Trína cuid súl tirim tinn is ar éigean a bhí Ríona in ann an íomhá thruamhéalach sa scáthán a dhéanamh amach. Ach níorbh aon drochrud é sin, dar léi. Mar más cur in iúl cruinn den ré roithleagán ina cloigeann agus an Sahára ina scornach a bhí ina cuma fhisiciúil bhí sí chomh maith as aineolach. Lomnocht a bhí sí ó bhun go barr gan tada lena colainn a chlúdach seachas stríocaí móra donna ó dhath bréige.

Maidin Dé Máirt! An dara maidin dá saol ollscoile agus cheana féin bhí sí tar éis ‘cliché’ mór a dhéanamh di féin. Lig Ríona osna aisti agus rinne iarracht mhór gan urlacan ar urlár an tseomra leapan. Gan amhras, ní bheadh an strainséir a bhí ag srannadh leis sa leaba róshásta dá ndúiseodh sé agus an t-urlár clúdaithe le múisc. Mar aon leis sin, níor theastaigh ó Ríona a chuid airde a tharraingt uirthi. Níor bhreathnaigh sí ar a aghaidh ó dhúisigh sí fiú. Samhlaigh dá mbeadh aithne aige uirthi cheana nó go mbeadh aithne súl aige uirthi de bharr thaithí na hoíche aréir as seo amach! Chuir an smaoineamh déistin uirthi. Rud eile a bhí ag cur déistin uirthi ná an boladh a bhí ag teacht uaithi; toitíní (cé nár chaith sí), beoir, vodca, sambúca, dath bréige, burgar agus ‘buachaill’…

Bheadh gá le cith i ndáiríre sula bhfágfadh sí le dul amach faoin saol mór breithiúnach. Buíochas le Dia go raibh ‘en-suite’ sa seomra. Bhí an chuma ar mo dhuine nach raibh oíche chodlata faighte riamh ina shaol aige ón ngleo a bhí ag teacht uaidh agus mar sin bhraith Ríona go mbeadh sí sábháilte go maith léim faoin uisce ar feadh cúig nóiméad.  

Lig sí do na braonta bídeacha teasa a droim a bhualadh fad is gur phlúch sí an boladh a bhí ag teacht uaithi le méid mór ‘Nivea for Men’. Agus í ag breathnú ar an linn donn uisce ag a cosa chinn sí nach raibh aon cheo uafásach déanta aici cé nár mhaith léi é a dhéanamh arís. Nach cuma gur chodail sí le strainséir agus gan mórán de chuimhne aici ar an ngníomh; nó le bheith iomlán fírinneach, ar an gcuid eile den oíche ó d’fhág sí na réamhdheochanna. Rinne gach duine sa choláiste é! Cineál deasghnáth aistrithe saoil a bhí ann agus ar a laghad bhí sé déanta go deas luath aici!

Agus í ag aireachtáil oiread na fríde níos fearr fúithi féin sheas Ríona as an gcith agus chlúdaigh a corp fuar le tuáille tais a bhí fágtha ar an radaitheoir. D’fhág cuid den dea-ghiúmar a chothaigh sí sa chith, áfach, nuair a chuimhnigh sí ar na héadaí a bheadh le caitheamh aici ar an turas abhaile— gúna beag bándearg le sála millteacha bána. Bheadh sé dodhéanta a chur ina luí ar dhaoine nach raibh inti ach ‘duine de na cailíní sin a dhéanann iarracht’ don ollscoil. Ina áit sin sórt seó a bheadh inti do ghnáthdhaoine sibhialta le deis a thabhairt dóibh aon éirí in airde iontu a scaoileadh amach le súile móra méadaithe, beola brúite le chéile mar a bheadh trosc ann, agus i gcásanna fir (gnéasaíoch; ach blaiseann an fhírinne searbh) séideadh adhairce.

Rith sé léi ansin nach raibh tuairim faoin spéir aici cá raibh sí. Ní raibh aithne aici ar an gceantar go fóill. An mbeadh sí in ann siúl abhaile nó an mbeadh bus nó tacsaí ag teastáil? Leis an mbuairt seo ag neartú d’oscail sí cuirtíní bláthacha na fuinneoige go mall réidh le seans a thabhairt dá súile pianmhara dul i dtaithí ar an solas nádúrtha. Faoiseamh! B’in an chéad rud a bhraith sí nuair a bhreathnaigh sí go drogallach amach an fhuinneog.

Bhí sí in ann balla cloiche liath an choláiste a fheiceáil. Caithfidh sé nach raibh sí rófhada mar sin óna teach féin mar go raibh radharc den choláiste aicise freisin! Dá mbeadh an t-ádh léi ní bheadh ach cúpla nóiméad siúil le déanamh. B’fhéidir fiú amháin go mbeadh sí in ann na sála a iompar ina lámh agus húdaí de chuid an bhuachalla a chrochadh léi! Buachaill, dála an scéil, a raibh an chosúlacht fós air gur theastaigh áit uaidh i ndráma ‘Codladh Céad Bliain’.

Cinnte dhéanfadh easpa sála agus húdaí an tsiúlóid i bhfad níos éasca. Bheadh sí in ann a bealach a dhéanamh abhaile i bhfad níos sciobtha agus cheapfadh daoine nach raibh inti ach sórt hiopstar dílis! Agus straois ar a haghaidh, d’oscail Ríona ceann de na cófraí sa seomra nach raibh iomlán dúnta agus bhain amach húdaí. Gan amhras, níorbh é an rud ceart le déanamh ach ní tharlódh sé arís. Rinneadh an cinneadh sin sa chith! Chuir Ríona an húdaí uirthi agus ghabh buíochas le Dia go raibh sé i bhfad rómhór agus nach raibh aon bhranda cáiliúil ar a thosach. Chabhródh sé léi íomhá réalaíoch hiopstair a chruthú. Ag caitheamh súl den uair dheireanach ar dhroim an strainséara chodlataigh, shiúil sí as an seomra ar bharr a barraicíní. Ba le bród agus lúcháir ansin a d’éirigh léi doras an tseomra chodlata a dhúnadh.

Ach chomh luath agus a thosaigh Ríona ag déanamh a bealaigh tríd an halla d’éalaigh a gliondar agus a háthas agus ina n-áit d’fhás imní agus uafás. Bhí rud éicínt mínádúrtha faoi seo ar fad. Bhraith sí go raibh beagnach seanaithne aici ar an áit. Gheallfadh sí go raibh na ballaí glasa agus na doirse adhmaid sin…

Ansin mar a bheadh bolgáin solais fíorgheal ann, thuig sí! Trí dhoras seomra codlata eile bhí an fhianaise a theastaigh uaithi; pictiúr di féin agus dá clann a chroch sí ar an mballa tráthnóna Dé Domhnaigh agus cumha uirthi! Thosaigh a croí ag preabadh amhail is gur theastaigh uaidh pléascadh, bhí allas mar a bheadh sruthán ag snámh síos a droim, bhí an phian ina cloigeann mar a bheadh casúr mór tiubh ann ag iarraidh í a chaochadh agus ní raibh ach aidhm amháin ag a bolg… Rith sí chun an leithris; rud a bhí iomlán indéanta toisc gur cois a tinteáin féin a bhí sí, agus chaith sí aníos gach ní beo dá raibh ina goile.

Nuair a tháinig sí aníos ón mbabhla le hanáil a tharraingt chuala sí glór domhain ar a cúl ag cur a tuairisce. Bhí a hainm ar eolas aige! Bhí karma ina raicleach cheart scaití! ‘Gheobhaidh mé uisce duit,’ a dúirt sé. ‘Agus a Ríona, coinnigh an húdaí. Níor thaitin sé mórán liom ar aon nós.’

Buaiteoir, 1ú Duais

Déaglitríocht