Cúis an-áthais ar fad domsa fáilte ó chroí a chur roimh theacht Scáthán ar an saol arís. Tá iris Ghaeilge na mac léinn ó aimsir Choláiste Phádraig ar ais arís inár measc faoi chló nua—iris Ghaeilge do mhic léinn uile na hOllscoile méadaithe.

Ainmníodh go maith í mar iris, nó bhí sé i gceist riamh go mbeadh sí ina scáthán ar shaol agus ar shaothar na mac léinn. Is iomaí mac léinn a d’fhoilsigh a c(h)éad iarrachtaí litríochta ar an iris agus tá an deis sin chomh tábhachtach inniu agus a bhí sí riamh. Le bunú na Scoile nua, Fiontar agus Scoil na Gaeilge, tá glúin nua mac léinn ag scríobh faoi ghnéithe éagsúla dá saol féin trí mheán na Gaeilge—an spórt, an iriseoireacht, an litríocht, an ceol agus go leor eile. Agus tá gliondar orainn a saothar a thréaslú le buaiteoirí an chomórtais scríbhneoireachta—maith sibh uilig!

Beidh Scáthán ar fáil ar líne agus tá sé sin ag teacht leis na treochtaí is nua-aimseartha in earnáil na foilsitheoireachta, i réimse an oideachais (go háirithe in DCU) agus i saol na Gaeilge féin. Ag an am céanna, tá oidhreacht na hirise i gColáiste Phádraig á ceiliúradh in eagrán 2017, agus é 40 bliain ó foilsíodh Scáthán ar dtús sa bhliain 1977.

Feicfidh duine ar bith a bhreathnós ar an iris nua go bhfuil saol na mac léinn agus go deimhin saol phobal na Gaeilge uile chomh bisiúil, éagsúil, suimiúil agus a bhí riamh agus go bhfuil glúin óg inár measc atá sásta lóchrann na Gaeilge a iompar ar aghaidh go muiníneach. Níl aon amhras orm ach go mbeadh bunaitheoirí na hirise rí-bhródúil as saothar na glúine nua seo. Ba mhaith liom obair agus fuinneamh an choiste eagarthóireachta go léir—idir fhoireann agus mhic léinn—a thréaslú leo agus guím gach rath ar an iris i mbliana agus sna blianta eile a shíneann amach romhainn. Go maire sibh bhur saothar!