Tionóladh Scoil Gheimhridh Merriman 2016 ar Champas Phádraig, DCU, ó 29 go 31 Eanáir 2016. 'Sráideanna Naofa Átha Cliath' a bhí mar theideal ar an Scoil seo a dhein comóradh ar an dlúthbhaint a bhí ag an gcathair le hÉirí Amach na Cásca 1916 agus leis an Athbheochan. Ba chuid í an Scoil Gheimhridh den Chlár Comórtha Céad Bliain.

Eagraíonn Cumann Merriman Scoil Gheimhridh trí Ghaeilge gach bliain agus ba í seo an chéad uair ar cuireadh ar bun i mBaile Átha Cliath í. Is í Críona Ní Dhálaigh, Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, a d’oscail an Scoil go hoifigiúil oíche Dé hAoine. Leag sí béim ina hóráid ar a lárnaí is a bhí Baile Átha Cliath in imeachtaí an Éirí Amach agus ar an gceangal tábhachtach atá ag an gcathair leis an nGaeilge le fada an lá. Bhí mórán scoláirí aitheanta agus ceoltóirí den scoth páirteach in imeachtaí an deireadh seachtaine. Ina measc, bhí an tOllamh Máirín Nic Eoin, an tOllamh Regina Uí Chollatáin, An tOllamh Michael Cronin, An Dr Róisín Ní Ghairbhí, An Dr Máire Harris agus an Dr Síle Denvir. Rinneadh plé tathagach bríomhar ar an Éirí Amach sa nualitríocht, ar an gcoimhlint idir gluaiseacht na hathbheochana agus an ghluaiseacht mhíleata, ar Eoin Mac Néill agus ar thionchar Éirí Amach na Cásca thar lear agus ar mhórán gnéithe eile de théama na Scoile.

Oscailt na Scoile
An Dr Deirdre Nic Mhathúna, Liam Ó Dochartaigh, Ard-Mhéara Bh.Á.C. Críona Ní Dhálaigh, agus an Dr Pádraig Ó Duibhir ag oscailt oifigiúil na Scoile 2016

Chomh maith leis na cainteanna acadúla, sheol an tOllamh Alan Titley na leabhair Litríocht na Gaeilge ar fud an Domhain, Imleabhair I agus II, ar an Satharn agus bhí turas bus stairiúil leis an Dr Séamas Ó Maitiú ann thart ar láithreacha a bhaineann leis an Éirí Amach. Cuireadh ceol agus amhráin ó dhrámaí an Phiarsaigh i láthair ag ‘Caithréim’ oíche Dé Sathairn. Ócáid den scoth a bhí ann a chuir an lucht éisteachta faoi dhraíocht, agus an Dr Síle Denvir, Fiontar agus Scoil na Gaeilge, i mbun cóirithe agus léirithe mar aon lena comhluadar ceolmhar. Cuireadh clabhsúr leis an Scoil Gheimhridh le hócáid liteartha maidin Dé Domhnaigh ag ar léigh Doireann Ní Bhriain sleachta as dialann a scríobh Peadar Ó hAnnracháin, seanathair léi, faoin mbaint a bhí aige féin leis an Éirí Amach. Léigh Darach Mac Con Iomaire dánta de chuid Phádraig Mhic Phiarais agus sheinn Máire Bhreathnach ceol ón tréimhse. Ina theannta sin ar fad bhí seisiúin bhríomhara cheoil ann ag Club Merriman in Óstán an Skylon an dá oíche.

Tá Cumann Merriman ag súil go mór le filleadh ar Champas Phádraig do Scoil Gheimhridh 2017 a bheidh ar siúl ó 3 go 5 Márta. An Ghaeilge i mBaile Átha Cliath a bheidh mar théama ag an Scoil Gheimhridh seo agus pléifear ról na Gaeilge sa chathair go stairiúil agus go comhaimseartha lena linn. Beidh léachtaí, siompóisiam agus ócáidí liteartha agus ceoil mar chuid den chlár. Mar is gnáth ag an Scoil Gheimhridh is féidir a bheith ag súil le plé bríomhar agus dea-chomhluadar!

Seoladh Caithréim
An tOllamh Michael Cronin ag tabhairt léachta ar thionchar Éirí Amach na Cásca thar lear (2016)

Bíonn scoláireachtaí ar fáil do mhic léinn tríú leibhéal le freastal ar Scoil Gheimhridh Merriman. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach ríomhphost a chur chuig deirdre.nicmhathuna@dcu.ie.