-

Tá obair mhór curtha i gcrích ar Champas Phádraig DCU chun athchóiriú agus uasghrádú iomlán a dhéanamh ar an Seomra Caidrimh. Cuireadh moladh chuig an gCoiste Bainistíochta an samhradh seo caite agus glacadh leis an moladh sin. Tá obair chrua déanta ag Coiste na Gaeilge i gColáiste Phádraig chun an plean seo a chur i gcrích agus bhí ionchur ag an bhfoireann agus ag mic léinn sna pleananna.

Tá an Seomra Caidrimh oscailte do mhic léinn, d’fhoireann na hOllscoile agus do phobal DCU. Bíonn réimse leathan d’imeachtaí, ceardlanna agus seisiúin eolais ar siúl sa Seomra. Tá an spás ar fáil dóibh siúd ar mian leo a gcuid Gaeilge a úsáid agus a fheabhsú i dtimpeallacht fháilteach chompordach.

Tá muid an-tógtha leis an Seomra Caidrimh nua!

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Siobhán Seoighe, Oifigeach Gaeilge, trí ríomhphost a sheoladh chuig: oifigeach.gaeilge@dcu.ie.