Chaith mé bliain i mo Scríbhneoir Cónaithe san ollscoil ach is i mo bhaile féin a bhí cónaí orm agus ní i dteachín ag geata an champais. Tá úrscéal nua á scríobh agam ach ní ‘scríobh gan chónaí’ a thabharfainn air sin, sa chiall eile atá leis an nath sin, a bheith ag scríobh gan stad ná sos. Cad is Scríbhneoir Cónaithe, más ea, agus cén tairbhe don scríbhneoir agus don ollscoil araon go mbeadh a leithéid de phost ann?

I mí Feabhra 2016 a ceapadh mé sa phost páirtaimseartha bliana mar Scríbhneoir Cónaithe, i gColáiste Phádraig ar dtús agus ansin faoi scáth Fiontar agus Scoil na Gaeilge san ollscoil. Is éard a chiallaíonn an ‘cónaí’, dáiríre, ná go gcaitheann an scríbhneoir am le pobal an choláiste, ag tabhairt léachtaí agus ceardlann, ag eagrú imeachtaí agus ag spreagadh na mac léinn agus na mball foirne chun scríbhneoireachta. Agus cuireann an obair sin ioncam rialta ar fáil don scríbhneoir ar feadh na tréimhse, rud a chabhraíonn léi sealanna rialta a chaitheamh ag scríobh.

An cúram is mó a rinne mé sa phost ná cabhrú le Scáthán 2017 a thabhairt ar an saol. I mí an Mhárta 2016 a tháinig an coiste eagraithe le chéile ar dtús, agus ó shin i leith, bhí fiche cruinniú ar a laghad againn, gan trácht ar iliomad ríomhphostanna, glaonna fóin, liostaí, moltaí agus babhtaí eagarthóireachta. I mí an Mhárta freisin a rinne mé dreas oibre de shórt eile, nuair a thug mé sciuird trí lá ar Chonamara le ceardlanna agus cainteanna faoi scríobh comhaimseartha na Gaeilge a thabhairt do ghrúpaí mac léinn ón gcoláiste le linn dóibh bheith thiar. Bhí an aimsir go haoibhinn tar éis na Cásca agus sciob mé tamall dom féin le dul ag siúl ar Chnoc Chamuis agus ar Thrá an Dóilín.

Póstaer
Póstaer i gcomhair ócáid léamha próis i gColáiste Phádraig, in earrach 2016

Mar aon le léachtaí aonair agus sraith ceardlann a thug mé do mhic léinn, bhí go leor ócáidí eile ar siúl agam i gcaitheamh na bliana: ina measc, léamha próis am lóin i mí Aibreáin mar aon leis an aistritheoir Irene Duffy Lynch, le tionlacan ceoil ó Shíle Denvir agus Thomas Johnston; agus ócáid i leabharlann champas Ghlas Naíon i mí Bealtaine, nuair a tugadh cuireadh dom duaiseanna a bhronnadh i gcomórtas scríbhneoireachta do ghrúpaí pobail i dtuaisceart na cathrach. Bhí an-áthas orm freisin faoin taispeántas ar mo shaothar a rinne Victoria Smyth i Leabharlann Uí Chriagáin.

Lasmuigh den ollscoil, bhí mé páirteach in ócáidí eile fós, ó Theach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath go Féile na Gaeilge i Manchain, Sasana, agus in dhá ionad i mBéal Feirste, an Chultúrlann agus Áras Mhic Reachtain. Bíonn ceardlanna do dhaltaí ar siúl agam freisin faoi scáth scéim na Scríbhneoirí sna Scoileanna, Sheachtain na Gaeilge agus imeachtaí CBI/Leabhair Pháistí Éireann. I mbliana chaith mé sealanna spreagúla i scoileanna i gContae Loch Garman.

Ceardlann scríbhneoireachta
Anna i mbun ceardlainne le grúpa mac léinn sa tríú bliain fochéime (2016)

Lá na mBan
Anna agus banscríbhneoirí eile na cathrach ag ócáid Lá Idirnáisiúnta na mBan, Teach an Ardmhéara, B.Á.C. (2016)

An t-úrscéal nua atá idir lámha agam ná an tríú ceann sa tsraith do léitheoirí óga ina bhfuil Vortex (2006) agus Hóng (2012) cheana. Níl teideal agam dó fós ach tá súil agam féin agus ag an bhfoilsitheoir Cló Iar-Chonnacht go mbeidh sé réidh do na siopaí leabhar faoin samhradh. Tá físchluiche agus eachtraí mistéire san ‘fhíorshaol’ i gcroí an scéil mar a bhí sa dá leabhar eile, agus an uair seo tá na laochra óga ar a ndícheall sinn a thabhairt slán ó ollchontúirtí timpeallachta agus teicneolaíochta, go háirithe maidir leis an athrú aeráide. Ní raibh a lán taighde le déanamh agam ar na contúirtí úd de bharr go mbím páirteach—gné den ‘fhíorshaol’ a chaithim féin—i bhfeachtais fúthu, rud a bhfuil géarghá leis faoi láthair, faraor. Ionann is trí mhí lánaimseartha a ghlacann sé le húrscéal don aos óg a scríobh, i mo thaithí, i gcomparáid le bliain iomlán do m’úrscéal Scáil an Phríosúin, a foilsíodh ag deireadh 2015. Carnán mór nótaí taighde agus comhaid ríomhaire a bhí fágtha agam sa chás sin.

Is iontach an deis a fuair mé bheith i mo Scríbhneoir Cónaithe—agus is anois a bhraithim go bhfuilim ag cur aithne cheart ar phobal na Gaeilge san ollscoil, díreach agus an post ag teacht chun deiridh! Is dúshlán é a thuiscint conas is fearr obair chruthaitheach a spreagadh i measc scata an-mhór mac léinn a mbíonn tráthchlár an-lán ag a bhformhór. Bhí an t-ádh orm, más ea, tacaíocht agus comhairle den scoth a fháil ó bhaill foirne iomadúla, agus brú oibre seasta orthusan freisin. Aireoidh mé uaim sibh uile agus mé ag filleadh ar an scríobh ciúin cónaitheach sa bhaile.


Féach portráid agus beathaisnéis Anna ar shuíomh Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge. Tá a cuid leabhar ar fáil ar shuíomh Cló Iar-Chonnacht.