Bhí an t-ádh leis an tionscadal dúchas.ie (atá á fhorbairt in Fiontar & Scoil na Gaeilge) an duais don Suíomh Gaeilge is Fearr a bhuachan ag Gradaim eir Spiders i mí na Samhna 2017. Is iad na gradaim teicneolaíochta digití is seanbhunaithe in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann iad seo agus tugtar aitheantas do chomhlachtaí agus d’eagraíochtaí pobail a léiríonn cruthaitheacht agus nuálaíocht ar líne. Ainmníodh suíomh úr dúchas.ie, a seoladh ag deireadh mhí Mheán Fómhair 2017, le haghaidh na duaise.

Rud atá i bhfad níos suntasaí, fógraíodh go luath i mí na Nollag go bhfuil aitheantas faighte ag Cnuasach Bhéaloideas Éireann UCD ó Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO) as a bhailiúchán bunúsach—Cnuasach Choimisiún Béaloideasa Éireann 1935–1970—atá curtha le Clár Idirnáisiúnta Chuimhne an Domhain UNESCO.

Gradam Eir Spider

Bunaíodh an Clár seo le haitheantas a thabhairt d’oidhreacht dhoiciméadach a mheasann saineolaithe a bheith de “shuntas den scoth” do chultúr an domhain. Níl aitheantas tugtha sa Chlár ach d’iontráil amháin eile de chuid na hÉireann go dtí seo, is é sin Leabhar Cheanannais. Cuimsíonn an Clár 427 doiciméad agus bailiúchán ar fud an domhain, lena n-áirítear an Magna Carta, Dialann Anne Frank agus Taipéis Bayeux. Leis an aitheantas atá á thabhairt ag clár Chuimhne an Domhain UNESCO, tarraingítear aird ar an doiciméadú uathúil luachmhar ar chultúr na hÉireann atá faighte ag Coimisiún Béaloideasa Éireann agus atá i seilbh Chnuasach Bhéaloideas Éireann UCD—agus á fhoilsiú ar dúchas.ie.  

Is toradh é dúchas.ie ar chomhpháirtíocht a cuireadh ar bun in 2012 idir Fiontar & Scoil na Gaeilge, Cnuasach Bhéaloideas Éireann in UCD (ceann de na cnuasaigh béaloidis is mó ar domhan) agus Leabharlann Dhigiteach UCD. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal bailiúcháin uile an Chnuasaigh a dhigitiú agus a chur ar fáil don phobal ar líne, agus an obair sin tosaithe le Bailiúchán na Scol agus an Bailiúchán Grianghraf. Tá an tionscadal á chómhaoiniú ag An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, le tacaíocht ón gCrannchur Náisiúnta, agus Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath, agus le cabhair airgeadais ó Fhondúireacht Bhéaloideas Éireann.