Is Muineachánach mé. File Muineachánach a scríobhann as Gaeilge agus a bhfuil cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath le blianta. D’fhás mé aníos ag léamh fhilíocht an Chaomhánaigh, (Patrick Kavanagh) agus Seamus Heaney. Bhí gean agam orthu mar fhilí agus thuig mé an mianach cré a bhí ina saothair toisc gur tógadh mé féin faoin tuath ar fheirm i measc na gcnoc beag gar don teorainn, i nGort na Móna, gar don tsráidbhaile beag Scairbh na gCaorach. Agus ansin níos déanaí ar an mheánscoil agus ar an choláiste in UCD, tháinig mé ar fhilíocht Oirialla: ‘Úirchill an Chreagáin’ le hArt Mac Cumhaidh agus ‘Fáilte don Éan’ le Séamus Dall Mac Cuarta’, ‘Úrchnoc Chéin Mhic Cháinte’ le Peadar Ó Doirnín is mó a chuaigh i bhfeidhm orm. Le fírinne is beag banfhile agus is beag file Gaeilge a shíolraigh ó mo cheantar le cúpla céad bliain. Ba é an bard dall Niall Mac Cionnaith a scríobh ‘Coillte Glasa Triúcha’ sa bhliain 1646, an file Gaeilge deireanach ó mo cheantar dúchais go bhfios dom.

Bhí an t-ádh liom agus mé ar an bhunscoil go raibh múinteoir iontach Gaeilge agus Staire againn, an Máistir Séamus Mac Closcaigh, údar agus staraí áitiúil a chur an bhéim ar na logainmneacha Gaeilge a mhúineadh dúinn. Baineann saibhreas as cuimse leis na logainmneacha ársa ó mo cheantar dúchais agus is minic a bhíonn coillte, crainn agus doirí luaite leo, mar shampla; Doire na Sealg, Doire Chaoch, Doire na gCasán, Doire Shaileach, Corr a Chrainn, Cor na Craoibhe agus ansin áiteanna draíochtúla cosúil leis an Lios Buí, Baile Oisín, Tír Ní Néill agus Glasloch.

Nuair a tháinig mé ar an bhéaloideas ar fad a bhain leis an Bhrídeach Sí gar do mo bhaile, bheartaigh mé í a bheith mar theideal ar mo dhara cnuasach filíochta: An Bhrídeach Sí (2014). Bhí cónaí uirthi féin i Loch Thulaigh an-chóngarach don áit a bhfuil mo theach féin agus le m’athair trian den loch céanna. Is iomaí leagan den scéal seo atá ann a d’aimsigh mé i gCnuasach Bhéaloideas Éireann ach seo leagan amháin. Tháinig an Bhrídeach Sí amach as an loch, lá amháin ar scor ar bith agus thit an Taoiseach áitiúil Mac Cionnaith i ngrá léi. Phós siad agus bhí triúr páistí acu agus bhí rath ar an Taoiseach agus ar a thalamh agus ar a chuid caorach. Ach ansin chuaigh sé oíche amháin suas chun cuairt a thabhairt ar a chara, an taoiseach Mag Uidhir i bhFear Manach agus thit Mac Cionnaith faoi gheasa ag iníon álainn fhionn an Taoisigh agus ní raibh sé dílis dá bhean faraor. Nuair a tháinig sé abhaile bhí an Bhrídeach Sí imithe leis na páistí agus na caoirigh ar fad go bun an locha agus bhí dobrón ar Mhac Cionnaith, é uaigneach leis féin ar feadh an chuid eile dá shaol. Spreag an scéal seo go mór mé agus bhunaigh mé mo chnuasach ar na castachtaí a bhaineann le cúrsaí caidrimh agus grá ar uairibh agus an dóigh go mbíonn cineál de ‘phósadh sí’ ann nuair a bhíonn caidreamh dochrach idir beirt. Chomh maith leis sin chuir mé an-spéis sa scéal béaloidis faoin chapall uisce a tháinig amach as an loch agus a sciob daoine leis. Chabhraigh sé sin liom an dán ‘Capall bán’ a scríobh do mo mháthair a bhí ag fáil bháis ag an am ach ní capall dochrach a bhí sa chapall i mo dhán féin ach capall a bhí ag tabhairt faoisimh ó fhulaingt agus saoirse an tsaoil eile do mo mháthair.

Cár fhág sé sin mé agus an bhá a bhí agam le Kavanagh, fear nach raibh bá aige féin leis an Ghaeilge? Muna raibh an bhá sin ann ar an dromchla bhí macallaí na teanga le cloisteáil go fóill i liodán a chuid logainmneacha: ‘Mullinsha, Drummeril, Black Shanco, wherever I turn I see, in the Stony Grey Soil of Monaghan, dead loves that were born for me’. Ba léir go raibh droichid le trasnú agus le tógáil agam féin idir an dá theanga agus an dá thraidisiún filíochta.

Ba mhór an onóir dom é nuair a d’iarr Comhairle Chontae Mhuineacháin orm an dán ‘In Memory of My Mother’ a aistriú go Gaeilge ar ócáid chuimhneacháin Patrick Kavanagh in Inis Caoin Mhuineacháin ar an 28 Samhain 2017, 50 bliain ón lá a fuair sé bás. Bhí mé ag léamh i dteannta Theo Dorgan, Patrick Mc Cabe, Eugene Mc Cabe, Mary Mc Donnell, Evelyn Conlon, agus go leor scríbhneoirí eile. Thaispeáin RTÉ an léamh a rinne mé ar an Nuacht ag 6.00 i.n. Six One agus 5.40 i.n. agus thaispeáin TG4 é ar an Nuacht ag 7.00 i.n. Bhí mo chroí ag pléascadh le bród agus le paisean ar an lá sin ach má bhí féin, bhí sé ag pléascadh le pian is le brón chomh maith céanna mar is ag cuimhneamh ar mo Mháthair dhílis ionúin féin ar shlí na fírinne a bhí mé agus mé ag léamh m’aistriúcháin:

I gcuimhne ar mo mháthair

Ní smaoiním ort is tú i do luí faoin chré fhliuch
sa reilig i Muineachán; chím thú
ag siúl leat síos lána na gcrann poibleog
ar do bhealach chuig an stáisiún, nó ar do bhealach sona  

chuig an dara hAifreann ar Dhomhnach sa tSamhradh
casann tú liom is deir:
‘Ná dearmad amharc i ndiaidh na mbeithíoch—’
Dá thíriúla do rá, is ann a théann na haingil ar cheilt.  

Smaoiním ort, tú ag siúl iomaire cinn
de choirce ghlas an Mheithimh
chomh hiomlán ar do shuaimhneas, chomh lán de ghus—
Buailimid gan choinne le chéile, ag cionn an bhaile  

ar lá aonaigh is i ndiaidh do na margaí
ar fad a bheith á ndéanamh, thig linn siúl le chéile
idir na siopaí is na stainníní
Saor i sráideanna oirthearacha na smaointeoireachta.  

Ó níl tú i do luí faoin chré fhliuch
mar tá tráthnóna fómhair ann anois agus
tá muid ag carnadh na gcruach féir i gcoinne sholas na gealaí
is tú ag miongháire aníos orainn go síoraí.  

Bhain draíocht leis an ócáid féin agus bheartaigh mé dán a scríobh faoi. Lá fuar geimhridh a bhí ann agus muid ag léamh ag meán lae, tháinig gá solais anuas orainn ón spéir:

Meán lae, ag uaigh an Chaomhánaigh Inis Caoin, Muineachán

Bhí capaill dhonna ar na cnoic
is blaincéid orthu
bhí cloigín ag bualadh san imigéin
clog na n-aingeal, is préacháin ag cágadh
os ár gcionn  

Is san aer úr
léigh muid do dhánta don tslua
bhí madadh dubh ar fán
i measc na gcloch cinn is na dtuamaí
mar a bheadh do thaibhse ann  

Bhí grian íseal geimhridh
ag lonrú aníos orainn
ar feadh scaithimh
mar mhacasamhail do mhiongháire  

Bhí meán lae ann
nuair a léigh muid duit, a Fhile
nóin sa tSamhain  

Is bhí píobaire rua
ag seinm os cionn d’uaighe
ag casadh amach nótaí neimhe
na cúlfinne mar bhean sí ar an ghaoth

Rinne mé léamha eile filíochta ó bhí mé ag scríobh do Scáthán an uair dheireanach, ag Féile Idirnáisiúnta na Cúirte sa Ghaillimh, ar Inis Meáin d’Éigse Dara Beag, i gCorcaigh ag an Winter Warmer agus ag IMRAM i mBaile Átha Cliath, agus ag an léamh speisialta ar Champas Phádraig, DCU, i dteannta an scríbhneora cónaithe Dairena Ní Chinnéide, banfhile a thugann an-inspioráid dom. Is é an chéad cheann eile a bheas agam ná an ceann ag Teach an Ardmhéara do Lá Idirnáisiúnta na mBan ar an 8 Márta agus tá fearadh na fáilte roimh achan duine ann. Nach aoibhinn beatha an file!