Go gairid roimh an Nollaig, cailleadh comhghleacaí dílis de chuid na Scoile s’againne agus de chuid na hOllscoile trí chéile, an Dr Peadar Ó Flatharta. Ba mhór an stangadh a bhain a imeacht tobann asainn agus ní áibhéil ar bith é a rá go bhfuil folús fágtha ina dhiaidh nach líonfar.

Ceapadh Peadar ina Léachtóir Sinsearach in Fiontar sa bhliain 2003 agus níorbh fhada gur tháinig sé ina Cheann Scoile ina dhiaidh sin. Thug sé leis chuig DCU blianta fada taithí agus seirbhíse le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, áit ar imir sé ról lárnach maidir le cruthú agus le múnlú polasaithe éagsúla i leith na teanga. Bhí sé ina Stiúrthóir ar an gComhdháil ar feadh tréimhse fhada agus is ann a chuaigh sé i bhfeidhm ar ghlúin daoine a bhí ag obair go gníomhach agus go toilteanach i saol na Gaeilge ag gach leibhéal; ina measc grúpaí pobail agus grúpaí deonacha ar fud na tíre, mar aon le feachtais teanga ar nós Ghlór na nGael.

Bhí baint mhór ag Peadar le Coimisiún na Gaeltachta, a mhol go dtabharfaí isteach reachtaíocht teanga (Acht na dTeangacha Oifigiúla), go gcuirfí oideachas trí mheán na Gaeilge ar fáil do dhaltaí scoile sa Ghaeltacht arbh í an Ghaeilge a dteanga dhúchais (an Polasaí Oideachais Gaeltachta), go gcuirfí ar bun Aonad Gaeilge Tríú Leibhéal do léann na sochtheangeolaíochta agus don phleanáil teanga (Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge), agus go dtabharfaí plean náisiúnta don Ghaeilge isteach (An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge). Agus é ag tógáil ar na tograí sin go léir, is le linn a thréimhse le Fiontar a iarradh air tuairisc chomhairleach a chur le chéile maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge de chuid an Stáit a tugadh isteach sa bhliain 2010. Is é Peadar a chruthaigh cnámh droma na cáipéise agus a rinne an chuid ba throime den réamhobair ar an straitéis sin. Cé nár glacadh leis na moltaí ar fad a chuir Peadar ar aghaidh, tá a thuiscint ghrinn ar cheist na teanga agus lorg a láimhe go láidir ar an bplean a foilsíodh.

Chuir sé suim mhór i gcaitheamh a shaoil i gcúrsaí oideachais agus in oideachas na Gaeltachta go háirithe. Go deimhin is mar bhunmhúinteoir sa Ghaeltacht a thosaigh sé amach ar a chonair ghairmiúil i dtús báire. D’fhoilsigh an Chomhairle um Oideachas Gaeilge agus Gaeltachta saothar tábhachtach taighde dá chuid, Struchtúr Oideachais na Gaeltachta, sa bhliain 2007. Bhí spéis mhór aige i léann agus i litríocht na Gaeilge mar dhisciplín, an prós nua-aimseartha go háirithe, agus nuair a bhí sé níos óige, scríobh sé roinnt gearrscéalta a tharraing an-aird agus a shaothraigh an-mheas ar a pheann sciliúil. Ba é saol agus saothar Mháirtín Uí Chadhain is mó a mheall a spéis acadúil le blianta beaga anuas agus bhí an t-uafás taighde déanta aige ar ghnéithe éagsúla de shaol an scríbhneora cháiliúil sin. Nuair a d’aimsíodh sé seoid bheag eile in áit fhánach trí mheán a chuid taighde, bhíodh sé ar bís a leithéid a lua liom. Is iomaí uair a bhuail sé isteach chugam i m’oifig i bhFoirgneamh McNulty ar Champas Ghlas Naíon agus a chupán tae ina ghlac aige chun dreas comhrá a dhéanamh faoin obair a bhí ar siúl aige. Bhain sé an-sult as an dá aistriúchán de Cré na Cille a foilsíodh anuraidh agus, go deimhin, as an gconspóid a ghin siad i measc lucht léirmheastóireachta. I ndiaidh dó a thréimhse mar Cheann Scoile a chríochnú ag deireadh an tsamhraidh 2013, bhí sé ag dréim go mór le breis ama a chaitheamh ar an togra. Is é an díol trua é nach mbeidh an deis aige anois an obair thábhachtach sin a thabhairt chun críche.

Peadar Ó Flatharta

Mar Cheann Scoile in Fiontar agus ar bhealaí níos leitheadaí taobh istigh den Ollscoil, bhí clú agus cáil air mar dhuine séimh, tuisceanach agus garach. Bhí intleacht ghéar ann agus chreid sé go paiseanta san obair ar bhí ar siúl in Fiontar ó bunaíodh é agus bhí an-bhród air bheith ábalta cur leis an obair sin ar bhealaí éagsúla fad a bhí sé linn. Sampla an-mhaith dá leithéid ba ea an dá iarchéim a cuireadh ar bun le linn a thréimhse mar Cheann Scoile (i) MA sa Ghaeilge (Sochaí agus Teanga) agus (ii) MA sa Ghaeilge (Acmhainní Teanga). Ar ndóigh chreid sé go daingean sa tábhacht a bhain le céimithe óga a chur amach as DCU agus iad oilte sa dá theanga i réimsí an ghnó, na teicneolaíochta agus na hiriseoireachta, agus throid sé go dian ar a shon sin i gcónaí.

Mar chara agus mar chomhghleacaí caoin, tomhaiste, tuisceanach a chuimhneofar feasta air. Muide a tháinig faoina chúram agus faoina stiúir chaoin, is mar dhuine a roinn a chomhairle agus a chuid ama go fial orainn agus mar fhear a bhí in ann an t-uafás a bhaint amach ar a bhealach ciúin, cumasach féin a smaoineoimidne air.

Suaimhneas síoraí dá anam uasal.