In Scáthán 1979, mhaígh Alan Titley gur éirigh le Coláiste Phádraig “trí aicme éagsúla daoine a thabhairt ar an saol a chuaigh i bhfeidhm ar an tír ar a laghad chomh láidir céanna is a chuaigh cuid de na múinteoirí, mar atá, peileadóirí, polaiteoirí agus scríbhneoirí pinn.”1 Ar ndóigh, tá a fhios ag madaí Dhroim Conrach gur fhreastail John McGahern agus Máirtín Ó Cadhain ar an choláiste mar gheall ar na léachtlanna atá ainmnithe ina n-onóir, ach san alt seo ba mhaith liom sciuird a thabhairt trí chuid de na scríbhneoirí eile a chuaigh go mór i bhfeidhm ar shaol na Gaeilge.

Má théann tú chuig leabharlann Champas Phádraig, tchífidh tú iareagráin de Scáthán a théann siar go 1977, ach, ar ndóigh, d’fhreastail ábhair scríbhneoirí ar an choláiste i bhfad sular cuireadh tús leis an iris. Bhí an-trácht ar chuid de mhórscríbhneoirí na Gaeilge a d’fhreastail ar an choláiste i seaneagráin Scáthán (an Cadhnach, Seosamh Mac Grianna, Séamas Ó Grianna, Eoghan Ó Tuairisc ina measc), ach ní hionann oidhreacht liteartha an choláiste agus saothar na scríbhneoirí seo amháin—is liosta le háireamh iad na scríbhneoirí ar fad a d’fhreastail ar an choláiste sa 140 bliain ó bunaíodh é.

Níor chóir go bhfaigheadh an coláiste an chreidiúint as na scríbhneoirí seo uilig a spreagadh agus a chothú, áfach; seans fiú amháin gur a mhalairt de thionchar a bhí ag saol an choláiste ar na scríbhneoirí óga i rith tréimhsí áirithe. Rinne Seán Ó hAodha an cur síos a leanas ar thráthchlár na mac léinn sna 50í:

Bhí saol eagraithe rialta ag na mic léinn: éirí ar a seacht […] Aifreann (éigeantach) leathuair tar éis a seacht; bricfeasta ar a hocht (leite, arán agus tae; slisíní agus uibheacha maidin Domhnaigh agus laethanta saoire eaglaise) léachtaí go dtí a trí a chlog; am saor (gan cead dul amach geata an choláiste) go dtí a cúig; staidéar éigeantach ón a cúig go dtí a seacht agus níos déanaí arís; paidreacha na hoíche timpeall a deich agus ina dhiaidh sin am codlata … Bhíodh ‘oíche shaor’ ag na mic léinn ó am go ham—’sé sin cead fanúint amuigh go dtí a haon déag.2

Is léir nach raibh beatha an scoláire i gcónaí chomh haoibhinn agus chomh spreagúil is atá inniu; go deimhin, is dócha gurb é an saol sóisialta fuadrach a tharraingíonn mic léinn óna gcuid staidéir, gan trácht ar iad a tharraingt ón scríbhneoireacht, sa lá atá inniu ann! 

Mar sin féin, má chuardaíonn tú “Coláiste Phádraig” ar www.ainm.ie (an bunachar beathaisnéisí atá digitithe ag Fiontar), gheobhaidh tú go leor eolais faoin slua mór daoine a d’fhreastail ar an choláiste nó a mhúin ann a chuaigh i bhfeidhm ar shaol na Gaeilge ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Ar ndóigh, níl trácht sa bhunachar sin ach orthu siúd atá ar shlí na fírinne, agus is iad na fir amháin atá luaite ó tharla nár fhreastail mná ar an choláiste go dtí 1971.  

Coláiste oiliúna múinteoirí a bhí i gColáiste Phádraig i dtús báire, agus mar a dúirt Alan Titley, “Ní haon scéal nua é go bhfaighidh tú mórán múinteoirí i measc aicme na scríbhneoirí.”3 Ní fios an é timpeallacht fhuinniúil an tseomra ranga a spreagann iad le dul i mbun pinn, an leadrán a bhaineann le ceartúcháin agus pleananna ceachta, nó—rud a rith le Titley—na huaireanta gearra oibre! Pé scéal é, tá idir dhrámadóirí, iriseoirí, aistritheoirí, fhilí, chriticeoirí liteartha, bhailitheoirí béaloidis agus úrscéalaithe i measc alumnas an choláiste.

Ní nach ionadh agus iad ina múinteoirí bunscoile, dhírigh cuid de na scríbhneoirí ar léitheoirí óga: Máirtín Ó Corrbuí, drámadóir agus scríbhneoir an-bhisiúil a scríobh úrscéalta do pháistí den chuid is mó idir 1950 agus 1965 ar mhaithe le Club Leabhar na Sóisear; Pádraig Ó Cadhla a chéadaistrigh Alice’s Adventures in Wonderland go Gaeilge i 1922; Pádraig Ó Moghráin, scríbhneoir agus bailitheoir béaloidis, a d’aistrigh go leor saothar do pháistí ón Ghearmáinis sna 1940í, scéalta na ndeartháireacha Grimm san áireamh; agus Críostóir Ó Raghallaigh a scríobh roinnt mhaith leabhar scoile.

Ar ndóigh, díríonn scríbhneoirí comhaimseartha ar an mhargadh óg chomh maith: tá cáil ar Cholmán Ó Raghallaigh, an chéad eagarthóir ar Scáthán, mar gheall ar na húrscéalta grafacha agus leabhair eile don aos óg a d’fhoilsigh sé agus é i mbun Chló Mhaigh Eo, agus tá Tadhg Mac Dhonnagáin ina stiúrthóir ar an chomhlacht foilsitheoireachta Futa Fata, a fhoilsíonn úrscéalta, pictiúrleabhair agus amhráin atá dírithe ar an aos óg.

Bhí traidisiún láidir scoláireachta sa choláiste chomh maith ó ceapadh Eoin Mac Néill mar ollamh le Gaeilge in 1897, an chéad duine riamh a raibh an post sin aige. Maireann clú Mhic Néill i saol an Bhéarla mar gheall ar an fhreasordú a thug sé i 1916 agus é ina cheannaire ar Óglaigh na hÉireann, ach i saol na Gaeilge, tá cáil air mar gheall ar an obair eagarthóireachta a rinne sé ar Irisleabhar na Gaedhilge, An Claidheamh Soluis agus Fáinne an Lae, agus ar a scoláireacht trí chéile.

Leanann an obair scolártha seo ar aghaidh sa ré chomhaimseartha, agus criticeoirí liteartha agus scríbhneoirí cruthaitheacha móra le rá ar an fhoireann léachtóireachta le blianta beaga anuas, Alan Titley, Breandán Ó Conaire, Máirín Nic Eoin, Liam Mac Mathúna agus Séamas Ó Mordha ina measc (scríbhneoirí a sholáthraigh ábhair do sheaneagráin Scáthán, dála an scéil).

Bhí an-tionchar ag daoine eile ar dhoiciméadú agus ar chaomhnú bhéaloideas na tíre: Énrí Ó Muirgheasa a bhailigh béaloideas ar fud Chúige Uladh agus a bhí ar na chéad bhaill den Chumann le Béaloideas Éireann i 1927; Liam Mac Meanman a bhailigh ábhar a líon tuairim is 10,000 leathanach; Micheál Mac Énrí a raibh an-spéis aige i mbéarlagair an lucht siúil, gan trácht ar na bailitheoirí amhrán, Seán Ó Casaide, Pádraig Ó Meára, Mícheál Ó Máille agus Tomás Ó Colmáin. Bhí go leor múinteoirí scoile ar cuireadh oideachas orthu i gColáiste Phádraig an-ghníomhach i mBailiúchán na Scol (1937–9) chomh maith, scéim náisiúnta inar bhailigh páistí scoile béaloideas óna gceantar áitiúil. Tá an t-ábhar seo le feiceáil ar www.dúchas.ie, suíomh eile a sholáthraíonn Fiontar.

Níl ach blaiseadh anseo den éagsúlacht agus den saibhreas scríbhneoireachta a tháinig ó iarscoláirí an choláiste, gan trácht fiú amháin ar na scríbhneoirí cónaithe a chaith seal sa choláiste. Is é seo an chéad eagrán de Scáthán i ré nua inchorpraithe in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus is léir go n-éascaíonn agus go spreagann na tionscadail atá idir lámha ag Fiontar agus Scoil na Gaeilge (www.duchas.ie, www.ainm.ie, www.tearma.ie, www.logainm.ie, www.gaois.ie) taighde agus scríbhneoireacht nua.

Agus maidir leis na peileadóirí agus na polaiteoirí, b’fhéidir go mbeidh plé orthu siúd sa chéad eagrán eile de Scáthán

Foinsí

  1. Alan Titley, "Peann agus Dúch", Scáthán (BÁC: 1979)
  2. Seán Ó hAodha, "An Coláiste ins na Caogaidí", Scáthán (BÁC: 1984)
  3. Titley, "Peann agus Dúch", ibid.