Uaireanta is aoibhinn beatha an fhile agus is gnóthach! Ní fhanann muid istigh sa seomra beag ar chúl an tí, linn féin ar an uaigneas i gcónaí. Bíonn pobal agus lucht léitheoireachta agus éisteachta ag teastáil ó fhile ar bith, i mo bharúil. Mar a tharlaíonn sé bhí an-chuid ócáidí ar siúl agam féin agus an-bhliain filíochta agam ó d’fhill mé ar Bhaile Átha Cliath an tráth seo anuraidh. Braithim i gcónaí gurb í an chathair croílár an chultúir.

Chuir mé tús le himeachtaí filíochta ar an 27 Eanáir 2016 nuair a thug mé caint agus léamh filíochta ag seimineár Chonradh na Gaeilge ar “Tábhacht na Gaeilge don Fhéiniúlacht Éireannach” i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath. Bhí mé beannaithe i measc na bhfear agus mé thuas ar an stáitse ansin ag caint mar aon le Michael McDowell, Máirtín Ó Muilleoir agus Fiach Mac Conghail agus an pictiúr álainn de Pharnell taobh thiar díom. Ba mhór an onóir agus an phribhléid dom labhairt ag an ócáid. Seo thíos sliocht as an chaint a thug mé sular léigh mé na dánta amach:

D’fhéadfaimis a rá gurb ionann teanga agus féiniúlacht ar bhealach nó gur cuid lárnach den fhéiniúlacht í an teanga. Sa deireadh thiar thall, is rud solúbtha í an fhéiniúlacht. (Níl san fhéiniúlacht féin ach suim smaointe, mothú agus eispéireas an duine.) Cruthaítear an fhéiniúlacht sa teanga: an fhéiníomhá. Sa dóigh gur cineál scátháin í an teanga orainn féin. Is cuid í an teanga den tsícé dhaonna agus de shícé an phobail. Cruthaítear smaointe trí mheán na teanga mar is trí mheán na bhfocal a dhéanann muid iarracht ar ár bpeirspictíochtaí ar an saol a roinnt le chéile.

Bealach í an teanga le muid féin a chur in iúl. Cuid í den chuimhne, den chomhfhios agus den neamh-chomhfhios príobháideach agus poiblí. Caidé sainiúlacht na Gaeilge mar sin? Dom féin, mar fhile agus scoláire Gaeilge, baineann sainiúlacht na Gaeilge le ceol na teanga féin, le saibhreas na logainmneacha, le draíocht an bhéaloidis agus leis an traidisiún liteartha chomh maith le fuinneamh na teanga féin lena cuid rithimí agus macallaí ceolmhara. Déanann an Ghaeilge muid a shaibhriú agus a dhoimhniú ó thaobh cultúir de. Tugann sí anam dúinn. Dúirt Seosamh Mac Grianna tráth gurb í an litríocht anam na teanga ach measaim gurb í neamh-chomhfhios na teanga chomh maith. Dom féin mar fhile ag saothrú sa Ghaeilge, caithfidh mé a rá gur roghnaigh an teanga mé seachas a mhalairt. Cibé turas anama a bhí agus atá le déanamh agam is trí mheán na Gaeilge atá sé le déanamh.

Baineann spiorad agus meanma faoi leith leis an Ghaeilge, cultúr ársa agus baineann cumhacht mhothúchánach léi nach mbaineann leis an Bhéarla. Is dóigh liom go bhfuil an Ghaeilge níos cóngaraí don cholainn agus dá cuid rithimí agus go dtugann sí deis domsa mar fhile m’fhéiniúlacht bhaineann a chur in iúl ar bhealach níos saibhre ná an Béarla.

Póstaer don imeacht i dTeach an Ard-Mhéara
Póstaer sheimineár Chonradh na Gaeilge, “Tábhacht na Gaeilge don Fhéiniúlacht Éireannach”, a bhí ar siúl ar an 27 Eanáir 2016

I mí an Mhárta bhí mo thriall ar an Fhrainc áit a raibh mé ag déanamh léamh filíochta ag ócáid speisialta in ómós do 1916 san Université de Bretagne Occidentale, i mo theannta, bhí ambasadóir na hÉireann sa Fhrainc, Geraldine Byrne Nason. Bhí mé ag stopadh ar feadh lae i mBrest, mo lóistín agam os cionn theach tábhairne Éireannach ansin agus bhí deis agam labhairt le muintir na háite chomh maith le mo chara an Dr Ruth Nic Giolla Iasachta atá ag obair ansin agus Tomás Ó Ceallaigh. Aistríodh an dán a scríobh mé ‘Macallaí 1916’ go Fraincis agus Béarla. Ba mhór an spreagadh agus an pléisiúr a bhain mé as an ócáid.

I mí Aibreáin, léigh mé an dán céanna a chum mé in ómós do 1916 ‘Macallaí 1916’ ar chéimeanna Theach na Cúirte, i mBaile Mhuineacháin mar chuid den chomóradh oifigiúil ‘Monaghan 1916—Brought Back to Life’ eagraithe ag an iarsmalann ansin. Tháinig Pearse, Connolly agus an dream ar fad amach ar na céimeanna ansin le forógra na Saoirse a léamh amach.

Ar an 18 Meitheamh 2016, thug mé léamh filíochta i dteannta Paula Meehan, Nuala Ní Dhomhnaill agus Theo Dorgan i leabharlann James Joyce sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath, UCD, agus rinneadh taifead don chartlann ansin don ‘Irish Poetry Reading Archive: The Voice of Irish Poets’. 

Caitríona agus Fiana Ní Chonaill
Caitríona in éineacht leis an chláirseoir Fiana Ní Chonaill ar champas Ollscoil Luimnigh, Deireadh Fómhair 2016

Fuair mé cuireadh fosta chun léamh filíochta a dhéanamh in Ollscoil Luimnigh ar an chéad lá de Dheireadh Fómhair 2016. Bhí tionlacan ceol cláirsí leis an chláirseoir Fiana Ní Chonaill ag an léamh agus shíl mé gur éirigh go han-mhaith leis sin mar phléigh muid na mothúcháin agus téamaí na bportanna agus na ndánta agus d’oibrigh siad go maith le chéile. Bhí sé go hálainn pilleadh ar Ollscoil Luimnigh toisc go raibh mé ag obair ansin idir Meán Fómhair agus Nollaig 2015.

Ar an 7–9 Deireadh Fómhair bhí Éigse Oirialla ar siúl in Ó Méith agus thug an Dr Pádraigín Ní Uallacháin cuireadh dom léamh filíochta a dhéanamh i dteannta leis an phíobaire Tiarnán Ó Duinchinn. Caithfidh mé a rá gur bhain mé barr suilt as an deireadh seachtaine toisc an saibhreas ceoil agus amhránaíochta a bhí ann. Bhí sé iontach a bheith ag léamh i dteannta píobaire áitiúil ó Chontae Mhuineacháin fosta. Spreag an ócáid dán nua ionam toisc go raibh mé ag cuimhniú siar ar fhilí Oirialla: Art Mac Cumhaigh, Peadar Ó Doirnín agus Cathal Buí Mac Giolla Ghunna. Thug mé an teideal ‘AthOirialla’ ar an dán agus toisc gur mise an t-aon fhile a bhí i láthair, bhraith mé freagracht agus uaigneas áirithe:

AthOirialla

Ó Méith faoi chlapsholas
tráthnóna i nDeireadh Fómhair
is conamar an choimheascair
ag titim ag an Éigse
soilse trasna an chuain
go contae an Dúin
sléibhte na Cuailgne dúghorm
i gcoinne spéire
fuaim shéimh na farraige
ag lapadaíl san oíche
is cumhra feamainne ar an aer
blaisim iontas arís
osclaíonn mo shúile athuair
téim ag comhrá le taibhsí
ólaim filíocht
ceol is amhráin
leanaim coiscéimeanna gan rian
fliuchaim mo bhéal
cuardaím Cathal Buí,
Peadar an Doirníneach
is Art Mac Cumhaigh
féachaint an bhfuil siad ag iarraidh
dul amach ar an téar
ach freagra uathu na radairí
cha bhfaighim…
is chan fhuil agam ach scadán amháin
agus dúlamán na binne buí…
gan chomhluadar filí.

Thig le saol an fhile a bheith an-uaigneach uaireanta le fírinne agus uaireanta bheifeá ag déanamh gur beag an meas agus an luach atá amuigh ansin sa domhan mór ar an fhilíocht. Ach turas anama atá san fhilíocht dom, é á dhéanamh mar shaothar grá ‘labour of love’. Ní scríobhann éinne le pingneacha a shaothrú sa deireadh thiar. Mothaíonn tú uaireanta go bhfuil tú ar an imeall ar fad, go háirithe agus tú ag scríobh i nGaeilge toisc luachanna airgeadúla, ábharacha shochaí an lae inniu a bheith chomh bunoscionn sin le luachanna na filíochta. Mar sin, is mór an spreagadh don fhile é, nuair a fhaigheann sí cuireadh chun a cuid filíochta a léamh amach, mar níl ionainn ach daoine daonna agus tá misneach, comhluadar agus aitheantas uainn chun coinneáil a ghabháil ar aghaidh, chomh maith le héinne eile.

Bhí neart comhluadair agam i measc na bhfilí nuair a fuair mé cuireadh léamh filíochta agus caint a thabhairt chomh maith le páirt a ghlacadh ag seimineár faoi fhilíocht na mBan ag an Fhéile Bheag Filíochta, Mí na Samhna 2016 le mo chomhfhilí Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus Marcus Mac Conghail. (Bhuaigh mé duais Michael Hartnett i dteannta le Marcus, in Aibreán 2015 don dara cnuasach a scríobh mé An Bhrídeach Sí.) Ba é an file Simon Ó Faoláin a d’eagraigh an ócáid agus bhí sé galánta an deireadh seachtaine a chaitheamh leo i mBaile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí. Thug mé caint fosta ag Meanmanra faoin tráma san fhilíocht i mBaile Átha Cliath ar an 21 Samhain 2016 i gClub na bPíobairí Uilinn.

Chun críoch a chur le himeachtaí filíochta na bliana, rinne mé léamh filíochta agus caint ar thionchar an Ríordánaigh ar mo shaothar féin ag Comóradh an Ríordánaigh, Baile Bhuirne 1–3 Nollaig 2016. D’eagraigh an Dr Tríona Ní Shíocháin agus an Dr Ríona Ní Churtáin an comóradh toisc go bhfuil céad bliain ann ó rugadh an Ríordánach. Bhí sé fíorálainn an cuireadh a fháil uathu agus iad a fheiceáil arís. Comóradh den scoth a bhí ann agus bhí na filí Liam Ó Muirthile agus Colm Breathnach agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh i láthair fosta. Fuair muid deis iontach cúrsaí filíochta agus eile a phlé le chéile. Ba gheall le hoilithreacht dom cuairt a thabhairt ar Bhaile Bhuirne agus ar uaigh an Ríordánaigh.

Ag féachaint amach romhainn ar an bhliain úr seo, tugann sé an-mheanma agus misneach dom go bhfuil meas go fóill ar an fhilíocht i gcultúr na nGael. (Sílim go mbeidh orm níos mó ama a chaitheamh sa seomra beag liom féin i mbliana!) Ar Ghaillimh a bheas mo thriall san Earrach d’fhéile idirnáisiúnta na Cúirte ansin ag léamh mo chuid filíochta.

‘Anois teacht an earraigh, tá an lá ag dul chun síneadh, is le teacht na féile Bríde, ardóidh mé mo sheol…’.


Féach portráid agus beathaisnéis Chaitríona ar shuíomh Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge.