin atá sé ar dhóigh ar bith. Cé go dtéann stair an aistriúcháin siar i bhfad, is coincheap sách nua é staidéar an aistriúcháin de réir mar a shamhlaítear é sa lá atá inniu ann. Is féidir an léann seo a rianú siar go dtí tús an 20ú haois agus ó shin i leith, cuireadh neart teoiricí agus hipitéisí ar aghaidh faoina bhfuil ar siúl faoi dhromchla teangacha agus i gcúlra phróiseas an aistriúcháin trí chéile.

Ba é Eugene Nida duine de na chéad daoine a mhaígh gurbh fhéidir aistriúcháin a chatagóiriú mar aistriúcháin dhinimiciúla agus aistriúcháin fhoirmeálta. Is ionann aistriúcháin fhoirmeálta agus aistriúcháin ar leibhéal teangacha agus na ceangail séimeantaice eatarthu. Os a choinne sin, is ionann aistriúcháin dhinimiciúla agus aistriúcháin a gcuimsítear iontu go leor ceisteanna amhail na difríochtaí idir cultúir, caidreamh cumhachtaí idir teangacha chomh maith le ceisteanna a bhaineann le cúrsaí ama, staire agus go leor eile. Pléann scoláirí eile ar nós Itamar Even-Zohar agus Gideon Toury le ‘noirm’ san aistriúchán. Go bunúsach, is éard atá i gceist le norm ná gné chultúrtha a nglactar léi go forleathan i sochaí áirithe. Athraíonn na noirm seo ó ghlúin go glúin agus ó chultúr go cultúr agus is iad na daoine féin i sochaithe éagsúla a iompraíonn agus a rialaíonn na noirm seo. Ó thaobh an aistriúcháin de, maítear go nglacfaidh aistriúcháin le noirm na sochaí má tá áit imeallaithe ag aistriúcháin ar an iomlán, nó go ndéanfaidh aistriúcháin noirm nua a bhrú ar aghaidh má tá áit lárnach ag aistriúcháin sa tsochaí atá i gceist. I gcás na Gaeilge, bhí áit lárnach ag aistriúcháin thar na blianta toisc gur ceapadh go raibh instealladh litríochta cultúrtha de dhíth i ndiaidh bhunú an tSaorstáit in Éirinn. Chun an fhís seo a fhíorú, bunaíodh An Gúm agus cuireadh tús le scéim mhór aistriúcháin inar glacadh le lear mór aistriúchán chun litríocht na Gaeilge a athbheochan.

Is féidir a lán daoine mór le rá eile i réimse an aistriúcháin a lua ar nós Lawrence Venuti agus a choincheap ‘Dofheictheacht an Aistritheora’ (Translators’ Invisibility) nó Anthony Pym agus ‘Saghsanna Struchtúr Sochar san Aistriúchán’ (Types of Reward Structures in Translation) ach pléann ceist an tráchtais seo le feidhmiúlachas san aistriúchán. Is iad Hans Vermeer, Katharina Reiß agus Christiane Nord, i measc go leor eile, na príomhimreoirí i mbrainse an fheidhmiúlachais. De réir mar a forbraíodh smaointe i dtaobh an aistriúcháin thar na blianta, tuigeadh de réir a chéile gurbh fhearr i bhfad níos mó béime a chur ar an spriocthéacs seachas gach uile ghné den bhuntéacs a thabhairt slán nó a chaomhnú. Measann Vermeer gurb í an eilimint is tábhachtaí i bpróiseas an aistriúcháin ná feidhm an aistriúcháin a oibriú amach sa sprioc-chultúr agus an t-aistriúchán a bhunú ar an bhfeidhm sin nó ar na feidhmeanna sin. Is ionann an próiseas seo agus ‘Skopos’ arb é an focal Gréigise é le haghaidh ‘aim’ nó ‘purpose.’ Fágann sé an chumhacht ar fad faoin aistritheoir, mar shaineolaí traschultúrtha lena eolas domhanda, an t-éacht seo a fhíorú. Cé go bhfuil an chuma ar an scéal gur smaoineamh loighciúil é seo, maíonn leithéidí Nord gur ceart dílseacht éigin a choinneáil leis an mbuntéacs agus na heilimintí a bheidh le caomhnú a fhiosrú ar dtús sula soláthraítear an spriocthéacs. Is ionann seo agus Anailís ar Théacsanna san Aistriúchán (Text Analysis in Translation) agus tá an tráchtas seo bunaithe ar an anailís seo.

Is í aidhm an tráchtais seo ná anailís Nord a chur i bhfeidhm ar dhrámaí aistrithe ó Bhéarla go Gaeilge agus na feidhmeanna i ndrámaíocht na Gaeilge a mhapáil agus a iniúchadh. Ceaptar ag an staid seo nach ionann na feidhmeanna sna buntéacsanna agus sna spriocthéacsanna ar an iomlán ach bainfear úsáid as an anailís seo chun gnéithe i ndrámaíocht aistrithe na Gaeilge a fhiosrú. Ní rún é gur baineadh úsáid as drámaíocht na Gaeilge mar uirlis bholscaireachta ag tús an 20ú haois agus cuireadh cinsireacht i bhfeidhm i gcásanna áirithe chun na Gaeil a shábháil ó thionchair iasachta nár chloígh le noirm an náisiúnachais Ghaelaigh in Éirinn. Anuas ar fheidhm na bolscaireachta, díreofar ar fheidhm theagasc na Gaeilge do dhaoine in amharclanna na tíre, úsáid an stáitse mar ardán chun Gaeilge ‘mhaith’ a chur chun cinn agus feidhm na drámaíochta in Éirinn chun cur le litríocht na Gaeilge go pras. Ceaptar ag an staid seo go n-athróidh na feidhmeanna sna leaganacha Gaeilge i gcomparáid lena macasamhlacha iasachta ach bítear ag súil go léireofar na torthaí sin in anailís Nord amach anseo.