D’imigh mé de ráig ag barr an lána, an lána a thug slí isteach chun na sléibhte, agus Lucy á leanúint agam. Ní fhaca mé ach a scáth os mo chomhair, bhí sí ag rith chomh tapa sin. Rinne mé mo sheacht ndícheall coinneáil suas léi, mé iontach fiosrach faoi Lucy agus faoin rud a bhí ag cur as go mór di. Lean sí ag rith tamall fada agus ansin, go tobann, stop sí.

Stop mé in aice le Lucy. Rug sí greim daingean ar mo rosta. D’fhéach mé uirthi. Bhí dath an bháis uirthi agus í ag stánadh go géar ar an talamh. Sheas sí mar a bheadh dealbh ann.

Thosaigh mo chosa fúm ag crith. Fágadh mé i mo staic, mo bhéal tirim ag an bpointe seo. Chas mé mo shúile ó aghaidh Lucy agus d’fhéach mé go mall ar an talamh in aice linn.

Níor chreid mé fianaise mo dhá shúl. Chonaic mé an fhuil, í ag meascadh le duillí na gcrann agus salachar an talaimh. An chéad mharbhán a chonaic mé riamh. Chaoch mé mo shúile cúpla uair. Ní raibh me in ann bun ná barr a dhéanamh den radharc a bhí os mo chomhair. Bhí corp fuar spréite ar an talamh.

Fear ard, tanaí a bhí sínte romham. Bhí sé gléasta i róbaí síoda, iad álainn ildathach, clúdaithe anois le cré thais. Bhí Lucy in aice liom, í socair go leor, ag análú isteach is amach go ciúin, amhail is go raibh faoiseamh uirthi. Aisteach go leor, mhothaigh mé trua di.

D’fhéach mé timpeall orm. Thug mé faoi deara an áit ina raibh mé i mo sheasamh. Níor thug mé aird ar an suíomh timpeall orm go dtí seo, agus an oiread eile a bhí ar m’intinn. Bhí fuaimeanna na n-ulchabhán ag líonadh an aeir go huaigneach.

Bhí Lucy ina seasamh faoi scáil na gcrann in aice le corp an fhir. Chúb mé siar díreach ansin. Shíl mé go raibh soilse cairr ag druidim linn, ach ní raibh ann ach solas na gealaí ag lonrú trí na géaga.

Bhuail bunfhírinní an cháis mé. Bhí aithne ag Lucy ar an bhfear seo. Dúirt sí liom cheana go raibh sé á leanúint abhaile ón scoil, á crá agus á céasadh. Ach b’fhéidir nár inis sí dom chomh holc is a bhí cursaí.

Bhí orm gníomhú ar an toirt. Bhí dualgas orm í a chosaint. Mhínigh Lucy dom ansin an bhaint a bhí aici leis an bhfear seo. Mí i ndiaidh míosa a bhíodh sé á crá. Leanadh sé Lucy abhaile ón scoil, ag stánadh uirthi trí na fuinneoga. Nuair nach raibh tuismitheoirí Lucy sa bhaile, bhriseadh sé isteach sa teach. D’éirigh leis í a éigniú go rialta. Ní raibh Lucy cróga go leor an scéal a roinnt lena tuismitheoirí. Ní chreidfeadh siad focal a déarfadh sí, go mbíodh an fear fánach sin sna sála uirthi i rith an ama. Ní raibh Lucy in ann déileáil leis an gcruatan níos mó.

Gan an dara smaoineamh, rug Lucy ar rúitíní an fhir. Bhuail racht tuisceana mé agus bhí orm gníomhnú. Chabhraigh mé léi an corp trom a tharraingt trasna thalamh an tsléibhe. Bhreathnaigh mé thart chun a chinntiú nach raibh duine ná deoraí i ngar dúinn.

Ar ámharaí an tsaoil ní raibh duine ann. Bhíomar ag streachailt anois, muid ag tarraingt chorp an fhir, cos amháin an duine againn, an fhuil ag sileadh ar an talamh inár ndiaidh. Muid gléasta sna gnáthéadaí a bhíonn ar chailíní naoi mbliana déag d’aois, mar a bheadh cailíní neamchiontacha. Bhíomar ag rith níos tapúla anois, i ngan fhios dúinn. Bhí na crainn ag caitheamh scáileanna ar an talamh, cuma bhagrach orthu agus muid ag imeacht thar bráid.

Tháinig líonrith orainn anois. Ar éigean a chreid mé an rud a bhí ar siúl againn. Ach bhí orm Lucy a chosaint. Cinnte, bhí sé de dhualgas orm sin a dhéanamh.