In Clearwater, Florida, i Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM), seasann foirgneamh amháin go bródúil os cionn na comharsanachta, a chruth geal bán ag frithchaitheamh sholas na gréine ar a lucht féachana. Sin “Fort Harrison Hotel”, ceanncheathrú spioradálta na heoleolaíochta, nó ‘The Church of Scientology,' atá ar cheann de na reiligiúin is rúnda ar dhroim an domhain. Ní fios go díreach cad a tharlaíonn laistigh de bhallaí an óstáin toisc an rúndacht úd agus an bealach a bpléann údaráis na heoleolaíochta le daoine a scaoileann a gcuid rún. Ach tá méid áirithe cloiste againn ó sceithirí agus ó iarbhaill den ‘eaglais’. Agus is féidir go bhfaighimid tuiscint níos fearr ar chúrsaí amach anseo agus ceanncheathrú an reiligiúin nua-bhunaithe ar Chearnóg Mhuirfean i mBaile Átha Cliath, rud a fhágfaidh go mbeidh slua eoleolaithe Éireannacha inár measc.

Is é Lafayette Ron Hubbard, scríbhneoir ficsin eolaíochta Meiriceánach, athair na heoleolaíochta agus is as a shamhlaíocht féin a thagann na coincheapa ar fad a leanann lucht an ‘reiligiúin’. Tháinig an eoleolaíocht ar an saol sa bhliain 1954 i ndiaidh do Hubbard éirí as an choláiste toisc gur theip air. Agus é ag labhairt faoina thréimhse i mbun scríbhneoireachta ficsin eolaíochta, tá sé ráite go ndúirt Hubbard: “Writing for a penny a word is ridiculous. If a man really wants to make a million dollars, the best way would be to start his own religion.”1 Leis seo, tá an chuma ar an scéal nach raibh sé ar intinn ag an bhfear, agus é ag cruthú lucht leanúna dó féin, daoine a threorú chun na bhflaitheas ach chun an tsaibhris dó féin, ach braitheann an tuairim seo ar cén duine a cheistítear.

Le linn thréimhse saoil na heoleolaíochta tá dóthain conspóide meallta aici, ó iarbhaill, ó na meáin, ó rialtas SAM a bhí ar thóir cánacha uathu, agus ó reiligiúin eile nach bhfuil tógtha lena gcuid modhanna. Sa bhliain 1993, d’aithin seirbhís ioncaim intíre SAM an eoleolaíocht mar reiligiún ó thaobh cánach de, agus d’fhógair David Miscavige, Cathaoirleach Bhord an Ionaid Teicneolaíochta Reiligiúnaigh (nó ceannaire, go bunúsach), gur gharsprioc don eaglais é seo.2 3 Leis an ‘mbua’ seo, bhí an Eaglais Eoleolaíochta díolmhaithe ó ghearradh cánach ina tír dúchais agus brabús glan le fáil acu ar gach ioncam agus deonachán airgid. Chuir an meon seo i dtaca leis an stádas reiligiúnach nua-aimsithe amhras ar an muintir neamh-eoleolaíoch agus tháinig an cheist chun cinn: An reiligiún nó cultas í eaglais na heoleolaíochta?

I bhfoclóir Merriam-Webster, sainmhínítear cultas mar “mionghrúpa reiligiúnach nach bhfuil mar bhall de reiligiún níos mó ná é nó de reiligiún aitheanta, agus a chreideann nithe a thuigtear do líon mór daoine a bheith dainséarach nó antoisceach.” Ní haon rún é go gcreideann tromlach na ndaoine go bhfuil an eoleolaíocht ina cultas seachas ina reiligiún agus níl siad cúthaileach faoi ach oiread. Cuireann an eaglais tréithe cultais in iúl: an modh ina gcoimeádtar a mbaill faoi smacht leis an ‘iniúchadh’ ina ndéantar ionsaithe agus imeaglú ar dhaoine leochaileacha maidir le droch-eachtraí a tharla ina saol; an méid airgid a lorgaítear óna mbaill shaibhre; agus an leabhar ‘naofa’ ar a dtugtar ‘Dianetics: The Modern Science of Mental Health’, agus mar a chuirtear in aghaidh cúram meabharghalair den sórt a nglactar leis i measc an phobail.

Chomh maith leis an doiléire a bhaineann leis an eoleolaíocht, níl imeachtaí saoil an bhunaitheora L. Ron Hubbard róshoiléir ach an oiread. Óna bhreith sa bhliain 1911 go dtí a bhás ceithre bliana is seachtó níos déanaí, chruthaigh Hubbard scamaill mhistéire don phobal i leith a shaoil phearsanta. Faoi dheireadh, sheol stróc ar shlí na fírinne é, ach dúradh le lucht na heoleolaíochta gur shroich L. Ron Hubbard an leibhéal “Thetan”, tuiscint an reiligiúin ar choincheap an anama ar an leibhéal is airde, agus gur thug sé faoi shaol nua sna flaithis. Bhí an-suim ag rialtais an domhain in Hubbard toisc go raibh amhras orthu i dtaca le seachaint nó imghabháil cánach, gné a chinntigh sé nuair a d’aistrigh sé gníomhaíochtaí scothaicme na heaglaise ar bhord báid an “Sea Org”. Sheol sé féin agus a chomhghleacaithe chun na hEorpa ar an mbád; ach bhuail fadhbanna leo sa Mheánmhuir nuair a thosaigh rialtais na dtíortha máguaird ag lorg cánach uaidh toisc go raibh a bhád ag seoltóireacht ina gcuid uiscí.4 Is í fírinne an scéil nach raibh Lafayette Ron Hubbard rófhada ón gconspóid riamh ina shaol, tréith a roinneann sé leis an reiligiún a cheap sé na blianta roimhe sin.

Is cúis suime í an eoleolaíocht do thromlach an phobail, ach idir chúrsaí airgeadais, chúrsaí cearta daonna agus ábhair mistéire iomadúla, ní bheidh tuiscint againn ar an eoleolaíocht go dtí go dtagann críoch léi—nó go dtí go dtagann deireadh le ré na mball ard-chéimeach san eaglas agus go mbeifear sásta rúin na heaglaise a roinnt leis an domhan. Ach in ainneoin go gcuireann lucht Miscavige a dtoil i bhfeidhm ar bhealaí neamhghnácha, an amhlaidh nach féidir spochadh astu toisc go bhfuil an oiread sin cosúlachtaí idir an eoleolaíocht agus reiligiúin eile an domhain? An cultas í, nó an reiligiún í? Cad is cultas nó reiligiún dáiríre, agus an féidir a rá go bhfuil an eaglais Chaitliceach ina cultas chomh maith, ar bhonn airgid agus cosúlachtaí eile?

Foinsí

  1. Methvin, E.M. (1980) ‘Scientology: Anatomy of a Frightening Cult.’ In: Reader's Digest, Bealtaine 1980.
  2. Douglas, F. (1997) ‘Scientology's Puzzling Journey From Tax Rebel to Tax Exempt’. In: The New York Times, 9 Márta 1997.
  3. Duignan, J. (2007) The Complex: An Insider Exposes the Covert World of the Church of Scientology. Baile Átha Cliath: Merlin Publishing.
  4. Miller, Russell (1987) Bare-faced Messiah: The True story of L. Ron Hubbard. London: Michael Joseph Ltd.

Comhbhuaiteoir, 2ú Duais

Iriseoireacht