Bhí Liam Ó Murchú, paraimh-íochaineoir ó Bhaile Átha Cliath, ag siúl trasna an bhóthair nuair a shleamhnaigh sé agus thit sé. Ba bheag nár bhuail carr é, ach bhí an tiománaí an-ghasta ag brú ar na coscáin, an t-aon rud a chosain Liam ó roth an chairr ag leacú a chinn. Rith an tiománaí chuige, buartha go raibh sé gortaithe go dona, ach sheas Liam suas agus rith sé chun éalú ón náire. Bhí a lán aidréanailín ag dul trína chorp agus ní raibh Liam in ann smaoineamh ar aon rud eile seachas cé chomh gar is a bhí sé don bhás. Ní bheadh a scileanna mar chleachtóir karate in ann é a choimeád slán ó charr, ach chuir an smaoineamh sin é ag samhlú faoi fhéidearthachtaí chun é féin a chosaint ó dhaoine eile agus iad ag iarraidh é a ghortú.

Bhí sé fiche bliain d’aois faoin am seo, áfach agus fós, ní raibh deis aige a scileanna karate a thaispeáint, mar sheachain sé trioblóid nuair a chonaic sé é. Bhí sé ag éirí bréan dá chairde ag magadh faoi, iad ina ndornálaithe ag rá nach n-oibreodh aon rud a dhéanfadh sé. Inniu ba bheag nach bhfuair sé bás gan a scileanna karate a chur i bhfeidhm chun léiriú go raibh sé in ann troid. Mar gheall ar an eachtra sin, bheartaigh Liam go raibh air a theicnící a úsáid ar a laghad uair amháin ina shaol agus gurb é sin an lá.

Thug Liam faoi deara gur shiúil sé chuig an siopa áitiúil i ngan fhios dó féin agus é ag éalú. Chonaic sé na déagóirí áitiúla ag pleidhcíocht timpeall air. Bhí siad ag caitheamh balúin uisce ar dhaoine agus iad ag dul isteach agus amach. Bhí eagla ar dhaoine aon rud a rá mar bhí drochchlú orthu. Ba dhornálaí é ceannaire an tslua sin, Tadhg Ó Broin. Bhí aithne ag Liam air mar labhair a chairde faoi, ag moladh go hard a chumais mar dhornálaí. Ní raibh sé ach seacht mbliana déag d’aois ach fiú ag an aois sin dúradh go raibh sé réidh chun gairm phroifisiúnta a thosú. Bhí sé thart faoi throigh go leith níos airde ná Liam agus bhí i bhfad níos troime ná é. Bhí eagla ar chuid mhór den phobal roimhe, Liam san áireamh (ach ní admhódh sé é). D’aithin Liam an rud seo mar dheis chun a bheith mar laoch agus ghlac sé an deis. Dhruid sé leis an ngrúpa agus dúirt sé, “Nach bhfuil aon rud eile le déanamh agaibh seachas a bheith ag caitheamh balúin uisce ar dhaoine ar nós páistí?”

“Cé thú féin? An gceapann tú go bhfuil tú chun sin a rá agus teacht amach slán?” Tháinig Tadhg a fhad le Liam agus d’fhéach sé air go feargach. Bhí Liam ag pleanáil na ngníomhartha a bhí le déanamh aige. Shocraigh sé Tadhg a bhualadh sa cheann, é a chiceáil sa bholg agus ansin chorfadh sé a lámh go dtí go ndúirt sé go raibh brón air agus nach ndéanfadh sé arís é. Thosaigh Tadhg ag gáire, áfach, nuair a chuimhnigh sé cé a bhí ann agus thosaigh sé ag magadh faoi: “An bhfuil tú chun d’ealaíon chomhraic bhréagach a úsáid chun ceacht a mhúineadh dom? Ní oibríonn karate. Tosaigh ag dornálaíocht nó ná bí ag samhlú gur féidir leat troid. Truamhéalach.”

Chuir an abairt sin Liam le cuthach agus ar luas lasrach bhuail sé Tadhg sa cheann lena dhorn dúnta, agus d’ardaigh sé a chos chun é a chiceáil sa bholg, ach ní raibh Tadhg ann. Tar éis an chéad bhuille, thit Tadhg ar an talamh agus bhuail sé a cheann go trom ar an talamh. Bhí fuil ag teacht as a cheann go tapaidh agus bhí a chairde go léir ag screadach le heagla. Ní raibh Liam ag iarraidh aon rud mar seo. Ní raibh mórán ama aige, bhí air a scileanna paraimhíochaineora a úsáid chun saol an fhir óig seo a shábháil. Nuair a chonaic cairde Thaidhg Liam ag cromadh thairis, rith siad chuige agus tar éis cúpla soicind bhí Liam gan aithne gan urlabhra é féin.

Dhúisigh Liam níos déanaí i leaba ospidéil. Ar feadh cúpla nóiméid, níor chuimhnigh sé cén fáth a raibh sé san ospidéal, ach nuair a tháinig an chuimhne ar ais chuige, léim sé as an leaba agus rith sé go dtí an chéad altra a raibh sé in ann aimsiú. Chuir sé ceist uirthi faoi dhéagóir a tháinig isteach le gearradh mór dáiríre ar a cheann. D’imigh an dreach geal óna haghaidh nuair a d’aithin an t-altra Liam agus dúirt sí leis go raibh na gardaí ag iarraidh labhairt leis. Mhínigh na gardaí dó go bhfuair Tadhg bocht bás agus é san otharcharr ar an mbealach go dtí an t-ospidéal. Chaill sé an iomarca fola agus ní raibh aon duine ann a thuig conas é a shábháil ag tús na tubaiste uafásaí.

Nuair a thosaigh an ceistiúchán, mhínigh Liam gach rud a tharla an lá sin, agus os comhair na cúirte an tseachtain ina dhiaidh sin, ciontaíodh é i gcion dúnorgaine. Chaith Liam deich mbliana sa phríosún ag smaoineamh ar an lá sin agus ar an gcineál saoil a bheadh aige mura gcaithfí an dorn amháin.