Thriall aisteoirí, drámadóirí, stiúrthóirí, léiritheoirí agus lucht léinn ar Champas na Naomh Uile, DCU, don chéad chomhdháil drámaíochta agus teilifíse ar 17 agus 18 Feabhra. Nuair a foilsíodh an leabhar ceannródaíoch Stair Dhrámaíocht na Gaeilge (Ó Siadhail, 1993) os cionn scór bliain ó shin, dúradh go neamhbhalbh sa réamhrá go raibh drámaíocht na Gaeilge ‘ar fhorimeall shaol na Gaeilge go fóill’ agus go raibh sí ar an ngné ba laige d’ealaíona na Gaeilge. Ach an fíor an ráiteas seo a thuilleadh? Cén dul chun cinn atá déanta ag na taibhealaíona le blianta beaga anuas? Cén ról a bhí ag TG4, atá 20 bliain ar an bhfód i mbliana, i gcothú na drámaíochta teilifíse agus na scannánaíochta Gaeilge? Rinneadh cíoradh ar na ceisteanna seo agus go leor eile thar an dá lá den chomhdháil.
Bhí plé ar dhrámaí do pháistí agus an drámaíocht san oideachas, i seisiúin le Marc Mac Lochlainn (Branar Drámaíochta), Celia de Fréine agus Darach Ó Tuairisg (Fibín). Léiríodh an dráma do pháistí, Spraoi (dráma dátheangach i nGaeilge agus i gCatalóinis) freisin mar chuid d’imeachtaí na Comhdhála. Taispeánadh an chéad scannán Gaeilge, Oidhche Sheanchais (1935) le Robert Flaherty, ina n-insítear scéal béaloidis cois tine. Phléigh an Dr Brian Ó Catháin (NUIM) agus an Dr Deirdre Ní Chonghaile (OÉG) cúlra agus tábhacht an scannáin seo, scannán a bhí imithe amú le seachtó bliain anuas, go dtí gur aimsíodh cóip i gcartlann Harvard arú anuraidh. Bhí plé ar an drámaíocht chomhaimseartha freisin leis an léachtóir agus léiritheoir Marianne Kennedy (OÉG), an scríbhneoir agus stiúrthóir aitheanta Darach Mac an Iomaire agus an t-aisteoir agus scríbhneoir Diarmuid de Faoite.
Bhí idir shean agus nua i gceist sna hábhair a pléadh, ó na healaíona béil traidisiúnta go todhchaí TG4 agus gach a bhaineann leis na taibhealaíona, ó chleamairí go ceamaraí. Ní ar fhorimeall shaol na Gaeilge a bhí an drámaíocht le linn na comhdhála agus d'fhág an plé bríomhar an-ábhar machnaimh ag gach duine a ghlac páirt ann.
Tuilleadh eolais ar an mblag! http://comhdhail.blogspot.ie